Bhí dúthchas an bheithidhigh fhiadhain láidir in Buck, agus mhéadaigh sé agus mhéad- aigh sé ann le hanró agus le halltacht raon an tsneachta. Ach mhéadaigh sé i gan fhios ann. D'fhás gliocas úr ann a thug foighde agus smacht air féin dó. Bhí sé ró-ghnoitheach ag iarraidh é féin a chlodhadh leis an tsaoghal úr seo le bheith neamh-shotalach, agus chan é amháin gur choinnigh sé é féin ó bheith ag piocadh troda, ach choinnigh sé amach as cosán na troda gach aon am a dtiocfadh leis é. Ghlac sé an dearcadh sin dó féin dh'aon-ghnoithe. Ní rabh sé tugtha do bheith tallannach; agus cé gur shearbh an fuath a bhí aige féin agus ag Spitz ar a chéile, níor thaisbeáin sé mí-fhoighde ar bith agus ní dheárn a dhath a thógfadh troid eatorra.
Ach ar an taoibh eile den scéal, creidim ar siocair go bhfacthas dó go mbéadh Buck tiugh aige go fóill, níor leig Spitz aon seans thairis am ar bith le n-a chár a nochtadh leis. Gan fiú nach ndeachaidh sé a mhaighistreacht Bhuck dh'aon-ghnoithe le tús a chur ar an troid ina mairbhfeadh sé Buck nó ina mairbhfeadh sé sin eisean. Fhóbair don troid sin a bheith ann, fosta, sul a rabh siad i bhfad ar aghaidh leis an astar, ach mur b'é taisme shonnraigheach a d'éirigh dóbhtha. Ag deireadh an lae seo rinne siad campa fuar leatromach ar chladach Loch Le Barge. B'éigean dóbhtha áit an champa a phiocadh fríd shneachta siabtha, fríd ghaoth a bhí dhá ngearradh mar bhéadh scian ann a bhéadh geal le teas, agus fríd an dorchadas. Ba doiligh dóbhtha theacht ar áit ní ba mheasa. Bhí beinn charraige ag éirghe lom díreach ar a gcúl, agus b'éigean do Pheireólt agus do François a dteine a fhadódh agus a gcultacha-codlata a spréidheadh amach ar oidhreogach na locha. Ní rabh dídean ar bith aca mar bhí an bothán fágtha ina ndiaidh ag Dyea aca leis an astar a dhéanamh ní b'fhusa. An teine a rinne siad as cupla cipín smután chascair sí síos fríd an oidhreogaigh agus d'fhág iad le n-a suipéar a dhéanamh 'sa' dorchadas.
Rinne Buck nead dó féin istigh go dlúith fá fhoscadh na beinne. Bhí sé comh breagh seascair istigh innte agus gur in éadan a thola a tháinig sé amach nuair a chuaidh François a roinnt an éisc a bhí téighte aige ós cionn na teineadh. Nuair a chuir Buck deireadh le n-a sciar féin agus phill sé ar a nead bhí sí tógtha suas. Thug glamh conafach le fios dó gur Spitz a bhí ina áit. Go dtí seo i gcomhnaidhe thug Buck aire gan trioblóid a thógáil le n-a námhaid, ach bhí seo thar an mheasaracht. Leig nádúir an bheithidhigh a bhí istigh ann búirthe aiste. Thug sé aon léim amháin ar Spitz le mire a chuir iongantas ar an bheirt aca, agus go háirid ar Spitz, mar badh é an bharamhail a bhí aige as an méid a chonnaic sé ariamh de Bhuck gur madadh iongantach faiteach a bhí ann nach rabh aige ach aon bhuntáiste amháin le n-a chuid féin a choinneáil, an dubh-mheadhchan agus an dubh-mhéid a bhí ann.
Tháinig iongantas ar François, fosta, nuair a léim siad amach ina gcnap as an nead stróctha agus thuig sé caidé tháinig eatorra. "A-a-ah!" ar seisean le Buck. "Gif it to heem, by Gar! Tabhair dó é, an gadaidhe bradach!"
Bhí Spitz comh fonnmhar leis féin. Bhí sé ag sceamhlaigh le tréan feirge agus é ag teacht thart agus thart ag iarraidh seans le a bheith de léim isteach. Bhí an fonn céadna ar Bhuck, agus é lán comh faithchilleach ag teacht thart agus thart air-sean mar an gcéadna ag feitheamh le n-a sheans. Ach ba ins an bhomaite sin a tháinig an rud nach rabh siad ag dúil leis, an taisme a chuir ar gcúl an troid a bhí le bheith eatorra fá choinne lámh an uachtair i bhfad anonn 'san am a bhí le theacht, nuair a bhéadh mílte móra tuirseacha de shaothar na gcosán tharsta aca.
Leig Peireólt mallacht as, tháinig anuas ar chorp chnámhach éighinteacht le buille toll de smaichtín, d'éirigh sceamh phianaigh, agus thoisigh an gháir ifreannda fríd an champa. Le sin chonnaictheas go rabh an áit beó le beith- idhigh slightheánta boga - madaidh fiadhaine a rabh fear gortach ortha, ceathair nó cúig de scórthaí aca a tharraing ar bholadh an champa as baile Indiach éighinteacht nach rabh i bhfad ar shiubhal. Tháinig siad isteach go fáilthidhe nuair a bhí Buck agus Spitz ag troid, agus nuair a thug an bheirt fhear léim ortha le smaichtíní troma nocht siad a gcár agus thionntóidh ortha. Bhí boladh an bhídh ag cur mearaidh ortha. Tháinig Peireólt ar chionn aca agus a chloigeann sáithte i mbocsa an bhídh. Tháinig an smaichtín anuas go toll ar na heasnacha loma agus scabadh bocsa an bhídh ar an talamh. Ar an bhomaite bhí scór de na beithidhigh ocracha ag troid fán arán agus fán mhuicfheóil. Ní rabh beinn aca ar na smaichtíní a rabhthar dhá ngreadadh leó. Bhí gach aon sceamh agus gach aon ghlam dhá bhaint asta leis na buillí, ach níor choinnigh sin iad ó bheith ag troid le fonn mearaidh go rabh an grabhar deireannach ithte aca.
Fán am seo bhí madaidh an tsléigh de léim amach as a gcuid neadrach fá iongantas, agus na madaidh coimhthigheacha dhá n-ionnsú go díbhfeirgeach. Chan fhaca Buck a leithéidí riamh. Shaoilfeá go rabh na cnámha réidh le briseadh amach fríd a gcraiceann. Ní rabh ionnta ach na cnámha ar scor ar bith agus an craiceann ricineach mar bhéadh sé caithte ortha go scaoilte, bladhaire ina súile agus cubhar le n-a gcár. Ach rinne mearadh an ocrais diabhail díobhtha nach rabh seasamh le déanamh leó. Ní rabh cúl le cur ortha. Scuabadh madaidh an tsléigh isteach in éadan na beinne ar an chéad ionnsú. Chuaidh triúr aca 'un comhraic le Buck, agus i bhfaiteadh na súl bhí a cheann agus a ghuailneacha gearrtha roiste uilig. Bhí an callán a bhí ann scáthmharach. Bhí Bilí ag caoineadh mar ba dual dó. Bhí Dáibhí agus Sol-leks ag troid go calma taobh le taoibh, agus an fhuil ag dórtadh asta as na scórthaí cneadhach. Bhí Joe ag glamhairt mar bhéadh deamhan Ifrinn ann. Uair amháin, fuair sé a chár a dhrud ar "huscaí" aca fá chionn de na cosa tosaigh agus bhris isteach fríd an chnámh í. Annsin thug Píce, an slightheantóir, léim ar an bheith- idheach a bhí creapalta, thug sáthadh tobann dá chár dó, agus bhris a mhuinéal le croitheadh. Fuair Buck greim muinéil ar námhaid a rabh tuile chubhair leis, agus sceáird an fhuil 'san aghaidh air nuair a dhing sé a chár isteach fríd an chuisle. Mhothuigh sé blas te na fola ina bhéal agus chuir sin tuilleadh fíochmharachta ann. Léim sé ar mhadadh eile, agus le sin mhothuigh sé cár dhá thiomáint isteach ina sceadamán féin. Spitz a bhí ann, a d'ionnsuigh go fealltach é 'sa' taoibh.
Nuair a bhí a gceathramhadh féin den champa glan amach ag Peireólt agus ag François, thug siad tarrtháil ar a gcuid madadh. Theich na beithidhigh ocracha mar bhéadh tonn mhire ann rompa, agus fuair Buck é féin a réidhteach as an teangmháil. Ach ní rabh annsin ach bomaite. B'éigean don bheirt fhear pilleadh leis an bhiadh a chosaint arais agus tháinig na "huscaidheanna" a dh'ionnsú na buidhne an darna huair. D'éirigh Bilí calma le tréan eagla; thug sé aon léim amháin fríd chearcall na madadh mire agus ar shiubhal leis ag teicheadh trasna na hoidhreogaighe. Ar shiubhal le Píce agus le Dub ins na sála aige, agus siud iomlán an bhuidhin ina ndiaidh. Chruinnigh Buck é féin le léim a thabhairt 'na ndiaidh fosta, ach le sin tchídh sé as faoi n-a shúil Spitz ag teacht dhe rúide air mar bhéadh sé ag brath a leagan. Dá gcuirfí dá chosa é faoi scaoi na madadh mire sin ní éireochadh sé go deó. Chruinnigh sé iomlán a mheadhchain in éadan Spitz, choinnigh sé a chosa, agus bhain ar shiubhal amach leis an tóir anonn thar an loch.
Anonn 'san oidhche, chruinnigh na naoi madadh a bhí sa bhuidhin i gcionn a chéile arais agus chuaidh a chuartú foscaidh 'sa' choill. Ní rabh tóir ar bith anois ortha, ach bhí siad i gcás bhocht. Ní rabh aon mhadadh ann nach rabh ceathair nó cúig de chneadhacha air, agus bhí cuid aca loitthe go holc. Bhí Dub gortuithe go holc i gcionn de na cosa deiridh; bhí an sceadamán millte stróctha ag Dolly, an madadh deireannach a cuireadh isteach leis an bhuidhin ag Dyea; bhí súil caillte ag Joe; agus níor stad Bilí an deagh-chroidhe ach ag caoineadh agus ag sceamhlaigh i rith na hoidhche fá chluas dá chuid a bhí cogainte stróctha ina ribíní. Le bánadh an lae phill siad uilig go bacach faith- chilleach 'un an champa, ach bhí na madaidh coimhthigheacha ar shiubhal agus an bheirt fhear ag gabháil as a gcraiceann. Bhí leath maith den bhiadh ar shiubhal. Bhí strapaí an tsléigh agus an cumhdach canbhais a bhí ar na bear- tanna cogainte ag na madaidh fiadhaine. 'Sé mar bhí sé de, nár imthigh a dhath ortha a dtáinig leó a gcár a sháthadh ann. Bhí coisbheart de chraiceann mús le Peireólt ithte aca, bhí léabthacha as na sriantaí leathair ithte aca, agus gan fiú fuip François nar ailp siad dhá throigh den laisc a bhí uirthe. Bhí sé dhá breathnú go buadhartha nuair a tháinig buidhean na madadh i láthair ach thóg sé a shúile agus dhearc sé ar a gcuid cneadhach.
"Á, mo chuid créatúr!" ar seisean go caoin. "B'fhéidir go ndéanfadh sé madaidh mire díbh, a bhfuil de ghreimeannaí asaibh. Dar Dia, charbh fhéidir go rachadh siad uilig ar mire! Eh, caidé do bharamhail-sa, 'Pheireóilt."
Chroith an teachtaire a cheann. Bhí ceithre chéad míle de shlighe le cur thairis go fóill aige sul a mbéadh sé in Dawson, agus b'olc a dhéan- fadh sé gnoithe dó a chuid madadh a ghabháil ar mire. I gcionn dhá uair an chluig de mhall- achtaí agus de shaothar bhí na strapaí cóirighthe aige; chuaidh an bhuidhean 'un bealaigh agus iad stocáilte le cneadhacha; streachail siad fá phianaigh thar an ghiota a ba chruaidhe don cosán a casadh ortha go fóill, agus dá dtéidh- eadh sé go dtí sin, an giota a ba deacra a bhí le cur tharsta aca go mbéadh siad in Dawson.
Bhí Abha an Tríochad Míle foscailte glan. Thug tuile borb na habhna sin, thug sí dubh- shlán an tsiocáin, agus ní rabh oidhreogach ar bith uirthe ach fá na cúl-shroithte agus i gcorr- áit eile a bhí ciúin. Bhain sé sé lá de shaothar mhaslach asta an tríocha míle iargcúlta sin a chur tharsta. Agus mílte iargcúlta a bhí ionnta, mar bhí na madaidh agus na fir araon i gcontabhairt a marbhtha ar gach aon choiscéim den bhealach. Dhá uair déag a bhris an oidhreo- gach le Peireólt, agus é ag mothachtáil an bhealaigh roimh an chuid eile, agus ní rabh le n-a shábháil gach iarraidh aca ach an maide fada a bhí ar iomchur leis 'sa' chaoi 's go mbeir- feadh cinn an mhaide ar dhá thaoibh an phoill a dhéanfadh a chorp 'san oidhreogaigh. Ach bhí fuacht millteanach ann; bhí an gloine ag comharthú leath-chéad grád faoi Zero, agus mar sin de ní rabh aon uair dár bhris Peireólt fríd an oidhreogaigh nár bh'éigean dó, ar a bhás, teine a dhéanamh agus a chirteach a thriomú.
Ach níor chuir a dhath beag-uchtach air. Ní rabh beag-uchtach le cur air, agus badh é sin an fáth céadna ar toghadh é mar theach- taire don Riaghaltas. Ghlac sé le gach uile chontabhairt, sháitheadh sé a aghaidh bheag chasta amach 'sa' tsiocán go calma agus streach- aileadh leis ó bhódhránacht an lae go dubh na hoidhche. Sciordadh sé thart le cladaigh dhubh- rúnta ar oidhreogach bhán a bhíodh ag scoil- teadh faoi n-a gcosa 'sa' chaoi 's nach leigfeadh an eagla dóbhtha fanacht ina seasamh uirthe. Uair amháin bhris an sléigh fríthe le Dáibhí agus le Buck, agus bhí siad leath-shioctha agus bog-bháidhte le n-a chois sin sul a bhfuarthas iad a tharraingt 'un talaimh. B'éigean teine a lasadh, mar ba ghnáth, le n-a sábháil. Bhí cóta iomlán oidhreogaighe ortha; agus choinnigh an bheirt fhear ag reachtáil thart agus thart ar an teinidh iad, ag cur alluis agus an siocán dhá chascairt díobhtha, go dtí go rabh boladh dóghaidh asta ag na bladhairí.
Uair amháin eile chuaidh Spitz síos, agus tharraing sé na madaidh uilig 'na dhiaidh siar fhad le Buck, ach chuir seisean a chosa tosaigh ar imeall sleamhain an phoill agus theann ar gcúl an méid a bhí ina chorp, agus an oidhreo- gach ag croitheadh agus ag scoilteadh ar gach taoibh de. Ach bhí Dáibhí ar a chúl-san, ag teannadh ar gcúl mar an gcéadna, agus chuaidh François ar chúl an tsléigh agus tharraing go rabh na feitheógaí ag roiseadh ann.
Uair eile, bhris an oidhreogach bhán rompa agus 'na ndiaidh, agus ní rabh aon áit éalóidh aca ach suas éadan na beinne. Fuair Peireólt ghabháil suas go miorbhailteach agus François shíos ag urnaigh; annsin níor fágadh aon sreangán nó aon rópa sléigh nó aon ghiota de na sriantaí nár ceangladh i gcionn a chéile go dtí gur háirdigheadh na madaidh, ceann de réir ceann, suas go mullach na beinne. François a ba deireannaighe a chuaidh anáirde, i ndiaidh an tsléigh agus an lóid agus uile. Annsin b'éigean dóbhtha áit a chuartú le ghabháil síos arais, agus fuair siad sin a dhéanamh 'sa' deireadh le cuidiú an rópa mar an gcéadna, agus le teacht na hoidhche bhí siad ar an abhainn arais agus ceathramhadh míle de shlighe déanta ar son an lae aca.
Bhí Buck sáirithe nuair a fuair siad fhad leis an Hootalinqua agus leis an oidhreogach mhaith. Bhí an chuid eile de na madaidh sáirithe fosta; ach choinnigh Peireólt ar a gcosa go luath agus go mall iad, ag iarraidh an t-am a bhí caillte ortha a tharraingt isteach. An chéad lá rinne siad cúig mhíle dhéag agus fiche go dtí an Bradán Mór; an darna lá rinne siad cúig mhíle dhéag agus fiche eile go dtí an Bradán Beag; an tríomhadh lá rinne siad dhá fhichid míle, agus thug sin chóir fhad leis na Cúig Méir iad.
Ní rabh cosa Bhuck comh righin nó comh cruaidh le cosa na madadh eile. Tháinig nádúir bhog ina chuid-san le linn na n-iomad glún dá stáinig roimhe ón tsinnsear deirionnach dá chuid a bhí i bhfiadhain sul ar chuir fear uamhach nó fear abhna éighinteacht smacht air. Ó mhaidín go hoidhche bhíodh an choiscéim bhacach leis agus é fá phianaigh, agus níor luaithe a ghníthí campa ná luigheadh sé síos mar bhéadh madadh ann a bhéadh marbh. Agus cé gur mhór an t-ocras a bhíodh air ní bhogadh sé as áit na mbonn le n-a sciar den iasc a fhagháil go dtí go gcaitheadh François a theacht chuige leis. Ní rabh dhe sheifte ag an tiománaidhe ach leath- uair a chaitheadh gach uile oidhche ag cumailt na gcos ag Buck, go dtí 'sa' deireadh gur bhain sé na bairricíní dá choisbhirt féin agus go ndeárn' ceithre bhróg don mhadadh leó le truaighe dó. Thug sin faoiseamh mór dó, agus tháinig aoibh an gháire ar aghaidh righin Pheireóilt féin nuair a rinne François dearmad de na bróga a chur ar Bhuck agus luigh sé sin síos ar shlait chúl a chinn, ag croitheadh a cheithre cos 'san aer, agus ní rachfadh aon choiscéim amháin gan a chuid bróg. Bhí sé mar sin go dtí gur éirigh a chuid cos cruaidh leis an tsiubhal, agus annsin caitheadh ar shiubhal na bróga caithte.
Bhí madadh leó, darbh ainm Dolly, nach ndeárn' éacht sonnraigheach ar bith ariamh. Ach maidín amháin ag an Pheilí, agus iad ag gabháil ins na strapaí, níor mhothuigh neach go ndeachaidh sí ar mire. Thug sí le fios go rabh sí ar mire le glam fhada chroidhe-ghointeach mic tíre a chuir an fionnadh ina sheasamh ar gach aon mhadadh eile le heagla, agus tharraing sí díreach ar Bhuck. Ní fhacaidh seisean ag gabháil ar mire ariamh aroimhe, agus ní rabh réasún ar bith aige le heagla a bheith air roimh mhadadh mire; ach bhí fhios aige go rabh uathbhás ins an ghlam sin, agus theich sé fá chrioth-eagla. Bhain sé na bonnaí as, agus thug Dolly aon léim amháin 'na dhiaidh, fá ghiorr' anála agus an cubhar ag dórtadh léithe; ach ní thiocfadh léithe ghabháil ní ba deise dó ar mhéad a's bhí de eagla air, agus ní thiocfadh leisean í a scathadh ar mhéad a's bhí de mhearadh uirthe-se. Chuaidh sé de shean-rúide fríd an choill a bhí i mbroinn an oileáin, sciord síos go dtí an ceann íochtarach de, anonn trasna an tsrotha cúil ar an oidhreogach gharbh go dtí oileán eile, trasna go dtí an tríomhadh hoileán, thionntóidh arais ar an abhainn agus bhain trasna amach an méid a bhí ina chorp. Agus i rith an ama, cé nár amharc sé riamh, bhí sí le mothach- táil aige ag glamhairt aon léim amháin ina dhiaidh. Chualaidh sé François ag scairtigh air ceath- ramhadh míle ar shiubhal agus thionntóidh sé arais, aon léim amháin roimpi i rith an ama, ag méanfaigh fá phianaigh de dhíothbháil anála, agus é ag cur a dhóchais in François go sábháil- feadh sé é. Bhí an tuagh tógtha i láimh an tiomán- aidhe, agus ag sciobadh thart do Bhuck leis thug sé anuas an tuagh sin le aon bhuille amháin ar chloiginn Dolly.
Thuit Buck anonn in éadan an tsléigh, sáirithe, tráighte 'san anáil, gan bogadh ann. Badh é seo seans Spitz. Thug sé léim ar Bhuck, shunn- cáil a chár dhá uair 'sa' mhadadh a bhí gan chosnamh, gur rois sé agus gur stróc an fheóil go cnámh de. Le sin tháinig François anuas air leis an fhuip, agus fuair Buck oiread de shásamh agus go bhfacaidh sé Spitz ag fagháil an fhuipeáil a ba nimhnighe a fuair aon mhadadh dá rabh 'sa' bhuidhin go dtí sin.
"Sin diabhal - Spitz sin!" arsa Peireólt.
"Damnú go mairbhfidh sé Buck lá éighin- teacht."
"Sin dhá dhiabhal - Buck sin!" arsa François ag tabhairt freagra air. "Tá mo shúil agamsa ar Bhuck sin ar fad, agus tá fhios agam. Éist liomsa: damnú go nglacfaidh sé tallann Ifrinn lá éighinteacht agus cognóchaidh sé Spitz sin 'na ghiotaí agus fuigfidh 'na léabthacha 'sa' tsneachta é. Sin mar bhéas. Tá fhios agamsa."
Ó sin amach bhí cogadh eadar an dá mhadadh. Badh é Spitz an madadh tosaigh agus taoiseach na conairte, ach chonnaictheas dó go rabh sé i gcontabhairt an mhaighistreacht a chailleadh ag an mhadadh choimhthigheach seo as an Deisceart. Agus ní bréag a rádh go rabh Buck coimhthigheach aige, mar is iomdhaidh madadh as an Deisceart a rabh aithne aige air roimhe, agus níor sheasaigh aon cheann ariamh aca a chuid féin ins an champa nó ar an tslighe. Bhí siad uilig ró-bhog, agus bheireadh an obair agus an sioc agus an ghorta a mbás. Badh é Buck amháin nach ndeachaidh faoi an dligheadh sin. Badh é eisean amháin a mhair agus a tháinig 'un cinn, a d'éirigh ion-churtha le madadh fiadhain an Tuaiscirt ina chuid urraidh, ina chuid fiadhantais, agus ina chuid gliocais. Le n-a chois sin bhí manadh taoisigh aige, agus is é an rud a rinne dainsearach é an dóigh ar steall fear an gheansaí dheirg an tallann agus an chalmacht gan dearcadh as le n-a smaichtín agus ar fhág sé manadh an taoisigh aige gan iad. Ós cionn gach uile nidh bhí sé glic, agus thiocfadh leis a am a ghlacadh agus foighid a bheith aige nach rabh a leithéid ag neach ar bith ach an t-ainmh- idhe fiadhain.
Ní rabh imtheacht aca ar an troid sin a shocróchadh cé a bhéadh 'na thaoiseach. Bhí Buck i bhfáthach léithe. Bhí sé i bhfáthach léithe mar gurbh é sin a nádúir, mar go bhfuair bród diamhrach sin an tsléigh agus an tsriain greim air - an bród sin a choinnigheas madaidh ag streachailt go bhfágaidh an anál iad, a mheallas iad le bás a fhagháil go lúthgháireach 'sa' tsrathar, agus a bhriseas a gcroidhe má ghearrtar amach as na strapaí iad. Badh é sin an bród a bhí i nDáibhí mar mhadadh sléigh, an bród a bhí i Sol-leks agus é ag tarraingt ar a shean- dhíthcheall, an bród a gheibheadh greim ortha nuair a bhristí suas an campa, a ruaigeadh an bhrúid ghoraigeach dhubhrúnta asta agus a ghnídheadh beithidhigh mhórdhálacha díobhtha a mbíodh fonn na hoibre istigh ionnta; an bród a choinnigheadh ar a gcruaidh-dhíthcheall i rith an lae iad, agus a thréigeadh iad nuair a ghníthí campa 'san oidhche, 'sa' chaoi 's go dtéidheadh an ghruaim mhí-shásta agus an mhí- fhoighde i bhfastódh arais ionnta. Badh é sin an bród a choinnigh suas uchtach Spitz agus a thug air íde mhaith a thabhairt do na madaidh nach ndéanfadh a ndíthcheall ag tarraingt nó a rachfadh in aimhréidhtigh ins na strapaí nó a rachfadh i bhfolach nuair a thigeadh am srathair ar maidin. Badh é an bród céadna sin a thug air eagla a bheith air go ndéanfaí madadh tosaigh de Bhuck ina áit. Agus badh é sin an bród a bhí ar Bhuck, fosta.
Thug sé dubhshlán an taoisigh ós coinne an tsaoghail. Tháinig sé eadar é féin agus na madaidh ar cheart dó íde a thabhairt dóbhtha as gan a ngnoithe a dhéanamh. Agus rinne sé sin dh'aon-ghnoithe. Oidhche amháin bhí sé ag cur sneachta go trom, agus ar maidin ní tháinig Píce na diabhlaidheachta chuig a ghnoithe. Bhí sé i bhfolach go seascair ina nead shíos faoi throigh sneachta. Chuaidh François a scairtigh air agus dhá chuartú ach ní rabh maith dó ann. Bhí Spitz i bhfiadhain le feirg. D'imthigh sé fríd an champa ar an daoraigh, ag cur bolaidh agus ag tochailt i ngach aon áit a rabh foscadh, agus é ag glamhaireacht comh fiadta sin agus gur chualaidh Píce é agus go ndeachaidh sé ar crioth 'san fhárus a rabh sé i bhfolach ann.
Ach fuarthas 'sa' deireadh é, agus léim Spitz air go mbainfeadh sé a shásamh as; ach léim Buck eatorra agus é lán comh fiadta. Agus léim sé comh tobann agus comh healadhanta sin agus gur chuir sé Spitz dá chosa agus gur chaith siar ar shlait chúl a chinn é. Nuair a chonnaic Píce an eas-umhlaidheacht seo ós comhair an tsaoghail chaith sé de an crioth a bhí air, ghlac sé uchtach, agus thug léim ar an taoiseach a bhí 'na luighe. Bhí dearmad déanta ag Buck fad ó shoin de chomhthrom na Féinne, agus thug seisean fosta léim ar Spitz. B'éigean do François gáire a dhéanamh ina intinn féin faoi an bhail a bhí siad a thabhairt air, ach níor dhiúltaigh sé riamh an ceart a thabairt uaidh agus anois tháinig sé anuas ar Bhuck 'sa' druim le n-a shean- bhuille de laisc na fuipe. Ach sháirigh ar sin Buck a chur ar shiubhal ó n-a námhaid a bhí ar lár aige, agus b'éigean do Fhrançois theacht anuas air le stoc na fuipe. Fhóbair gur bhain an buille sin a m[b]heabhair de Bhuck, agus theann sé ar gcúl agus an sreangán ag baint greadfach as arais agus arais eile. Annsin bhain Spitz a shásamh go maith as Píce as an méid eas-umhlaidheachta a rinne sé air.
Is minic 'na dhiaidh sin, fosta, agus iad ag teacht in aice le Dawson, a chuaidh Buck eadar Spitz agus lucht na h-eas-umhlaidheachta mar an gcéadna; ach rinne sé go glic ó sin amach é, nuair nach rabh François ar amharc. Leis an dóigh a rabh Buck ag tabhairt dubhshlán an taoisigh i gan fhios, d'éirigh eas-umhlaidheacht imeasc na madadh go léir agus mhéadaigh sé eatorra. Ceart go leór rinne Dáibhí agus Sol- leks a ngnoithe mar rinne riamh, ach chuaidh an chuid eile 'un olcais gach aon lá. Ní rabh a dhath ag gabháil i gceart ní ba mhó. Bhí crádánacht agus crostacht ag gabháil ar aghaidh ar fad. Bhí trioblóid ar bun i gcomhnaidhe, agus badh é Buck a ba chionntaigh i dtólamh. Choinnigh sé François gnoitheach, mar bhí fhios ag an tiománaidhe go mbéadh an troid bháis eadar an dá mhadadh am éighinteacht, agus bhí eagla air ar fad go rabh siad ag gabháil a thoiseacht. Chan aon oidhche amháin a léim sé amach as a chulaith codlata ag éisteacht le tuaim throda eadar na madaidh eile, agus eagla air go rabh Buck agus Spitz ar obair 'sa' deireadh.
Ach ní fhuair siad an seans, agus trathnóna gruamdha amháin shrois siad Dawson agus an troid mhór le theacht go fóill. Bhí sluagh fear annso, agus scaoite madadh, agus thug Buck fá dear go rabh siad uilig gnoitheach. Dar leis go gcaithfeadh sé a bheith 'sa' chinneamhain ag madaidh a bheith ag obair. Bhíodh siad ag gluaiseacht aníos a's síos an tsráid i rith an lae ina mbuidhin fhada, agus 'san oidhche féin chluineadh sé cling na gclog beag a bhíodh ortha ag gabháil thart. Bhíodh siad ag tarraingt maidí cábán agus smutáin teineadh, ag gabháil suas go dtí na miantaí le hualaigh, agus ag déanamh gach uile chineál oibre a tchídheadh sé caiple a dhéanamh i nGleann Santa Clara. Anois agus arís chastaí madaidh as an Deisceart do Bhuck, ach badh den treibh fiadhain a bhfuil nádúir an mhic tíre ionnta a mbunadhas. Gach uile oidhche ar an am chéadna, ar an naoi 'e chlog, ar an dó-dhéag, ar an trí, thógadh siad ceól oidhche, cantán uaigneach neamh-shaoghalta, agus ní iarrfadh Buck dhe phléisiúr ach cuidiú leó.
An uair a bhíodh an t-Aurora Borealis ag soillsiú go fuar ós a gcionn, nó na réaltógaí ag léimnigh i ndamhsa an tsiocáin, agus an talamh bodhar sioctha faoi n-a bhraithlín sneachta, d'fhéadfadh ceól seo na madadh fiadhain a bheith 'na dhubhshlán don tsaoghal, ach gur b'é go rabh sé i nguth ró-íseal, go rabh an ghlamaighil agus an caoineadh ró-fhada, agus gur chosamhla é le héagcaoin an tsaoghail, le saothar glórach na beatha. Sean-abhrán a bhí ann, abhrán a bhí comh sean leis an treibh í féin - ceann de na chéad abhráin a bhí ann i dtús an tsaoghail ins an am arabh abhráin brónach. Bhí anás na míle glún tleigthe ann, an éagcaoin seo a chuir an chumhaidh iongantach ar Bhuck. Gach aon ghlam agus gach aon osna dar leig sé as féin, badh é pian na beatha a bhí ann, an phian a bhí ar a aithreachaí fiadhaine roimhe, eagla dhiamhrach an fhuaicht agus an dorchadais a chuir an eagla dhiamhrach ortha-san mar an gcéadna. Agus thaisbeáin an dóigh ar chorraigh na glórthaí sin é go rabh an dúthchas ag oibriú go hiomlán ann aniar fríd na céadtaí glún de shaoghal fá theine agus faoi dhídean, aniar ón tús allta a bhí ar a shinnsir in óige an tsaoghail, in aois na screadaighe.
Seachtmhain i ndiaidh iad Dawson a shroisint, d'ealóidh siad síos malaidh na Bearaice ag déanamh ar Chosán an Yukon, agus tharraing siad ar Dyea agus ar Salt Water. Bhí Peireólt ag iomchur leitreach a rabh ní ba mhó deifre leó, má bhí a dhath ann, nó a bhí leis an mhuinntir a thug sé isteach. Le n-a chois sin, bhí bród an tsiubhail muscailte anois ann agus bhí sé de rún aige an t-astar a ba ghaiste a rinneadh an bhliadhain sin a dhéanamh. Agus bhí cupla buntáiste mhaith aige fá n-a choinne sin. Thug sgíthiste na seachtmhaine a gcuid urraidh do na madaidh arais agus bhí siad breagh fonnmhar. Bhí an cosán a d'fhoscail siad trasna na tíre pacáilte go cruaidh ag astair a rinneadh ó shoin air. Le na chois sin bhí na péas le biadh a fhágáil i dhá nó trí áiteacha fá choinne na madadh agus na bhfear; agus bhí an lód éadtrom.
Shrois siad Sixty Mile, sin astar leath-chéad míle, an chéad lá; agus chonnaic an darna lá iad ag sciordadh suas an Yukon agus iad giota maith ar aghaidh ar an bhealach go Peilí. Ach ní gan trioblóid mhór agus crádh do Fhrançois a rinne siad a leithéid de astar. An easumhlaidh- eacht a thóg Buck go fáilthidhe imeasc na madadh mhill sé an bhuidhean. Níor chosamhail ní ba mhó le aon mhadadh amháin iad ag léim- nigh ins na strapaí. Leis an uchtach a fuair siad ó Bhuck rinne siad gach aon rud beag as an chosán dhá dtáinig leó. Níor dhual dóbhtha mórán eagla a bheith ortha roimhe Spitz mar thaoiseach ní ba mhó. D'imthigh an sean- uathbhás a bhí ortha ós a choinne; agus gan fiú nár chuir siad ina gcionn féin nach taoiseach a bhí ann ar chor ar bith. D'fhuadaigh Píce leath éisc uaidh oidhche amháin, agus shlug é faoi chosnamh Bhuck. Oidhche eile chuaidh Dub agus Joe a throid le Spitz agus sháirigh air an íde a thabhairt dóbhtha a bhí tuillte aca. Agus gan fií Bilí an deagh-chroidhe féin, ní rabh sé leath comh soineannta, agus ní dhéanadh sé leath oiread caointe ag iarraidh síothcháin agus ba ghnáth leis. Ní tháinig Buck ariamh a chomhair Spitz gan an fionnadh éirghe air agus gan a ghabháil a ghlamhaireacht go danardha. Is é mar bhí sé de, go rabh sé fá choinne Spitz a chur faoi umhlaidheacht dó féin; agus shiubhail- eadh sé anuas agus suas go bródamhail ós coinne a ghaothsáin dh'aonturas air.
Bhí an stiúradh ar shiubhal de na madaidh, agus thug sin manadh úr dóbhtha ina measc féin. Bhí siad ag bruidhin agus ag piocadh troda eatorra féin, agus amannaí d'éirigheadh siad 'na scaoi mire ag gamhaireacht fríd an champa. Badh iad Dáibhí agus Sol-leks an dá mhadadh amháin nach rabh athruithe ina gcuid dóigheann, cé go rabh briste ar a stuaim-san féin leis an ghlamhaireacht gan stad a bhí thart ortha. Thig- eadh François le mallachtaí fiadhaine, théidheadh sé a dhamhsa ar an tsneachta le feirg dhíomhaoin, agus strócadh sé an ghruag aige féin. Bhí an fhuip ag siosarnaigh imeasc na madadh i dtólamh aige, ach ní rabh maith dó ann. Níor luaithe a chúl leó nó bhíodh siad ar obair arais. Bhí sé féin agus an fhuip mar sciath chosanta ag Spitz, agus bhí Buck mar sciath chosanta ag an chuid eile den bhuidhin. Bhí a fhios ag François go maith gurbh é a bhí ar chúl na trioblóide go léir, agus bhí fhios ag Buck go rabh a fhios; ach bhí Buck ró-chliste le aon dhuine breith air 'sa' ghníomh a choidhche arais. D'oibir sé go hionraice ins na strapaí, mar bhí dúil ag teacht chuige 'san obair; ach ba mhó nó sin an dúil a bhí aige troid a chur ar bun go slightheánta imeasc a chuid comrádaidhe agus na strapaí a chur in amhréidhtigh.
Ag béal an Tahkeena, oidhche amháin i ndiaidh an tsuipéara, chuir Dub coinnín sneachta ar a bhonnaí, thug áladh air, agus chaill é. 'Sa' bhomaite, bhí an chonairt uilig 'sa' tóir ar an choinnín. Céad slat uatha bhí campa de chuid Péas na Dúithche Siar-Thuaidh, agus bhí leath-chéad madadh ann, de threibh fhiadhain na tíre uilig, agus chruinnigh siad ionns' ar an tóir. Sciord an coinnín síos an abhainn, thionn- tóidh i leath-taoibh isteach i gcuan bheag agus bhain ar shiubhal amach thar an tsiocán. Reath sé go héadtrom ar uachtar an tsneachta agus b'éigean do na madaidh treabhadh ina dhiaidh le tréan urraidh. Bhí Buck ar thús na conairte, trí scór aca, thar ó choradh go coradh, ach ní rabh sé ábalta ghabháil ní ba deise don choinnín. Shín sé leis an rása, ag sceamhlaigh go fonnmhar, a chorp áluinn ag sciobadh 'un tosaigh, léim ar léim, i solas tais-bhán na gealaighe. Agus léim ar léim, mar bhéadh taidhbhse bán 'sa' tsiocán ann, sgiob an coinnín 'un tosaigh roimhe.
An dúthchas sin a chorruigheas fir amannaí ina saoghal agus a thiomáineas iad amach as na cathracha go dtí na coillte agus na machairí a mharbhú rudaí le urchair gunna, an mian fola, an fonn marbhtha a bíos ortha - bhí sin uilig ag oibriú in Buck anois, ach go rabh an tsealg i bhfad ní ba deise dá nádúir nó bíos sé dóbhtha- san. Bhí sé ag reachtáil ar thoiseach na conairte, ag seilg an ruda fhiadhain, an béile beó, agus é ag dúil le n-a mharbhú le n-a chár féin agus le n-a shoc a thumadh go dtí na súile i bhfuil the.
Tá áthas ann a chruthaigheas gur fiú do dhuine a bheith beó, áthas nach bhfuil a dhath 'sa' tsaoghal is breaghtha ná é. Agus is é sin iongantas na beatha! Tig an t-áthas sin nuair is mó atá duine beó, agus le n-a linn ghnídh duine dearmad de smaointiú go bhfuil sé beó ar chor ar bith ar mhéad a's tá sé beó. Tig an t-áthas seo, an díth chuimhne seo go bhfuil sé beó, ar an fhile, nuair a éadóidheas sé as a nádúir féin mar bhéadh bladhaire teineadh ann leis an smaointeadh mór a spreag é; tig sé ar an tsaigh- diúir, nuair a bíos mearadh catha air ar léana an bhriste agus é ag diúltú ceathramhadh anma a ghlacadh; agus tháinig sé ar Bhuck ar thoiseach na conairte, ag tógáil sean-ghlam an mhic tíre, ag seilg an bhídh a bhí beó agus a bhí ag teicheadh roimhe faoi sholas na gealaighe. Bhí sé ag nochtadh an mhéin a ba doimhne ina nádúir, agus an dúthchas a ba doimhne ná a nádúir féin, a bhí ag gabháil siar go broinn na síorraidheachta. Bhí lántonnadh na beatha ghá mhaighistreacht, bhí rabhartha na beatha ag líonadh ann, bhí fíor- áthas in gach feitheóig, i ngach alt, agus i ngach cuisle dí féin, áthas a bhí lom-lán de chroidhe agus de smior na beatha, áthas a chuir fonn meadhair air, agus é ag gluaiseacht fá bhród faoi spéir na réaltóg thar an tsneachta mharbh nach rabh ag bogadh.
Ach anois féin, nuair a bhí bród an tsaoghail ag tonnadh ann, bhí Spitz comh fuar dearcach 'sa' nádúir agus a bhí riamh. D'fhág sé an chonairt agus ghearr an aithghiorra trasna ar scóig chaoil talaimh a bhí ag síneadh amach, an áit a rabh camadh fada 'sa' chuan. Ní thug Buck fá dear an cleas seo dhá dhéanamh, agus ag teacht thart an coradh de, agus tais an tsiocáin ag teicheadh roimhe, chonnaic sé tais eile a ba toirtighe ag teacht dhe léim anuas ón bhruach isteach díreach i gcosán an choinnín. Spitz a bhí ann. Ní rabh an coinnín ábalta tionntódh, agus nuair a bhris an cár geal a dhruim 'san aer leig sé scread as féin comh hárd agus d'fhéadfadh fear loitthe a leigean. Nuair a chualaidh siad an scread sin, scread an Bheó ag tuitim ó mhullach na Beatha síos i ngreimeannaí an Bháis, thóg an chonairt a bhí ag teacht ins na sála ag Buck uaill ifrinn áthais.
Ach níor leig Buck uaill as. Níor stad sé ina choiscéim, ach ghread suas in éadan Spitz, guala ar ghualainn, comh cruaidh sin agus gur sháirigh air greim sceadamáin a fhagháil air. Thuit an bheirt aca thar a chéile 'sa' tsneachta thirm. Ach bhí Spitz ar a chosa arais comh tobann sin agus go samhlóchá nár thuit sé ar chor ar bith, rois sé Buck síos an ghuala agus thug léim as an chosán. Dhá uair chnag sé a chár ar a chéile, mar bhéadh gialltaí iarainn dula ann, agus é ag teannadh ar gcúl le háit coise ní b'fhearr a fhagháil, agus a liobra caola ag éirghe agus ag lúbarnaigh agus ag glamhairt.
I bhfaiteadh na súl thuig Buck an scéal. Tháinig an t-am 'sa' deireadh. Chaithfeadh ceann aca bás a fhagháil. Tháinig siad thart agus thart ós coinne a chéile, ag glamhairt agus na cluasa siar aca, gach aon cheann aca ag feitheamh go coimhéadach le n-a sheans, agus ar dhóigh éighinteacht chonnaictheas do Bhuck nach rabh a dhath nuaidh ins an radharc seo aige féin. Dar leis go rabh cuimhne aige uilig air ó dhúthchas - na coillte geala, an tír, solas na gealaighe, agus fíoch an chatha. Bhí suaimhneas neamh- shaoghalta ag luighe anuas ar an tsneachta agus ar an chiúnas. Ní rabh smid 'san aer - ní rabh neach ag bogadh, ní rabh duilleóg ag croitheadh 'sa' choill, agsu anál na madadh le feiceáil ag éirghe go mall agus ag socrú in aer an tsiocáin. Níor mhair an coinnín sneachta i bhfad dóbhtha, na madaidh seo nach rabh ionnta ach mic tíre nach rabh leath-chlóidhte; agus anois bhí siad cruinn thart ina ródh choimhéadach. Ní rabh smid asta-san ach oiread, ach loinnir ina súile agus a n-anál ag éalódh anáirde go fadálach. Char bhé a dhath nuaidh nó coimhthigheach do Bhuck é, an radharc seo a tháinig aniar ón tsean-tsaoghal. Bhí sé mar bhéadh seo de shíor- chleachtadh aige.
Trodaidhe eólach a bhí in Spitz. Ó Spitz- bergean anoir, agus thar Chanada agus an fásach, sheasuigh sé a chuid féin ar gach uile chinéal madaidh 'san am a chuaidh thart agus fuair sé buaidh ortha. B'iomdhaidh tocht searbh a bhí air, ach ní fhuair tallann dall ariamh lámh an uachtair air. Nuair a ba mhó a bhíodh fíoch air a námhaid a roiseadh agus a mharbhadh, ní dhéanadh sé dearmad go rabh an fíoch céadna ar a námhaid le eisean a mhilleadh agus a mharbhadh. Níor léim sé riamh ar mhadadh go dtí go rabh sé réidh le léim a cheapadh ar a son; níor ionnsuigh sé aon mhadadh riamh go dtí go rabh gléas air é féin a chosnamh.
Ní rabh maith do Bhuck a bheith ag iarraidh a chár a thiomáint i sceadamán an mhadaidh mhóir bháin sin. Ní'l aon áit a dtug sé áladh le n-a chuid fiacal ar an fheóil bhog nar cheap fiacla Spitz iad. Bhí a dhá gcár ag greadadh ar a chéile go dtí go rabh a gcuid smut gearrtha agus an fhuil ag dórtadh asta, ach ní rabh Buck in innimh ghabháil taobh istigh de ghárda a námhad. 'Sa' deireadh théigh sé suas agus tháinig dhe léim ar Spitz as gach aon áird mar bhéadh séideán sidhe ann. Arais agus arais eile thug sé iarraidh ar an sceadamán bhán, 'san áit a rabh an chuisle comhgarach don chroiceann, agus gach aon uair ariamh aca rois Spitz é agus chuaidh de léim as an chosán aige. Nuair a chonnaic Buck nach rabh maith annsin, thoisigh sé a thabhairt rásaí mar bhéadh sé ag iarraidh greim sceadamáin a fhagháil ar an mhadadh eile, ach ina áit sin tharraingeadh sé ar gcúl a cheann go tobann, chasadh é féin isteach i leath- taoibh, agus thiomáineadh a ghuala in éadan na gualann ag Spitz, ag iarraidh é a leagan. Ach ina áit sin, strócadh Spitz síos an ghualainn gach aon iarraidh é agus léimeadh as an chosán go lúthmhar.
Ní rabh a dhath ar Spitz, agus bhí Buck ag dórtadh fola agus é dhá chlaoidhe le giorr' anála. Bhí an troid ag éirghe tréan. Agus i rith an ama bhí an chonairt ina suidhe thart ortha ag fanacht go ciúin díbhfeirgeach le deireadh a chur le cibé madadh a rachfadh síos. Nuair a chuaidh an anál a dh'éirghe goirid ag Buck thoisigh Spitz a thabhairt rásaí air, agus choinnigh sé ag déanamh a chruaidh-dhíthchill é le n-a chosa a choinneáil. Uair amháin thuit Buck, agus léim an ródh iomlán de thrí scór madadh ina sheasamh; ach shábháil sé é féin, sul ar bhuail sé an talamh i gceart ar chor ar bith, agus shuidh cearcall na madadh síos arais ag fanacht.
Ach bhí an tréith ag Buck a ndéantar na gníomharthaí móra léithe - cumhacht na samhail- teach. Ar ndóighe throid sé mar ba dual dó troid de réir an dúthchais a bhí ann, ach bhí sé ábalta úsáid a dhéanamh dá inntleacht fosta ag troid. Thug sé rása fá dheireadh mar bhéadh sé ag iarraidh cleas na gualann a oibriú arais, ach 'sa' bhomaite dheireannach sciob sé síos 'un an tsneachta agus isteach. Dhruid a chár ar chois chlí tosaigh Spitz. Bhain sé an tuaim aiste a bíos ag cnámh ag briseadh, agus d'fhág sé an madadh bán ar thrí cosa ós a choinne. D'fhéach sé trí huaire eile le n-a leagan, annsin rinne sé an cleas ath-uair agus bhris sé an chos tosaigh eile. Bhí Spitz fágtha gan mhaith agus é fá phianaigh, ach streacháil sé go fiadhian le n-a chosa a choinneáil. Chonnaic sé an ródh ciúin, na súile loinnireacha, na teangthacha nochttha, an anál bhán a bhí ag éalódh anáirde ó thrí scór madadh, agus chonnaic sé iad ag drud isteach air mar chonnaic sé cearcaill cosamhail leó ag drud isteach ar mhadaidh a bhuail sé féin 'san am a chuaidh thart. Ach badh é féin a bhí buailte an iarraidh seo.
Ní rabh imtheacht aige air. Ní thabhairfeadh Buck faoiseamh ar bith uaidh. Ní rabh 'sa' trócaire ach rud a bhí ag fóirstean do thíortha ní ba mhuiglidhe ná dúithchí an tsneachta. Choimhéad sé an seans leis an rása deireannach a thabhairt. Bhí an ródh comh deas anois dó agus go rabh anál na madadh le mothachtáil aige ar a thaobhannaí. Bhí siad le feiceáil aige, thall ar chúl Bhuck agus thart na taobhannaí, agus iad leath ina luighe ag fuireacht leis an léim a thabhairt, agus a súile sáithte ann. Déarfá gur thuit sost ortha. Bhí gach aon mhadadh annsin gan bogadh as ach mar bhéadh sé 'na chloich. Ach bhí an fionnadh ina sheasamh ar Spitz agus bhí crioth air agus é anonn 's anall go bacach, ag glamhairt go scáthmhar agus go fiadta, mar bhéadh sé ag iarraidh an bás a bhí ós a chionn a scannrú uaidh. Le sin thug Buck léim isteach agus amach; ach fhad 's bhí sé istigh fuair sé guala a chur le gualainn go glan 'sa' deireadh. D'éirigh an ródh dorcha ina gcnap ar an tsneachta faoi sholas na gealaighe agus Spitz i bhfolach faobhtha. Sheasuigh Buck i leath-taoibh ag coimhéad ortha, an taoiseach a thug buaidh leis, an madadh a rabh dúthchas an bheithidhigh fhiadhain muscailte ann agus a bhí sásta gur mharbh sé a námha.