Níor shamhailt don chéad lá a chaith Buck ar thráigh Dyea ach tromluighe. Ní rabh aon uair dá ndeachaidh thart nach bhfuair sé scannradh nó ádhbhar úr iongantais. Tugadh de léim amháin é as croidhe na sibhialtachta agus caitheadh isteach i lár an tsaoghail fhiadhain é. Chan saoghal fallsa grianmhar ar bith a bhí annso, gan a dhath le déanamh ach siubhal thart go spadánta. Cha rabh suaimhneas nó sgíthiste annso nó ionad sábháilte ag neach beó ann. Bhí an saoghal in aimhréidhtigh agus ag síor- bhogadaigh, agus gach aon bhomaite den lá bhí do chorp i gcontabhairt. Ní rabh de sheifte agat ach a bheith ar do choimhéad i gcomh- naidhe; chan madaidh baile mhóir nó fir baile mhóir a bhí thart ort annso. Bhí siad allta, an t-iomlán díreach aca; ní rabh dligheadh ar bith ann ach dligheadh an cháir agus an smaichtín.
Chan fhacaidh Buck ariamh madaidh ag troid mar throideadh na créatúir sin a bhí uilig an tsaoghail mar bhéadh mic tíre ann, agus leis an chéad aithne a fuair sé ortha d'fhoghluim sé ceacht nach dtiocfadh leis dearmad a dhéanamh de. Ceart go leór níor dó féin a thárluigh sé, mar dá mbadh dó, ní bhéadh sé ann le sochar a bhaint as an cheacht arais. Curly a fágadh shíos leis. Bhí siad ag campáil in aice le cábán adhmaid a rabh siopa ann, agus chuaidh sise, leis an dóigh charthannach a bhí aice, a dhéanamh mór le madadh allta a bhí fá mhéid mic tíre a bhéadh fá bhun a fháis, cé nár fhág sin leath comh mór léithe féin é. Ní thug sé comhartha ar bith uaidh, ach léim isteach mar bhéadh soillse ann, bhain tuaim mhiotail as a chár, léim amach arís lán comh tapaidh, agus bhí aghaidh Churly stróctha ó shúil go giall.
Badh é sin dóigh an mhic tíre le troid, bualadh agus léim a thabhairt ar shiubhal; ach bhí ní ba mhó ná sin ann. Reath eadar deich gcinn fhichead agus dhá fhichid de mhadaidh fiadhaine agus chruinnigh thart ar na trodaidheannaí ina gcearcaill chiúin choimhéadach. Ní rabh fhios ag Buck cad chuige a rabh siad comh ciúin coimhéadach sin, nó caidé thug ortha a bheith ag lighe a gcuid soc comh fonnmhar agus bhí siad. Thug Curly rása ar a námhaid, ach stróc seisean arais í agus thug léim i leath-taoibh. Thug sí an darna rása agus cheap sé le n-a ucht í, ar dhóigh choimhthigheach a chuir ise dá cosa. Níor éirigh sí 'riamh ní ba mhó. Sin an rud a rabh na madaidh fiadhaine ag fanacht leis. Dhruid siad isteach ina mullach, ag glamaighil agus ag sceamhlaigh, agus bhí sí curtha, agus gach aon scread phianaigh aice, faoi shluagh dhíbhfeirgeach na conairte.
Thárlaigh sé comh tobann sin, agus gan é ag dúil leis, agus gur baineadh geit as Buck. Chonnaic sé Spitz ag cur amach a theangaidh dhearg ar dhóigh a bhí aige le gáire a dhéanamh; agus chonnaic sé François ag gabháil 'e léim ar chnap na madadh agus é ghá gcnagadh le tuaigh. Tigidh triúr eile fear agus loirg-fhearsaideacha leó a chuidiú leis iad a scabadh. Níor bhain sin i bhfad asta. Dhá bhomaite ón am ar thuit Curly, bhí an madadh deireannach dá náimhde buailte ar shiubhal uaithe. Ach bhí sí féin 'na luighe annsin gan mhothú 'sa' tsneachta bhrúighte, í báidhte ina cuid fola, a corp chóir a bheith stróctha ina ghiotaí, agus an measgach ina sheasamh ós a cionn ag mallachtaigh go tréan. Is iomdhaidh uair arais a tháinig an radharc sin chuig Buck a chur trioblóide air ina chodladh. Agus badh é sin an dóigh a bhí aca! Ní rabh comhthrom na Féinne nó comhthrom ar bith eile ann. Aon uair amháin a bhí tú shíos bhí deireadh leat. Bhal, dhéanfadh seisean cinnte dó féin nach rachfadh sé síos a choidhche ar scor ar bith. Le sin tugaidh sé fá dear Spitz ag cur amach a theangtha arais a gháiridhe, agus ón bhomaite sin amach thug Buck fuath searbh dó nár scar ariamh uaidh.
Ach ní rabh sé i gceart thar an scannradh a fuair sé nuair a tugadh an bás tobann do Churly go dtí gur baineadh geit arais as. Cheangail François cóiriú de strapaí agus de bhuclaí air. Srathar a bhí ann, cosamhail le mar tchídheadh sé na heachlaigh a chur ar na caiple 'sa' bhaile. Agus dálta mar tchídheadh sé na caiple sin ag obair, tugadh air féin oibriú 'sa' dóigh chéadna anois; b'éigean dó François a tharraingt ar sléigh chun na coilleadh a bhí thart ar imeall an ghleanna, agus pilleadh an dóigh chéadna ag tarraingt lód smután fá choinne teineadh. Ghoin sé go géar ina chuid uaisleachta é a chur a tharraingt ualaigh mar sin, ach bhí sé ró- chríonna le ghabháil in eas-umhlaidheacht. Luigh sé leis an obair go fonnmhar agus rinne a dhíth- cheall, cé go rabh seo uilig nuaidh coimhthigh- each aige. Bhí François géar, ag dúil go ndéanfaí an rud a d'iarrfadh sé ar an bhomaite, agus ag tabhairt ortha an rud a d'iarrfadh sé a dhéanamh go tapaidh le cumhacht na fuipe. Le n-a chois sin bhí Dáibhí ann, agus é eólach ar chúrsaí sléigh, agus bhaineadh sé greim as Buck fán cheathramhadh deiridh gach aon uair 'á dtéidheadh sé contráilte. Bhí Spitz annsin fosta, 'na mhadadh tosaigh, eólach mar an gcéadna, agus cé nach dtiocfadh leisean ghabháil fhad le Buck i gcomhnaidhe, leigeadh sé gnúsachtach chonafach as féin mar achmhusán anois as arís, agus chuireadh a mheadhchan ar leath- taoibh go géar-chúiseach ar na sriantaí le Buck a tharraingt isteach an bealach ar cheart dó a ghabháil. Ach d'fhoghluim Buck go furas, agus leis an teagasg a thug a dhá chomrádaidhe agus François dó bhí sé ag éirghe eólach gach aon bhomaite. Sul a rabh siad arais 'sa' champa bhí tuigse aige stopadh nuair a déarfaí "hó," a ghabháil 'un tosaigh nuair a déarfaí "muis," léithead maith a thabhairt leis ag teacht thart ar na coraidheacha, agus coinneáil 'un tosaigh as cosán an mhadaidh deiridh nuair a bhíodh an sléigh lódáilte ag teacht go gasta anuas an mhalaidh ar a sála.
"Is breagh na trí mhadadh iad," arsa François le Peireólt. "Buck sin, tarraingeann sé mar bhéadh an diabhal ann. Béidh sé foghluimnithe agam sul a mothuighidh tú."
B'fhada le Peireólt go bhfaghadh sé ghabháil i gcionn an bhealaigh le n-a chuid leitreach. Tháinig sé isteach tráthnóna agus dhá mhadadh úra leis. "Bilí" agus "Joe" an t-ainm a bhí aige ortha. Dhá dheárthair a bhí ionnta, agus badh de bhunadh fiadhain na tíre an bheirt. Agus cé gur dhís na haon-mháthara a bhí ionnta, bhí oiread duifir eatorra agus atá eadar an oidhche agus an lá. 'Sé an t-aon locht a bhí ar Bhilí go rabh nádúir ró-mhaith aige, ach badh é a mhalairt sin do Joe é. Bhí seisean dubhrúnta searbh, an cár ag síor-nochtadh aige agus súil uilc aige. Chuir Buck fáilte rompa go carthannach, níor chuir Dáibhí chuca nó uatha, agus níor stad Spitz gur ghread sé an bheirt aca as éadan a chéile. Chuaidh Bilí a chroitheadh a rubaill leis ag iarraidh síothcháin a dhéanamh, agus nuair a chonnaic sé nach rabh maith dó annsin bhain sé ar shiubhal amach ag teicheadh roimhe, agus thoisigh a sceamhlaigh (ag iarraidh síothcháin a dhéanamh i rith an ama) nuairt a stróc Spitz anuas 'sa' taoibh é le n-a chár géar. Ach i dtaca le Joe de, is cuma caidé mar d'fhéachadh Spitz le theacht thart air, thigeadh seisean thart go tapaidh ar a chosa deiridh ós a choinne, an fionnadh ina sheasamh ar a mhuinéal, a chluasa siar aige, ag casadh a bhéil agus ag glamaighil, ag cnagadh a cháir ar a chéile comh tiugh géar agus thiocfadh leis, agus loinnir dhiabhail ina shúile - ioncholnú dhíbhfeirgeach na heagla. Bhí cuma comh millteanach sin air agus go dtug Spitz suas a bheith ghá chur faoi n-a smacht; ach nuair a chonnaic sé gur sháirigh air thionntóidh sé arais ar Bhilí ghránda nach rabh ag déanamh a dhath ar aoinneach ach ag caoineadh, agus dhíbir sé isteach go dídean an champla é.
Ní ba mhoille 'sa' tráthnóna fuair Peireólt madadh eile, sean-"huscaí," madadh fada caol cnámhach a rabh a aghaidh millte le colmnacha troda agus súil amháin aige a rabh loinnir innte a bhéarfadh le hinnse duit gur bh'é do leas urraim a thabhairt dó. Sol-leks an t-ainm a bhí air, ainm arbh é an chiall a bhí leis "fear na feirge." Dálta Dháibhí, ní rabh sé ag iarraidh a dhath, ní thugadh sé a dhath uaidh, agus ní rabh sé ag dúil le a dhath; agus nuair a mháir- seáil sé go mall dána isteach ina measc níor iarr Spitz féin drannadh leis. Acht bhí sé de mhí- fhortún ag Buck a fhagháil amach go rabh poinnte amháin corr ann. Níor mhaith leis aoinneach a theacht dá chomhair ar thaoibh na súile daille. Tháinig Buck ar an taoibh sin gan mhothú air, agus 's é an chéad chomhartha a fuair sé go ndeárn' sé sin as cosán Sol-leks theacht air sul ar mhothuigh sé agus gág a fhágáil ina ghualainn isteach go cnáimh trí hórdlaí anuas a's suas. Ariamh ina dhiaidh sin choinnigh Buck amach ó thaoibh na súile daille aige, agus ní rabh ní ba mhó trioblóide eadar an bheirt aca fhad 's mhair siad i gcomrádaidheacht a céile. De réir chuma ní rabh ag an mhadadh seo 'á iarraidh, dálta Dháibhí, ach leigean dó; ach chonnaic Buck ina dhiaidh sin go rabh mian amháin eile araon aca a bhí i bhfad ní ba treise.
An oidhche sin fuair Buck ceist mhór an chodlata ós a choinne. Bhí an cábán annsin, agus coinneal lasta ann, agus loinnir sheascair as i gcroidhe na machaire báine. Isteach leis, mar ba dual dó ar ndóighe, ach le sin féin tigidh François agus Peireólt 'sa' mhullach air le scaoi mallacht agus gléasaraí cócaireachta, agus nuair a gheibh sé thar an iongantas a thig air teichidh sé go tútach amach faoi'n spéir chaillteach. Bhí gaoth pholltach ag séideadh, agus í ag baint liomógaí géara as agus ag ithe isteach 'sa' chreidh a bhí ar a ghualainn mar bhéadh nimh innte. Luigh sé síos ar an tsneachta annsin agus d'fhéach le codladh a dhéanamh, ach níorbh fhada gur chuir an sioc ar a bhonnaí arais é ar bharr amháin creatha. Fuar, conáilte, shiubhail sé leis thart fá scaoi na gcábán, ach bhí gach aon áit ann comh fuar leis an áit eile. Anois agus arís thigeadh madaidh fiadhaine dhe rása air, ach chuireadh seisean an fionnadh ina sheasamh ar a mhuinéal agus nochtadh a chár a ghlamhairt ortha (mar bhí sé ag foghluim go tapaidh), agus annsin leigeadh siad le n-a ghnoithe féin é gan baint dó.
'San deireadh spreag smaointeadh é. Phillfeadh sé go dtí go bhfeiceadh sé caidé mar bhí a chuid comrádaidhe féin ag déanamh as. Ba mhór an t-iongantas a bhí air nuair nach rabh siad le feiceáil shíos nó shuas. Shiubhail sé an campa mór arais, ghá gcuartadh, agus phill an darna huair. An rabh siad 'sa' chábán? Ní rabh. Níor bh'fhéidir go rabh, nó dá mbéadh ní dhíb- reochaí eisean amach as. Mar sin de cén áit faoi'n spéir a mbéadh siad? Bhí a ruball síos leis agus a chorp ar bharra creatha; bhí an créatúr conáilte, agus é ag siubhal thart agus thart ar an chábán gan fhios aige cá rachadh sé. Le sin féin brisidh an sneachta faoi n-a chosa tosaigh agus siud síos ann é. Chuaidh rud éighinteacht a lúbarnaigh faoi n-a chosa. Thug sé aon léim amháin ar gcúl, ag glamhairt agus an fionnadh ag éirghe air, ag scannradh roimh an neach nach rabh le feiceáil nó le haithne aige. Ach rinneadh glam bheag charthannach a thug uchtach dó, agus chuaidh sé arais a bhreathnú. Tháinig gal de anáil the aníos go dtí n-a ghaothsán, agus caidé a gheibh sé ann ach Bilí, agus é cuachta 'na chnap bheag sheascair istigh faoi'n tsneachta. Chuaidh sé sin a chaoin- eadh go síothchánach, thoisigh dhá lúbadh agus dhá chasadh féin le n-a thaisbeáint gur caraid a bhí ann, agus gan fiú nach ndeachaidh sé a lighe Bhuck 'san aghaidh le n-a theangaidh fhliuch the, mar i ndúil 's go dtabhairfeadh sé a shuaimhneas dó.
Ceacht eile. Agus sin mar ghnídheadh siad é, ar bh'eadh? Chuaidh Buck go misneamhail gur thogh sé áit dó féin, agus le mórán glamhair- eacht agus saothair gan riachtanas fuair sé poll a thochailt. Ní rabh sé bomaite go rabh an áit chumhang líonta le teas a choirp agus go rabh sé 'na chodladh. Bhí lá fada tuirseamhail istigh aige, agus anois chodail sé go trom seascair, cé go leigeadh sé gnúsachtach nó tafann as féin anois agus arís ag coraidheacht le droch- bhrionglóidí.
Súil níor fhoscail sé go dtí gur mhuscail an tuaim é a bhí ag lucht an champa ag éirghe. Ní rabh fhios aige an chéad uair cá rabh sé. Thuit sneachta fríd an oidhche agus bhí sé curtha glan anois. Bhí na ballaí sneachta ghá bhrú ar gach aon taoibh, agus réab tonn uathbhásach eagla fríd - eagla an bheithidhigh fhiadhain roimh an dul. Comhartha a bhí annsin go rabh dúthchas a shinnsir dhá ath-bheodhadh ann; mar madadh sibhialta a bhí ann, madadh ró-shibhialta, nach rabh eólas ar bith aige féin ar dhulannaí agus, mar sin de, nach dtiocfadh leis eagla a bheith air as féin roimhe an dul. Chruinnigh feitheógaí a chuirp uilig in a gcnap go tobann agus gan iarraidh, sheasaigh an fionnadh díreach ar a mhuinéal agus ar a shlinneáin, leig sé glam fiadta as féin agus léim anáirde díreach amach i solas dalltach an lae, agus an sneachta dhá scabadh uaidh ina néal loinnireach. Ní rabh sé ina sheasamh ar a bhonnaí go bhfacaidh sé an campa geal ós a choinne agus go rabh fhios aige cá rabh sé agus go rabh cuimhne aige ar gach aon rud ar tharluigh ón am a chuaidh sé a spais- teóracht le Manuel go dtí gur thochail sé an poll dó féin an oidhche roimh ré.
Níor luaithe a nocht sé ná leig François aon scairt amháin. "Wot I say?" arsa tiománaidhe na madadh ag cainnt le Peireólt. "Tá Buck sin comh gasta ag foghluim le a dhath dhe bhfacaidh mise ariamh."
D'aontuigh Peireólt go sollamhnach leis le n-a chionn. Mar theachtaire do Riaghaltas Chanada, agus leitreacha mór-luachacha le hiom- chur aige, bhí sé i bhfáthach le toghadh na madadh a fhagháil, agus bhí lúthgháir fá leith air as greim a fhagháil ar Bhuck.
Bhí trí "huscaí" eile curtha i gcuideachta an bhuidhin taobh istigh de uair an chluig. D'fhág sin naonbhar aca uilig ann, agus sul a rabh ceathramhadh uaire eile caithte bhí srathar ortha agus iad ag gluaiseacht suas an rian-chosán ag tarraingt ar Chañon Dyea. Bhí lúthgháir ar Bhuck a bheith ar shiubhal, agus ce'go rabh an obair cruaidh ní fhuair sé mórán fonn air féin dí-mheas a bheith aige uirthe. Bhí iongantas air fán dóigh a rabh an bhuidhean uilig i bhfáthach le n-a ndíthcheall a dhéanamh agus fán dóigh ar chuir siad an fonn céadna air féin; ach ba mhó ná sin arais an t-iongantas a bhí air fán athrú a tháinig ar Dháibhí agus ar Sol-leks. Madaidh úra a bhí ionnta anois; ní aithneochá iad leis an athrú a tháinig ortha le linn an srathar a ghabháil ortha. Thuit an fhallsacht agus an spadántacht ar shiubhal díobhtha. D'éirigh siad gasta dearcach, gan ar a mian ach a ngnoithe a dhéanamh go maith, agus fearg dhíbhfeirgeach ortha le neach ar bith a chuirfeadh na sriantaí in aimhréidhtigh nó a choinneochadh an obair ar gcúl. Déarfá gurbh é saothar na sriantach an manadh mór a bhí aca ina mbeatha, gurbh é sin an t-aon rud amháin a rabh sásamh aca as.
Badh é Dáibhí an madadh deiridh, madadh an tsléigh; badh roimhe-san a bhí Buck ag tar- raingt, agus annsin Sol-leks; bhí an chuid eile den mheitheal ag tarraingt as éadan a chéile rompa-san, ceann dhe réir ceann, amach go dtí an madadh tosaigh (an taoiseach), agus badh le Spitz an áit sin.
Dh'aon-ghnoithe a cuireadh Buck isteach eadar Dáibhí agus Sol-leks, le teagasg a thabh- airt dó. Géar-chúiseach agus a bhí sé mar scoláire, bhí siad-san lán comh géar-chúiseach mar mhúinteóirí, agus níor leig siad ariamh dó leanstan i bhfad don dóigh chontráilte, ach thug air glacadh le n-a dteagasg le n-a gcár géar. Bhí Dáibhí ionnraice agus bhí sé iongantach tuig- sionnach. Níor bhain sé greim ariamh as Buck gan ádhbhar, agus ní dheárn' sé faillighe ariamh greim a bhaint as nuair a bhíodh sin a dhíth air. Le n-a chois sin bheireadh François congnamh na fuipe dó, agus chonnaic Buck gurbh fhusaide dó féin a chuid dóigheann a cheartú ná a ghabháil a bhaint éirice amach. Uair amháin, nuair a rinne siad sgíthiste beag, chuaidh sé in aimh- réidhtigh ins na strapaí agus bhain moill asta ag toiseacht arais dóbhtha, agus ní dheárn' Dáibhí agus Sol-leks a dhath amháin ach léim a thabhairt air agus íde mhaith a thabhairt dó. Bhí siad in aimhréidhtigh annsin ní ba mheasa ná bhí riamh, ach ó sin amach choimhéad Buck na sriantaí a choinneáil réidhtithe. Sul a rabh an lá istigh bhí sé comh heólach sin ar a chuid oibre agus go rabh deireadh ag a chuid comrádaidhe beagnach le bheith ag baint greimeann as. Ní rabh fuip François ag siosarnaigh leath comh minic, agus thug Peireólt oiread de onóir do Bhuck agus gur thóg sé anaírde a chosa gur bhreathnaigh sé go cúramach iad.
Rása cruaidh lae a bhí ann, suas an Cañon, fríd Champa na gCaorach, thart leis na Scálaí agus thar teórann na gcoillte, trasna na gcruacha oidhreogaighe agus an tsneachta - siabáin a bhí na céadtaí troigh ar doimhne, agus amach thar dhruim mór Chilcoot, atá ag síneadh eadar an tsáile agus an t-uisce glan agus ag coinneáil gárda go dubhrúnta ar uaigneas chumhaidh- eamhail an Tuaiscirt. Bhí siubhal géar leó thar an tsraith-lochann a líon na craois a d'fhág teinte bronn-talaimh ina ndiaidh, agus go mall an oidhche sin tharraing siad isteach i gcampa mhór cheann Loch Beanait, an áit a rabh na mílte de lucht chuartaithe an óir ag déanamh bádaí fá choinne an uair a bhrisfeadh an oidhreo- gach 'san earrach. Rinne Buck poll 'sa' tsneachta arís agus thuit thart i ndeagh-chodladh na tuirse, ach ruaigeadh amach arais i bhfad ró-luath é 'san fhuacht agus 'sa' dorchadas agus cuireadh fá shrathar é roimh an tsléigh i gcuideachta a chuid comrádaidhe.
An lá sin bhí siad ar chosán phacáilte agus shiubhail siad dhá fhichid míle; ach an darna lá, agus an iomad laethe 'na dhiaidh sin, b'éigean dóbhtha slighe a bhriseadh dóbhtha féin, ní ba mhó saothair a dhéanamh, agus 'san am chéadna gan oiread slighe a chur tharsta. Ba ghnáth le Peireólt siubhal roimh an bhuidhin, ag pacáil an tsneachta le bróga clár leis an astar a dhéanamh ní b'fhusa dóbhtha. Bhíodh François ar mhaide-stiúrthach an tsléigh. Amannaí théidheadh sé ar tús in áit an fhir eile, ach b'annamh sin. Bhí deifre ar Pheireólt agus bhí bród air as an eólas a bhí aige féin ar oidhreogaigh, eólas a bhí a dhíth go cruaidh, mar bhí sí ag éirghe iongantach tanaidhe, agus áit ar bith a rabh sruth láidir ní rabh oidhreog- [g]ach ar bith ann.
Lá i ndiaidh an lae eile, agus gan cuma ortha go dtiocfadh deireadh a choidhche, bhí Buck ag tarraingt ins na strapaí. Bhriseadh siad suas a gcampa i gcomhnaidhe 'sa' dorchadas, agus gheibheadh bódhránacht an lae iad ag déanamh cosáin agus míltí úra caithte ina ndiaidh aca. Agus bhíodh dorchadas na hoidhche i gcomh- naidhe ann nuair a ghnídheadh siad a gcampa arais, nuair a d'íosadh siad a ngiota feóla, agus chuachadh iad féin síos faoi'n tsneachta a chodladh. Bhí fear gortach ar Bhuck i rith an ama. Ní rabh an punta go leith de bhradán thriomaithe a gheobhadh sé 'sa' lá ag baint ocras ar bith de. Ní fhuair sé a sháith am ar bith, agus bhí an t-ocras ag síor-phiocadh an ghoile aige. Ach ní fhuigheadh na madaidh eile ach punta éisc, mar go rabh ní ba lugha meadh- chain ionnta agus go rabh siad cleachtaithe ariamh leis, agus ina dhiaidh sin bhí siad breagh reamhar.
Ba ghoirid gur chaill sé an deismireacht a bhí ag cur as dó 'sa' tsean-tsaoghal. Ba ghnáth leis greimeannaí miona a ithe, ach bhíodh a chuid comrádaidhe réidh roimhe agus d'alpadh siad deireadh an bhídh air. Ní rabh cosaint aige air. Fhad 's bhéadh seisean ag troid dhá nó trí 'cheannaibh aca bhí an biadh slugtha siar ag an chuid eile. Fuair sé léigheas ar sin. D'ith seisean comh gasta leó féin; agus rud eile de, bhí an t-ocras ag cur comh cruaidh sin air agus gur thoisigh sé a thabhairt leis cuid na muinntir' eile nuair a gheibheadh sé faill. Choimh- éad sé agus d'fhoghluim sé. Chonnaic sé Píce, ceann de na madaidh úra, gadaidhe gliota coimhéadach, lá amháin ag goid píosa muic- fheóla go fáilthidhe nuair a bhí cúl Pheireóilt leis, agus an lá ar n-a bhárach rinne sé féin aithris air, agus fuair sé ar shiubhal le sciar iomlán. Tógadh an dubh-challán, ach níor smaointigh aonduine gur bh'eisean a dhéanfadh é, agus fuair madadh ciotach darbh'ainm Dub a rabh- thar i gcomhnaidhe ag breith air, fuair sé íde ar son an mhí-ghníomha a rinne Buck.
Thug an chéad ghadaidheacht sin le fios go rabh Buck in innimh mairstean 'sa' Tuaisceart náimhdeach. Thaisbeáin sé go rabh sé ábalta claoidhe le dóigheannaí úra agus athrú leis an dúithche, agus ar ndóighe mara mbéadh sé ábalta sin a dhéanamh ní bhéadh fá n-a choinne ach an-bhás tobann. Ach thaisbeáin sin, fosta, go rabh an manadh a bhí aige fán mhaith agus fán olc ag imtheacht uaidh, ach ní rabh 'sa' mhanadh sin ar scor ar bith ach rud gan mhaith a choinneochadh cúl air 'san áit nach mairfeadh ach an té a ba treise. Bhí sé maith go leór 'sa' Deisceart, 'san áit a rabh dligheadh grádha agus carthannais, leigean do ghnoithe duine eile agus gan masla a thabhairt dó; ach 'sa' Tuaisceart, 'san áit a rabh dligheadh an cháir agus an smaichtín, ní rabh 's a' té a bhéarfadh áird ar rudaí mar sin ach amadán, agus fhad 's choinneochadh sé a chuid gnáthas ní thiocfadh sé 'un tosaigh.
Chan 'á rádh atá me go ndeárn' Buck díos- póracht mar sin ar an cheist. Bhí sé in innimh a dhéanamh, sin a rabh de, agus chuaidh sé a chlaoidhe le dóigheannaí na dúithche i gan fhios dó féin. Ariamh ina shaoghal, ba chuma caidé a bhí in' éadan, níor theich sé ó throid. Ach ghread an smaichtín a bhí ag fear an gheansaí dheirg dligheadh ní ba fiadhaine agus ní ba dúthchasaighe isteach ann. Tráth a bhí sé sibhialta, leigeadh sé a mharbhadh sul a dtugadh sé suas an manadh a bhéadh aige, cuir i gcás, sul a leigeadh sé duit fuip an Bhreithimh Miller a ghoid; ach anois b'fhuras a fheiceáil go rabh manadh na sibhialtachta ag imtheacht glan uaidh, an dóigh a rabh sé ábalta teicheadh as cosán an chirt le n-a chraiceann féin a shábháil. Níor ghoid sé mar mhaithe leis an ghadaidheacht, ach ghoid sé mar go rabh a ghoile ag iarraidh bídh. Níor fhuadaigh sé a chuid bídh ós coinne an tsaoghail ach oiread le sin, ach ghoid sé é go folaithe agus go fáilthidhe, le heagla roimh an chár agus an smaichtín. Le n-a rádh in aon fhocal amháin, na rudaí a rinne sé, rinne sé iad mar gurbh fhusa a ndéanamh nó gan a ndéanamh.
Cibé aca ag gabháil 'un feabhais nó 'un olcais a bhí a nádúir, d'athruigh sé go gasta ar scor ar bith. D'éirigh na feitheógaí comh cruaidh le hiarann ann, agus chaill sé mothú ar phiantaí coitchianta. Chruadhaigh an taobh istigh comh maith leis an taoibh amuigh ann. Bhí goile aige do rud ar bith, ba chuma caidé comh lobhtha nó comh righin as bhéadh sé; agus an rud a d'itheadh sé, shúigheadh súgh an ghoile an dríota deireannach de chothú as, agus d'iomchradh a chuid fola fríd gach uile bhall dá chorp é, ag déanamh a chuid feitheóg comh righin láidir agus thiocfadh leó a bheith. D'éirigh géire iongantach 'san amharc agus 'sa' bholadh aige, agus i dtaca leis an éisteacht de d'éirigh sé comh géar sin agus, ina chodladh féin, go mbéadh fhios aige cé aca tuaim charad nó námhad a bhéadh ann. D'fhoghluim sé an siocán a phiocadh amach le n-a chár nuair a chruinnigheadh sé eadar a chrúba; agus nuair a bhíodh tart air agus craiceann cruaidh oidhreogaighe ar pholl an uisce, d'éirigheadh sé ar a chosa deiridh agus thigeadh anuas go trom air le n-a chosa tosaigh le n-a bhriseadh. Ach 's é an chumhacht a ba mhó a bhéarfá fá dear aige, an dóigh a dtiocfadh leis a mhotháchtáil an oidhche roimhe ré cén t-árd a mbéadh an ghaoth an lá ar n-a bhárach. Da mbéadh gan smid a bheith 'sa' spéir nuair a thochladh sé a nead de chois crainn nó a chois bruaich, ag éirghe don ghaoith roimh mhaidín gheibheadh sí i gcomhnaidhe ar thaobh an fhoscaidh é, cuachta go seascair.
Agus chan é amháin gur fhoghluim sé as an méid a dtáinig sé fríd, ach mhuscail an sean- dúthchas a bhí i bhfad 'na chodladh ann. Chuaidh na glúntaí de chomhnaidhe fá thoighthe ar neamhnidh. Ar dhóigheannaí do-thuigthe mhuscail an dúthchas ann a bhí in óige a chinidh, 'san am a rabh na madaidh ag reachtáil ina scúideannaí fiadhaine fríd choillteacha thús an tsaoghail agus ag marbhadh adhbhar a gcodach mar gheibheadh siad greim air. Char shaothar ar bith dó-san roiseadh agus áladh tobann an mhic tíre a fhoghluim. Badh é sin mar throid a shinnsear a b'fhada marbh. Tháinig an sean- saoghal 'un cinn arais ann, agus na sean-chleasa a d'fhág a chéad aithreachaí fighte i ndúthchas a chinidh ba iad sin na cleasa a bhí aige-san. Tháinig siad chuige gan saothar gan nuaidheacht, mar bhéadh siad aige riamh. Agus oidhcheannaí fuara ciúine nuair a thógadh sé a ghaothsán le réalt agus leigeadh glam fhada uaigneach as mar bhéadh mac tíre ann, badh iad a aithreachaí, a b'fhada 'na ndusta, a bhí ag tógáil gaothsáin le réalt agus ag glamaighil anall fríd na ciantaí agus fríd-sean. Agus na glórthaí a bhí aige, badh iad a nglórthaí-san iad, na glórthaí a bhí aca ag nochtadh a gcumhaidhe, an bhrígh a bhí aca leis an chiúnas, agus leis an fhuacht, agus leis an dorchadas.
Agus mar bhéadh eisiomláir ar comh mór agus bheir an saoghal a bhail féin ar ainmhidhthe comh maith le daoine, d'éirigh sean-cheól na gcianta i gcuid fola Bhuck, agus fuair sé seilbh ar a dhúthchas ceart féin; agus d'éirigh sin dó ar siocair go bhfuair fir theacht ar mhiotal bhuidhe ins an Tuaisceart, agus mar nach rabh páighe Mhanuel, fear conganta an gharrdhantóra, ábalta biadh agus éadach a choinneáil le n-a chéile agus le n-a muirighin pháiste.