An Chéad Chaibidil: Amach san Fhiadhantacht

Sean-mhian an tsiubhail ag preabadh,
'S ag diúmhnas ar théadaí gnáthas;
An dúthchas ag musgladh ath-uair
As smior-chodladh ársaidh an chnáimh.

Ní rabh sé de ghnáthas ag Buck na páipéir nuaidheachta a léigheamh, mar dá mbíodh, bhéadh fhios aige go rabh contabhairt ag cruinniú ós a chionn féin, agus ós cionn gach madadh eile comh maith leis, a rabh fuinneamh ina chuid feitheóg agus cóta fada seascair fionnaidh air, ó Phuget Sound go San Diégó. Mar go bhfuair fir a theacht ar mhiotal bhuidhe, agus iad ag útamáil i ndorchadas an Arctic, agus mar go rabh cumainn loingise agus tráchtála ag craoibh- scaoileadh an tsaidhbhris a dtáinigtheas air, bhí na mílte fear ar an bhomaite ag déanamh deifre suas go Tuaisceart an Domhain. Bhí madaidh de dhíth ar na fir sin, agus is é an cinéal madaidh a bhí siad a iarraidh, madaidh throma a mbéadh urradh na hoibre ina gcuid feitheóg agus cótaí seascaire ortha le n-a gcosaint ar an tsioc.

Bhí Buck ina chomhnaidhe i dteach mhór i nGleann ghrianmhar Santa Clara. Badh leis an Bhreitheamh Miller an áit. Bhí an teach sin giota i leath-taoibh ón bhealach mhór, leath-fholaithe imeasc na gcrann, 'san chaoi 's go bhfuighfeá corr-radharc, ag gabháil an bealach duit, ar an bhearánda bhreagh fhionn- fhuar a bhí ag reachtáil thart ar ceithre taobh- annaí an toighe. D'fhéadfaí carr a thiomáint anonn go dtí an teach ar cheann ar bith de na cabhsaí gairbhéil a bhí ag casadh isteach eadar léantaí fairsinge, agus faoi sgáth na gcrann caorthainn a bhí ag sníomhadh a gcuid géag ina chéile. Ba fairsinge agus ba saidhbhre an áit a bhí ar chúl an toighe arais nó ós a choinne amach. Bhí stáblaí móra ann, agus dhá chloiginn déag eachlach eadar fhir agus ghasraí ag freastal ionnta, ródhannaí de thoighthe seirbh- íseach a rabh na crainn spíonóg ag cumhdach a gcuid ballaí, scaoi gan teórainn de bhóithighthe glana, garrdhantacha fada fá fhíneamhain, míodúin ghlasa, abhaill-ghuirt agus leabthacha sméar. Le n-a chois sin bhí gléas pumpála ann fá choinne an tobair faoi thalamh, agus dabhach mór stroighin ina bhfolcadh cuid mac an Bhreithimh Miller iad féin gach aon mhaidin, agus a mbíodh siad ag snámh ann nuair a bhíodh an tráthnóna te.

Agus bhí Buck 'na rígh ar an dúithche mhór seo. Seo an áit ar rugadh é, agus seo an áit ar chaith sé a shaoghal le ceithre bliadhna. Ceart go leór bhí madaidh eile ann le n-a chois. Níor bhféidir gan tuilleadh madadh a bheith 'san áit mhóir seo; ach nár chuma fá dtaobh díobhtha! Ní rabh siad ach ag teacht agus ag imtheacht, cuid aca 'na gcomhnaidhe 'na scaoite ins na crótha madadh, agus cuid eile beó gan iomrádh i bplothóig éighinteacht istigh 'sa' teach, dálta Toots, an madadh beag maol as Tír-na-Sorcha, nó Isibéal, an madadh Meicsiceach gan fionnadh - créatúir iongan- tacha nach gcuirfeadh a ngaothsán amach ar doras nó a gcos ar talamh ach go hannamh.

Madaidh sionnaigh a bhí 'sa' chuid eile, corradh le scór aca, agus ba fiadta an uaillfeairt a thógadh siad nuair a thigeadh Toots nó Isibéal 'un na fuinneóige a choimhéad amach ortha, go dtí go dtaradh sluagh de chailíní aimsire faoi airm scuab agus mopann a chosnamh na gcréatúr sin.

Ach ní rabh Buck 'na mhadadh toighe nó 'na mhadadh cró. Bhí seisean ina thighearna ar an dúithche. Léimeadh sé isteach i bpoll an tsnámha i gcuideachta chuid mac an Bhreithimh, nó d'imthigheadh sé a sheilg leó; théidheadh sé mar ghárda le Mailí agus le hEilís, nighean- acha an Bhreithimh, ar shiubhaltaí fada le clap-sholas nó go luath ar maidín; oidhcheannaí geimhridh luigheadh sé ag cosa an Bhreithimh ag craos teineadh 'sa' leabharlainn; d'iomchradh sé uaí an Bhreithimh ar a dhruim, go leagadh sé 's an fhéar iad, nó go mbeádh sé mar ghárda leó ar eachtraí fhiadhaine síos fhad leis an tobar a bhí i gcúl an stábla, agus b'fhéidir ní b'fhaide, go dtí an áit a rabh na beithidhigh ceangailte, agus go leabthacha na sméar. Shiubhaileadh sé go mall bródamhail imeasc na madadh beag, agus ní leigeadh sé air féin go rabh Toots nó Isibéal ann ar chor ar bith, mar badh eisean an t-árd-rí ar gach uile nidh dá rabh ag siubhal nó ag lámhachán nó ag eiteal fá chuid talaimh an Bhreithimh Miller, eadar dhaoine agus uile.

Uair den tsaoghal ní rabh scaradh ag an Bhreitheamh mar chomrádaidhe le hathair Bhuck, Bearnairdeach mór a dtugthaí Elmo air, agus anois bhí Buck de réir chosamhlachta ag gabháil a bheith ion-churtha le n-a athair. Ní rabh sé comh mór leis - ní rabh sé acht céad agus dá fhichid punta meadhchain - mar madadh tréadaidhe as Albain a bhí ina mháthair, Shep. Ach mar sin féin, thug an céad agus dá fhichid punta meadhchain sin, agus an uaisleacht a tháinig chuige as deagh-bheatha agus urraim an tsaoghail le n-a chois, thug sé caoi do Buck é féin a iomchur mar bhéadh rí ann. Ar feadh na gceithre mbliadhan ó bhí sé 'na choileán chaith sé saoghal duine uasail; bhí bród breagh air as féin, agus bhí sé riamh rud beag tugtha do bheith mórdhálach as féin, rud éirigheas minic go leór do dhaoine uaisle a bíos 'na gcomh- naidhe 'san tír, as siocair iad a bheith scaithte ón tsaoghal mhór. Ach shábháil sé é féin fhad 's nár éirigh sé 'na mhadadh mhillte toighe. Choinnigh sé síos an gheir agus chruadhaigh sé a chuid feitheóg ag seilg agus ag reachtáil thart fán tír ag déanamh spóirt; agus, dálta na ndaoine a bíos tugtha don tsnámh, chuidigh grádh an uisce fhuair leis é féin a choinneáil slán folláin ariamh.

Agus sin an cinéal madaidh a bhí in Buck i ndeireadh an Fhóghmhair, 1897, nuair a bhí an t-ór a dtáinigtheas air in Klondike ag tarraingt fear as gach uile cheárn den domhan suas go sioc an Tuaiscirt. Ach ní rabh suim ag Buck ins na páipéir-nuaidheachta, agus ní rabh fhios aige nach deagh-charaid a bhí i Manuel, fear de lucht páighe an gharrdhantóra. Bhí aon pheacadh amháin ag sír-leanstan do Mhanuel. Bhéarfadh sé a leath-shúil ar bheith ag imirt "Crann-Chur na Síneach." Le n-a chois sin, bhí aon locht amháin a chuaidh i bhfeadánacht ann ina chuid cearrbhachais - chreid sé i módh imeartha. Dhamnuigh sin é. Lé módh imeartha a chur i gcrích tá sé de dhíth ar fhear neart airgid a bheith ar a chúl, agus ní rabh oiread páighe ag fear conganta an gharrdhantóra agus riarfadh ar dóigh do chéile agus do mhuirighin mhóir pháistí.

Bhí an Breitheamh ag cruinniú do Chumann Lucht na Rísín, agus na stócaigh gnoitheach ag cur Cumann Cleas-Lúth ar bun, an oidhche mhór udaí a d'imir Manuel an fheall ar an mhadadh. Ní fhacaidh Críostaidhe é féin agus Buck ag déanamh a mbealaigh amach fríd an abhaill agus Buck ag déanamh gur a spaisteóracht a bhí siad ag gabháil. Agus ní fhacaidh ach aon fhear amháin iad ag teacht go dtí stáisiún beag darbh' ainm Páirc na Coláiste. Chuaidh an fear sin 'un comhráidh le Manuel, agus rinneadh trup airgid ar a mbosa.

"Ba bheag an rud duit á cheangal sul a dtugtha domh é," arsa'n stráinséir go gairgeach, agus le sin dhúbluigh Manuel giota de rópa láidir thart fá mhuinéal Bhuck faoi an choiléar a bhí air.

"Cas sin, agus tachtfaidh tú oiread agus is mian leat é," arsa Manuel, agus leig an stráinséir gnúsachtach as féin ionann 's a rádh go ndéan- fadh sé sin.

Ghlac Buck leis an rópa go ciúin bródamhail. Ceart go leór b'annamh a ghníthí a leithéid seo leis, ach d'fhoghluim sé san am a chuaidh thart taobhadh leis na fir a rabh aithne aige ortha, agus a aidmheáil go rabh tuigse aca ní ba leith- eadaighe ná bhí aige féin. Acht nuair a cuireadh ceann an rópa i lámha an stráinséara leig sé gnúsachtach chonafach as féin. Ní rabh annsin ach comhartha a bhí sé a thabhairt nach rabh sé sásta, mar chreid sé le n-a chuid bróid nach rabh aige ach an comhartha sin a thabhairt uaidh agus go ngéillfí dó. Ach, sul ar mhothuigh sé, theann an rópa fá n-a mhuinéal agus baineadh an anál de. I dtallann mire bhí sé de léim ar an fhear, ach tháinig sé sin ina araicis, fuair greim cruaidh fán sceadamán air, agus thug casadh tobann dó a chaith ar shlait chúl a chinn é. Annsin theann an rópa go neamh-thrócaireach air, agus Buck ag gabháil ar steallaigh mire ag lúbarnaigh, an teangaidh ag dúblú amach as a bhéal, agus a ucht uasal amach 's isteach le giorr-anála. Ó tháinig ann dó ní fhuair sé a leithéid de íde, agus ariamh ina shaoghal cha rabh oiread feirge air. Ach thráigh an t-urradh as, tháinig scamall ar a shúile, agus bhí a chuimhne caillte aige nuair a stopadh an traen agus chaith an bheirt fhear isteach i gcarbad na bagáiste é.

Ag teacht chuige féin arais dó, taidhbhseadh dó go rabh a theangaidh dhá gortadh agus go rabhthar dhá iomchur 'un tosaigh in ártharach éigin a bhí ag baint croitheadh as. Chualaidh sé búirthe píochánach innill ag crois-bhealach, agus bhí fhios aige annsin cén áit a rabh sé. Chuaidh sé ar aistear traenach ró-mhinic leis an Bhreitheamh gan a bheith ábalta a mhoth- achtáil gur ag gluaiseacht i gcarbad bóthair iarainn a bhí sé. Fosclaidh sé a shúile, agus le sin tigidh tallann an ríogh ghaibhte air, nár chuir smacht ariamh ar a chuid feirge. Thug an fear iarraidh greim sceadamáin a fhagháil air, ach bhí Buck ró-ghasta aige. Theann sé a chár ar an lámh, agus char leig amach an greim go dtí gur tachtadh a chéadfaí as ath-uair.

"Tig! Tig tallánnaí air," arsa'n fear, ag cur na láimhe a bhí coganta aige i bhfolach ar fhear na bagáiste, a tháinig isteach nuair a chualaidh sé tormán na troda. "Tá mé ghá thabhairt suas go 'Frisco don mhaighistir. Tá liagh madadh annsin atá speisialta ag na gnoithe, agus tá sé ag déanamh go dtig leis a léigheas."

Istigh i sgioból bheag i gcúl toighe-táibhirne ós coinne an chuain i San Francisco rinne an fear céadna a ghearán dó féin fá aistear na hoidhche sin.

"Níl mé a fhagháil ach leath-chéad ar a shon," ar seisean go fiadta; "agus cha ndéanfainn arais ar mhíle punta é, agus a fhagháil in mo dhorn."

Bhí breid fuilteach teannta ar a láimh, agus osán deas an bhríste stróctha ó ghlún go múrnán.

"Cá mhéad a fuair an diúlach eile?" arsa fear na táibhirne.

"Céad. Ní ghlacfadh sé aon leith-phighinn ní ba lugha ná sin, m'anam!"

"Sin céad go leith uilig," dar le fear na táibhirne, "agus mur fiú sin é níl tuigse agam- sa."

Scaoil an fear a d'fhuadaigh an madadh an bréid dearg de féin, agus dhearc ar a láimh a bhí millte gearrtha. "Mur bhfuil nimh 'sa' strócadh sin..."

"Mur bhfuil, ní bhfuighidh tú bás go gcrochtar thú," arsa fear na táibhirne ag déanamh gáire. "Tar annseo, 's tabhair lámh chuidighthe domh sul a dtarraingidh tú do chuid airgid," ar seisean arais.

Bhí Buck bómánta le han-íde; bhí pian uathbhásach ina sceadamán agus ina theangaidh; bhí an t-anam leath-thachtthai as, ach thug sé iarraidh throda ar lucht a chiaptha. Leagadh arís agus arís eile é, agus tachtadh gach aon iarraidh é, go dtí go bhfuarthas an coiléar bras a ghearradh dá mhuinéal. Annsin baineadh de an rópa, agus caitheadh isteach i gcinéal de chliath-bhocsa é.

Chaith sé an chuid eile den oidhche 'na luighe go tuirseamhail annsin, ag coigilt a chuid feirge agus a chuid bróid a goineadh air. Ní tháinig leis an rud a thuigbheáil. Caidé an gnoithe a bhí ag na fir choimhthigheacha sin leis ar chor ar bith? Cad chuige a rabh siad ghá choinneáil cuachta istigh 'sa' bhocsa chumhang seo? Ní rabh a fhios aige, ach mhothuigh sé an urchóid a bhí ós a chionn ag cur trom ar a chroidhe. Anois a's arís ar feadh na hoidhche léimeadh sé 'na sheasamh nuair a mhothuigheadh sé an tormán ag doras an sgiobóil dhá fhoscladh, agus é ag dúil gurbh' é seo an Breitheamh nó na stócaigh féin a bhí ag teacht chuige. Ach gach uair ariamh aca ba í aghaidh ataithe fhear na táibhirne a nochtadh isteach chuige faoi sholas bhuidhe-bhán na coinnle. Agus gach uair ariamh aca chas Buck an amhstrach lúth- gháireach a bhí ar crioth ina sceadamán gur leig gnúsachtach mhire as féin ina háit.

Ach níor bhain fear na táibhirne dó, agus ar maidín tháinig ceathrar fear isteach agus thóg an bocsa eatorra. Tuilleadh le n-a chiapadh, dar le Buck, mar bhí cuma bhrúideamhail ortha agus an t-éadach 'na bhratógaí fá n-a gcorp. Thóg sé uaillfeart dhíbhfeirgeach agus gach aon iarraidh aige ortha fríd mhaidí an bhocsa. Ní dheárn' siad ach a ghabháil a gháiridhe faoi. Bhrúigh siad isteach cipíní air, agus chuaidh seisean dhá mbriseadh le n-a chár go dtí gur smaointigh sé 'sa' deireadh gur sin a rabh siad a iarraidh. Annsin luigh sé síos go conafach, agus leig dóbhtha an bocsa a thógbháil isteach i dtrucaill. Ó sin amach chuaidh sé féin agus an bocsa a rabh sé 'n-a phríosúnach ann fríd lámha go leór. Ghlac na cléirigh in oifig na mbeart faoi n-a gcúram féin é; tugadh ar astar i dtrucaill eile é; hiomchradh ar thrucaill-ghluaistéan é fríd chnap bocsaí agus beart gur fágadh istigh ar shoitheach cuain é. Ar an taoibh eile den chuan tugadh ón tsoitheach arais é ar thrucaill go dtí stad mór na traenach, agus 'sa' deireadh fágadh síos i gcarbad i dtraen ghasta é.

Ar feadh dhá oidhche agus dhá lá mhair an carbad sin ag gluaiseacht ar chúl innill a bhí ag síor-scréachaigh; agus ar feadh an dá oidhche agus an dá lá sin níor ith Buck aon ghreim agus níor ól sé aon deoch. Ar mhéad as bhí de fheirg air 's é rud a chuaidh sé a ghnúsachtaigh leis na teachtairí a bhí ar an traen nuair a chuaidh siad a dhéanamh cinéaltais air an chéad uair, agus nuair a chonnaic siadsan seo chuaidh siad a bhobaireacht air. Chaith sé é féin in éadan na maidí ag tarraingt ortha, crioth air agus cubhar as a bhéal, agus annsin chuaidh siad a gháiridhe faoi agus a bhaint mealladh as. Chuaidh siad a ghnúsachtaigh agus a thafann leis mar bhéadh madaidh gan mhúnadh ann, chuaidh cuid aca a sceamhlaigh, agus cuid eile a chroitheadh a gcuid sciathán agus a scairtigh mar bhéadh coiligh ann. Chonnaictheas dó go rabh cuideachta shuarach aca; agus badh é sin mar ba mhó a bhí siad ag déanamh a bheag dá chuid uaisleacht- san, agus bhí an fhearg ag méadú agus ag méadú air. Ní rabh beinn aige ar an ocras mórán, ach chuir díoghbháil an uisce pianach iongantach air, agus tháinig fiabhras air le tréan toicht. Uasal, goilleamhnach mar bhí sé ó nádúir, tharraing an-íde an fiabhras sin an chéad uair air, agus chothuigh an tart é a bhí ag bruith agus ag at a sceadamáin agus a theangtha.

Ach bhí rud amháin ag cur lúthgháire air: bhí an rópa dá mhuinéal. Thug sin seans nach rabh ceart dóbhtha 'san am a chuaidh thart; acht anois nuair a bhí an rópa de, bhéadh fhios aca a athrú. Ní bhfuigheadh siad an darna rópa a chur fá n-a mhuinéal-san a choidhche. Bhí rún daingean aige fá sin. Ar feadh an dá oidhche agu an dá lá níor ith sé greim agus níor ól sé deoch, agus ar feadh an dá oidhche agus an dá lá sin chruinnigh sé lód mire a rachfadh i gcontabhairt don chéad duine a d'iarrfadh drannadh leis. D'éirigh a chuid súl comh dearg le fuil, agus rinneadh diabhal díbhfeirgeach de. Bhí sé comh hathruithe sin agus nach n-aith- neochadh an breitheamh é féin é; agus bhí na teachtairí buidheach beannachtach nuair a fuair siad caithte amach as an traen é ag Seattle.

D'iomchuir ceathrar fear an bocsa go ceath- raigheach ón trucaill isteach i ngarrdhaidh cúil a rabh ballaí árda thart air. Amach le fear leathan a rabh geansaí dearg scaoilte go breagh fá n-a mhuinéal, agus chuir sé a ainm i leabhar an tiománaidhe. Badh é an fear sin, dar le Buck, an darna duine a bhí le han-íde a thabhairt dó, agus chaith sé é féin go fiadhain in éadan mhaidí an bhocsa. Tháinig aoibh thréan ar an fhear, agus thug sé leis tuagh agus loirg-fhearsad.

"Chan fhuil tú ag gabháil 'á thabhairt amach anois?" arsa'n tiománaidhe.

"Cinnte," arsa'n fear, ag sáitheadh na tuaighe isteach eadar mhaidí an bhocsa le n-a scathadh.

Ar an bhomaite d'imthigh an scaithteach ag an cheathrar fear a d'iomchuir isteach é, agus suas ar mhullach an bhalla leó go bhfeiceadh siad an troid as an áit a mbéadh siad féin sábháilte.

D'ionnsuigh Buck na maidí a bhíthear a scoil- teadh, ag cur a cháir go domhain ionnta, agus é ag clamhairt agus ag coraidheacht leó. Gach aon áit ar bhuail an tuagh iad ar an taoibh amuigh bhí se[a]isean annsin ar an taoibh istigh, gach aon ghlam agus gach aon ghnúsachtach as, agus oiread mire air le fagháil amach agus a bhí de fhonn chiúin ar fhear an gheansaí dheirg é a leigint amach.

"Anois, a dhiabhal na súl dearg!" ar seisean, nuair a bhí oiread foscailte aige agus leigfeadh amach corp an mhadaidh. Le sin chaith sé uaidh an tuagh agus d'athruigh an loirg-fhearsad go dtí n-a láimh dheis.

Agus ba mhaith an t-ainm diabhal na súl dearg ar Bhuck nuair a chruinnigh sé é féin i gcionn a chéile fá choinne an léim, an fionnadh 'na sheasamh air, an cubhar as a bhéal, agus lionnir mhire ina shúile fuilteacha. Caol díreach ar an fhear chaith sé é féin, céad agus dá fhichid punta de mhire, agus lód an dá oidhche agus an dá lá de thocht ag réabadh as. Anáirde 'san aer, go díreach nuair a bhí sé ag gabháil a dhrud a ghialltaí ar an fhear, fuair sé buille a bhain stad as a chorp agus a thug a chár i gcionn a chéile le tuaim phianaigh. Thionntóidh sé 'san aer, agus cnagadh ar an talamh é ar a dhruim agus ar a thaoibh. Níor cnagadh le loirg-fhearsad ariamh aroimhe ina shaoghal é, agus ní rabh fhios aige caidé a tháinig air. Leig sé glam as féin a bhí eadar a bheith 'na thafann agus 'na screid, ar a chosa arais leis agus thug an darna léim. Tháinig an buille arais agus tugadh 'na chnap 'un talaimh é. D'athain sé an iarraidh sin gurbh í an loirg-fhearsad a rinne é, ach bhí oiread mire air agus nach rabh sé ag iarraidh é féin a fhaithchill. Dhá uair déag a léim sé, agus gach aon uair ariamh aca stop an loirg-fhearsad é agus tháinig sé 'na chnap 'un talaimh.

'San deireadh nuair a fuair sé buille a bhí iongantach fiadta, streachail sé é féin ar a bhonnaí agus é ró-chlaoidhte le léim a thabhairt. Shnámh sé thart go bacach, an fhuil ag dórtadh as a ghaothsán agus as a bhéal agus as a chluasa, agus a chóta áluinn fionnaidh báidhte le cubhar fola. Le sin tháinig an fear 'un tosaigh dh'aon- ghnoithe agus chnag 'sa' ghaothsán é le buille gan trócaire. Iomlán ar fhuiling sé de phianaigh níor dhadadh é le taoibh an smior-phian a thug sin dó. Leig sé búirthe as féin a bhí chóir comh díbhfeirgeach le búirthe leomhain, agus chaith é féin ar an fhear arais. Ach ní dheárn' an fear ach an loirg-fhearsad a athrach ón láimh dheis go dtí an lámh chlí agus é a bhualadh gan bhraodar i mbun an ghéill, 'san am chéadna ag tabhairt casadh tobann siar agus síos dó. Baineadh tionntódh iomlán as Buck 'san aer, agus leath-thionntódh eile, annsin teilgeadh go tobann ar an talamh é ar a chloigeann 's ar a bhrollach.

Thug sé an léim dheireannach. Bhuail an fear é leis an bhuille ealadhanta a thaisgidh sé dh'aon-ghnoithe go dtí seo, agus thuit Buck 'na chnap, agus an mothú buailte glan as.

"Chan ciotamán ar bith é sin ag briseadh madadh; sin an rud adeirim-sa," arsa fear dá rabh ar an bhalla go fonnmhar.

"Brisfidh Drútar isteach beathach allta lá ar bith den tseachtmhain, agus cúpla ceann Dia Domhnaigh," arsa an tiománaidhe, ag tabhairt léim ar an trucaill agus ag tabhairt a gcinn do na caiple.

Tháinig a mhothú chuig Buck arais, ach cha dtáinig a chuid urraidh. D'fhan sé 'na luighe annsin 'san áit ar thuit sé, agus chuaidh a choimhéad an fhir a rabh an geansaí dearg air.

"Tig sé leis an ainm `Buck,'" arsa an fear leis féin, ag smaointiú ar an leitir a chuir fear na táibhirne ag innse go rabh an bocsa agus an madadh a bhí ann ar an bhealach. "Bhal, Buck, a mhic," ar seisean i nglór chinéalta, "tá ar dtroid bheag thart, agus 'sé an rud is fearr dúinn a dhéanamh é a fhágáil mar sin. Tá fios do ghnoithe agat duit féin anois, agus agam-sa domh féin. Bí 'do mhadadh mhaith, agus rachfaidh an saoghal i gceart, agus béidh am breagh againn. Bí 'do dhroch-mhadadh agus súisteáilfidh mise na putógaí asat. 'Dtuig- eann tú mé?"

Le sin tháinig sé gan eagla agus chumail an chloigeann a bhí sé i ndiaidh a ghreadadh gan trócaire, agus cé gur sheasuigh an fionnadh ar mhuinéal an mhadaidh nuair a mhothuigh sé an lámh, d'fhuiling sé é gan bogadh. Nuair a thug an fear uisce chuige d'ól sé go fonnmhar, agus tamall ina dhiaidh sin shlug sé béile breagh de fheóíl gan bhruith, alp ar alp, as láimh an fhir.

Bhí sé buailte (bhí a fhios sin aige); ach ní rabh sé briste. Chonnaic sé nach rabh maith dó a choidhche drannadh le fear a mbéadh loirg- fhearsad leis. D'fhoghluim sé an ceacht sin, agus i rith a shaoghail ina dhiaidh sin ní dheárn' sé dearmad ariamh de. D'fhoscail an loirg- fhearsad a shúile dó. Badh é sin an dóigh ar cuireadh dligheadh an tsaoghail fhiadhain in aithne dó, agus chuaidh sé féin leath bealaigh in araicís an dlighidh. Tháinig gnúis ní ba fiadta ar an tsaoghal aige; agus cé gur sháirigh ar an ghnúis sin a spiorad a bhriseadh, chuaidh sé ós a coinne agus a rabh de ghliocas folaithe ina nádúir ó dhúthchas muscailte ann. Lá ar lá tháinig madaidh eile isteach, cuid aca i gcliath-bhocsaí agus cuid ar éill, cuid aca go suaimhneach, agus cuid eile ag búirthigh le mire mar bhí sé féin; agus chonnaic sé iad, gach ceann ariamh aca, ag gabháil faoi smacht an fhir a rabh an geansaí dearg air. Agus arís agus arís eile, gach uair dá bhfacaidh sé an troid bhrúideamhail, chuaidh an ceacht ní ba daingne ina chroidhe do Bhuck; fear ar bith a rabh loirg-fhearsad ar iomchur leis fear féidhmnighthe dlighidh a bhí ann, maighistir a gcaithfí géilleadh dó, ach nach rabh fiachadh ar bith ort mór a dhéanamh leis. Sin rud amháin nach rabh Buck ariamh cionntach ann ar scor ar bith; cé go bhfacaidh sé madaidh eile nuair a bhí siad buailte ag déanamh suas leis an fhear, ag croitheadh a rubaill leis, agus ag lighe a láimhe. Ach annsin chonnaic sé madadh amháin fosta, madadh a dhiúltuigh mór a dhéanamh leis an fhear nó géilleadh dó ar dhóigh ar bith, dhá mharbhadh 'sa' deireadh sul a leigfí an mhaighistreacht leis.

Anois agus arís thigeadh fir isteach, stráinséirí, agus rachadh siad a chainnt go dúthrachtach, go meallacach, agus i ngach uile chinéal glórthaí, le fear an gheansaí dheirg. Agus i gcomhnaidhe nuair a bheireadh siad airgead dó d'imthigheadh na stráinséirí sin agus madadh amháin ar a laighead leó. Bhí iongantas ar Bhuck cén áit a dtéidheadh siad, mar ní thigeadh aon cheann aca arais ní ba mhó; ach bhí an dubh-eagla air roimh an am a bhí le theacht, agus bhí lúth- gháir air gach aon uair ariamh cionn as nárbh' eisean a toghadh.

Ach thuit sin ar a chrann 'sa' deireadh. Tháinig fear beag cam-ghnúiseach a bhí ag caitheamh Béarla briste as a bhéal agus molltraí de fhoclaí saoitheamhla coimhthigheacha nach rabh iontuigthe ag Buck ar chor ar bith.

"Sacredam!" ar seisean, nuair a leag sé a shúile ar Bhuck. "Nach damánta breagh an madadh é sin! Éh! Cá mhéad?"

"Trí chéad, agus pronntanas atá ann ag sin," arsa fear an gheansaí dheirg ar an bhomaite. "Agus ó's rud é gur airgead an Riaghaltais atá ann, ní fhéadann tú a bheith sanntach fá dtaobh de, éh, a Pheireóilt?"

Tháinig aoibh ar Pheireólt. Ó's rud é go rabh luach madadh ag gabháil suas as miosúr ar siocair an iarraidh a bhí ortha 'san am, níor shuim iongantach ar bith trí chéad mar luach ar a leithéid dhe bheithidheach bhreagh. Ní chaill- feadh Riaghaltas Chanada go maith nó go holc leis, agus níor bh'fhadálaighe ar bealach a gcuid leitreach le n-a linn. Bhí tuigse ag Peireólt do mhadaidh, agus nuair a dhearc sé ar Bhuck d'athain sé gur ceann 'sa mhíle a gheobhfá ion-churtha leis - "One in ten t'ousand," ar seisean ina intinn féin.

Chonnaic Buck airgead ag gabháil ó dhuine go duine aca, agus mar sin de ní rabh iongantas ar bith air nuair a leigeadh é féin agus Curly, madadh soineannta as Tír-an-Éisc, ar shiubhal ar éill le fear beag na camghnúise. Sin an t-amharc deireannach a fuair sé ar fhear an gheansaí dheirg, agus tamall 'na dhiaidh nuair a bhí sé féin agus Curly 'na seasamh ar bord an "Narwhal" agus Seattle ag éalódh uabhtha, fuair sé an t-amharc deireannach go deó ar mhachairí teodha an Deiscirt. Thug Peireólt é féin agus Curly síos ar íochtar agus d'fhág iad faoi chúram fathaigh dhubh-ghnúisigh de fhear ar bh'ainm dó François. Badh de Fhranncaigh Chanada Peireólt é féin, agus bhí sé dorcha go breagh 's an aghaidh; ach ba mheasgach de Fhrann- caigh Chanada agus de Chiardhúbhánaigh Mheiriceá François agus bhí seisean dhá uair comh dorcha. An dream seo fear, bhí siad coimhthigheach ag Buck (ach bhí sé i ndán dó go leór dá leithéidí a fheiceáil go fóill), agus cé nar théigh a chroidhe riamh leó, mar sin féin tháinig urraim aige dóbhtha go hionraice le ham. Ba ghoirid go bhfacaidh sé gur fir fhéar- áilte a bhí i bPeireólt agus i bhFrançois, fir chiúine a bhéarfadh comhthrom na Féinne uabhtha, agus a bhí ró-thuigseach i ngnoithe madadh le leigean do na madaidh amadáin a dhéanamh díobhtha.

In eadar-bhórdaí an "Narwhal," bhuail Buck agus Curly suas le dhá mhadadh eile. Madadh mór geal as Spitzbergen a bhí i gcionn aca. Caiptín iascaireachta a thug ar shiubhal é, agus chuaidh sé ar astar cheana féin amach 's na Fásaigh le lucht suirbhéireachta. Bhí sé carth- annach, ar dhóigh a bhí fealltach, mar dhéanfadh sé gáire isteach in d'aghaidh agus é ag smaointiú ar chleas folaithe a imirt ort, dálta mar ghoid sé cuid den chéad bhéile a fuair Buck. Thug Buck léim air a bhaint sásamh as, ach le sin tháinig fuip le François ag siosarnaigh fríd an aer agus anuas ar an ghadaidhe ar tús, agus ní rabh le déanamh ag Buck ach an cnámh a sgiobadh arais. Dar leis go deárn' François an chóir go fíor, agus ó sin amach thoisigh meas a dh'éirghe aige ar an mheasgach.

I dtaca leis an mhadadh eile de, ní dheárn' sé mór nó beag leó, nó iad leis; agus le n-a chois sin níor iarr sé biadh ar bith a ghoid ó na madaidh úra. Diúlach duibhlionnta gruamdha a bhí ann, agus thaisbeáin sé go soiléir do Churly nach rabh 'e dhíth air ach leigean dó, agus rud eile de, go mbéadh trioblóid ann mara leigfí dó. "Dáibhí" an t-ainm a bhí air, agus ní dhéanadh sé a dhath ach ithe agus codladh, agus corr-mhéanfach a leigean as féin, agus ní rabh suim aige i rud ar bith, gan fiú nár bhog sé nuair a bhí an "Narwhal" ag gabháil trasna Queen Charlotte Sound agus í ó thaoibh go taoibh ag preabadaigh agus ag léimnigh mar bhéadh an diabhal innti. Nuair a chuaidh Buck agus Curly a thafann, agus iad leath as a gcéill le heagla, thóg sé a cheann mar bhéadh fearg air, thug amharc droch-mheasamhail ortha, chuaidh a mhéanfaigh, agus thuit thart ina chodladh arais.

De lá agus de oidhche bhí an soitheach ag preabadaigh léithe le síor-bhualadh na gcéas- laidh, agus cé go rabh gach aon lá aca cosamhail leis an lá eile, shonnruigh Buck go rabh an aimsir ag éirghe ní b'fhuaire i dtólamh. Ach san deireadh, maidín amháin, chuaidh na céaslaidheacha fá chomhnuidhe, agus d'éirigh iomlán a rabh ar an "Narwhal" iongantach gnoith- each. Thug Buck agus na madaidh eile sin fá dear, agus bhí fhios aca go rabh athrú éigin ag teacht. Chuir François iall ortha agus thug suas ar bord iad. An chéad choiscéim ar an bhord fhuar chuaidh cosa Bhuck síos i rud gheal bhog- mhín a bhí iongantach cosamhail le clábar dar leis. Léim sé ar a chúl agus é ag gnúsachtaigh. Bhí tuilleadh den rud bhán seo ag tuitim anuas as an aer. Chroith Buck é féin, ach thuit tuill- eadh de air. Chuaidh sé a mhothachtáil an stuf bháin le n-a ghaothsán, agus annsin ligh sé cuid de le n-a theangaidh. Chuir an stuf bán gread ina theangaidh mar dhéanfadh aibhleog bheó, ach seal fhaiteadh na súl ina dhiaidh sin níor mhothuigh sé greadfach nó stuf bán. Ní rabh fhios ag Buck caidé ba chionntaigh le sin. Ligh sé arais é, agus d'éirigh mar an gcéadna dó. Chuaidh na fir a bhí ag coimhéad air a gháiridhe ós árd, agus tháinig náire air, agus ní rabh fhios aige cad chuige, mar badh é sin a chéad shneachta.

2014-01-04 CPD