An Cúigeamhadh Caibidil: Saothar Sléigh agus Sligheadh

Deich lá as fiche i ndiaidh Dawson a fhágáil, tháinig traen sléigh na leitreach as Salt Water, agus Buck agus a chuid comrádaidhe ar tús, tháinig sin isteach go Skaguay. Bhí siad i gcás bhocht, agus na créatúir reaithte sáirithe. Buck ar ghnáth leis céad agus dá fhichid punta meadhchain a bheith ann, bhí sé reaithte anuas go dtí céad agus cúig phunta dhéag. Bhí an chuid eile de na madaidh ní b'éadtroime ná eisean ariamh, ach bhí siad-san reaithte mar an gcéadna, agus ní ba mheasa ná eisean. Is iomdhaidh uair ariamh ina shaoghal slightheánta a leig Píce, an rógaire, air féin go rabh ceann dá chuid cos gortaithe, ach anois bhí sé bacach dairíribh. Bhí Sol-leks bacach fosta, agus bhí Dub fá phianaigh ag a shlinneán a bhí as áit.

Bhí na cosa iongantach nimhneach aca uilig. Ní rabh lúthmhaireacht ar bith fágtha ionnta. Thuiteadh na cosa go trom ar an tslighe aca, ag cur deann fríd a gcorp agus ag déanamh astar an lae dhá uair comh tuirseamhail aca. Agus ní rabh a dhath eile contráilte leó ach go díreach go rabh siad marbh tuirseach. Chan marbh tuir- seach ag sin mar bhéadh siad i ndiaidh tamall goirid de shaothar ró-mhaslach, tuirse a d'imtheochadh díobhtha le linn cúpla uair de sgíthiste; chan é, ach marbh tuirseach a bhí siad i ndiaidh na míosa de shaothar a bhí ag tabhairt ar an urradh síothlódh asta go mall fadálach, lá ar lá. Ní rabh urradh ar bith fágtha ionnta le iad féin a tharraingt i gcionn a chéile. Bhí úsáid déanta aca den iomlán díreach, den rud bheag a ba lugha de neart a gcoirp. Bhí an tuirse ina gcuid fola agus feóla, agus i ngach cnámh agus feitheóg, beag nó mór, dá rabh istigh ina gcoirp. Agus ba mhaith an t-adhbhar a bhí aca. Taobh istigh de chúig mhí bhí cúig chéad fhichead de mhílte siubhalta aca, agus ar feadh na n-ocht gcéad déag deireannach de na mílte sin, ní rabh aca ach cúig lá de sgíthiste. Nuair a shrois siad Skaguay bhí siad 'e chóir a bheith ag barr. Ní rabh ann ach go rabh siad in innimh na strapaí a choinneáil righte, agus an uair a bhíodh an mhalaidh leó ní bhíodh ann ach go mbíodh siad ábalta coinneáil as cosán an tsléigh.

"Mush on, poor sore feets," arsa an tiomán- aidhe leó agus iad ag strwachailt síos sráid mhór Skaguay. "Seo an giota deireannach. Annsin gheobhaimíd sgíthiste breagh fada. Eh? Gheobhaidh cinnte. Sgíthiste breagh fada amháin."

Bhí na tiománaithe cinnte go leigfí dóbhtha sgíthiste fada a dhéanamh 'san áit a rabh siad. Bhí dhá chéad déag de mhílte siubhalta aca féin gan a fhagháil ó thoisigh siad ach dhá lá de sgíthiste, agus bhí ciall agus réasún leis go rabh tamall fada fallsachta tuillte anois aca. Ach bhí an sluagh fear a thug rása go Klondike comh mór sin, agus bhí an sluagh céadsearc agus ban- chéile agus cáirde nach dtáinig leó comh mór sin agus go rabh toirt sléibhe de leitreacha le hiom- chur ag an chupla buidhean a bhí fá choinne na ngnoithe. Le n-a chois sin bhí órduigheacha oifigeamhla fá n-a gcoinne. Bhí siad le buidheanta úra de mhadaidh ó Bháighe Hudson a chur in áit na madadh a rabh innimh na sligheadh caillte aca. Bhí siad le fagháil réidhtighthe de na madaidh a bhí as úsáid, agus ó's rud é gur beag an tsuim madaidh le taoibh airgid, bhíthear le n-a ndíol.

Chuaidh trí lá thart, agus sin an t-am ar thuig Buck agus a chuid comrádaidhe i gceart caidé comh tuirseach agus comh claoidhte a's bhí siad. Ar maidín an cheathramhadh lae, tháinig beirt fhear as na Státaí i láthair agus cheannuigh na madaidh, agus na srathair agus deireadh, ar fhíor-bheagán. Thug na fir sin "Hal" agus "Séarlas" ar a chéile. Fear donn-bhán meadhon-aosta a bhí i Séarlas, súile boga uisceamhla aige, agus crombéal stalcánta guair- each air; agus ba mhaith aige an fhéasóg chéadna mar fholach ar an liobar leamh a bhí faoithe. Stócach naoi mbliadhan déag nó fhichead bliadhan a bhí i Hal. Bhí Cólt mór agus scian fhiadhaigh strapáilte air, i gcrios a bhí pacáilte le piléir. Badh é an crios sin an rud a ba feiceálaighe fá dtaobh de. Thaisbeáin sí an easbhaidh croidhe a bhí air - easbhaidh croidhe nach rabh innse béil air. Ba léir don tsaoghal go rabh an bheirt fhear sin 'san áit nar fhóir dóbhtha. Páirt de na neacha sonn- raigheacha atá ar an tsaoghal nach bhfuil tuig- bheáil le déanamh ortha an bheirt sin a bheith ar eachtra 'sa' Tuaisceart.

Chualaidh Buck iad ag déanamh margaidh, chonnaic sé fear aca ag tabhairt airgid do bháill- idhe an Riaghaltais, agus bhí fhios aige go rabh an measgach sin a rabh fuil Albanach ann agus tiománaithe thraen 'na leitreach ag gabháil a dh'imtheacht amach as a shaoghal, dálta mar d'imthigh Peireólt agus François agus an mhuinntir eile a chuaidh rompa-san. Nuair a tiomáineadh é féin agus a chuid comrádaidhe go dtí an campa a bhí ag a mhaighistirí úra chonnaic Buck áit chiotach gan chúram, bothán nach rabh an t-éadach leath-righte air, soithigh gan nighe, agus trioc gan órdú. Le n-a chois sin, chonnaic sé bean. "Mercedes" an t-ainm a thug na fir uirthe. Bean Shéarlais a bhí innte agus deirfiur do Hal - teaghlach ar dóigh.

Ní rabh mórán muinghine ag Buck asta as an amharc a bhí aige ortha nuair a chuaidh siad a thabhairt anuas an bhotháin agus a lódáil an tsléigh. Bhí cuid mhór saothair ortha leis an obair, agus gan cuma na gnoithe ar chor ar bith ortha. Chornuigh siad éadach an bhotháin ina chuachán anasta a bhí trí huaire comh toirteamhail agus a ba cheart dó a bheith. Phacáil siad na soithigh i gcionn a chéile gan nighe ar bith. Bhí Mercedes anonn 's anall i gcosán na bhfear ar fad, agus gan drud ar a béal ach ag gabháil dóbhtha le hachmhusáin agus le comhairleacha. Nuair a chuir siad mála éadaigh ar thoiseach an tsléigh, dubhairt sise gur cheart dóbhtha é a chur ar cúl; agus nuair a chuir siad ar cúl é, agus chuir beart eile ina mhullach, tháinig sí ar éadaigh a ndeárnadh dearmad dá gcur isteach go dtí sin, agus nach dtiocfaí a chur áit ar bith eile ach ins an mhála chéadna sin. Annsin bhain siad anuas an lód arais.

Tháinig triúr fear as an bhothán a ba deise dóbhtha amach a choimhéad ortha, agus chuaidh siad sin a gháiridhe agus a chaochadh ar a chéile.

"Tá lód maith comhthrom libh mar tá sibh," arsa fear aca; "agus ach nach mise a ba cheart mur ngnoithe a innse díbh, ní thabhairfinn liom an bothán sin ar chor ar bith da mbéinn in mur n-áit."

"Ar mhothuigh aonduine a leithéid ariamh?" arsa Mercedes ag caitheamh anáirde a lámha go healadhanta fá iongantas. "Caidé faoi'n spéir mar dhéanfainn-se gnoithe gan bothán?"

"Tá'n t-earrach ann, agus ní bhfuighidh tú níos mó den aimsir fhuair," arsa an fear.

Chroith sí a ceann go ceannascach, agus chuir Séarlas agus Hal na mion-rudaí deireannacha ar mhullach an dubh-lóid.

"'Déanamh go seasóchaidh sé?" arsa fear de na fir.

"Cad chuige nach seasóchadh?" arsa Séarlas go giorraisc.

"Ó, maith go leór, maith go leór," arsa an fear go humhal. "Ní rabh orm ach an eagla. Dar liom go rabh sé rud beag trom 'e uachtar."

Thionntóidh Séarlas a dhruim leis agus theann anuas na rópaí comh maith a's tháinig leis, agus ba sin féin an teannadh nach rabh leath-mhaith go leór.

"Agus, ar ndóighe, béidh na madaidh ábalta siubhal leó i rith an lae agus an tranglamán sin leó ina ndiaidh," arsa an darna fear de rabh ag coimhéad ortha.

"Cinnte," arsa Hal, i nglór fhuar a chuirfeadh fearg ort, ag fagháil greim ar an mhaide stiúrtha le láimh amháin agus ag casadh na fuipe 'sa' láimh eile. "Mush!" ar seisean, ag leigint scairt as. "Mush on there!"

Thug na madaidh léim ar strapaí an uchta, tharraing go righin ar feadh chupla bomaite, agus sheasuigh annsin. Ní rabh siad in innimh an sléigh a bhogadh.

"Na maistíní fallsa, cuirfidh mise mothú ionnta," ar seisean, ag gabháil dhá ngreadadh leis an fhuip.

Ach tháinig Mercedes 'un tosaigh ag scairtigh, "Ó, Hal, ná bain dóbhtha," agus fuair sí greim ar an fhuip agus tharraing as a láimh í. "Na créatúir bhochta! Anois caithfidh tú geallstan domh-sa nach mbíonn tú géar leó feasta, nó ní rachaidh mise aon choiscéim amháin eile."

"Fios mór atá agat-sa fá mhadaidh," arsa'n deárthair go géar; "agus nár chóir go leigfeá domh. Tá siad fallsa, adeirim leat, agus caithfear a bhfuipeáil le tabhairt ortha a dhath a dhéanamh. Sin an dóigh atá aca. Cuir ceist ar dhuine ar bith. Cuir ceist ar fhear de na fir sin."

Dhearc Mercedes ar na fir go truacánta, agus bhí gráin do phianaigh scríobhtha ar a haghaidh ghnaoidheamhail.

"Tá siad comh lag leis an uisce, má's fios atá a dhíth ort," arsa fear de na fir. "Tá siad sáirithe amach, sin an rud atá ortha. Tá sgíthiste a dhíth ortha."

"Damnú ar sgíthiste," arsa Hal.

"Ó!" arsa Mercedes, fá bhuaidhreadh go leigfeadh a chroidhe dó mionna mór a rádh.

Ach duine te dá muinntir féin a bhí innte, agus ar an darna focal bhí sí ag cosnú a deárthara. "Ná tabhair áird ar bith ar an fhear sin," ar sise go sotalach. "Tusa atá ag tiomáint ar gcuid madadh, agus déan do chomhairle féin leó."

Anuas le fuip Hal ar na madaidh arais. Chaith siad iad féin ar na strapaí, thochail siad a gcosa síos 'sa' tsneachta, d'ísligh iad féin agus chuir iomlán a n-urraidh leis an obair. Níor bhain siad bogadh as an tsléigh ach oiread 's da mbíodh sé feistithe don talamh. Rinne siad dhá iarraidh, agus annsin sheasuigh siad fá ghiorr' anála. Chuaidh an fhuip a shiosarnaigh go hallta, ach tháinig Mercedes 'un cabhrach ortha arais. Chuaidh sí ar a glúine roimh Bhuck, agus deóra le n-a súile, agus chuir a dhá sciathán thart ar a mhuinéal.

"Órú, a chréatúir bhochta," ar sise go lághach, "cad chuige nach dtarraingeann sibh go cruaidh? - annsin ní bhéidhfí a' mur bhfuipeáil." Níor thaitin sí le Buck, ach bhí sé ró-fhada fríd-a- chéile le cur suas dí, agus ghlac sé léithe mar pháirt de ghnoithe tuirseamhail an lae.

Ins an deireadh labhair fear dá rabh ag coimhéad ortha. Bhí a chár teannta aige ar a chéile le tamallt, ag iarraidh an lucht feirge a bhí air a choinneáil istigh.

"Chan é nach cuma liom-sa 'sa' diabhal caidé a éireochas daoibh féin, ach 'a' mhaithe leis na madaidh ba mhaith liom comhairle a thabhairt daoibh. Bhéarfadh sibh cuidiú mór dóbhtha dá scoitheadh sibh an sléigh sin amach as an oidhreogaigh. Tá na maidí greamaithe 'sa' tsiocán. Caith do mheadhchan ar mhaide na stiúrthach, ó thaoibh go taoibh, agus scaoilfidh tú amach é."

Rinne Hal a chomhairle agus scaoil sé amach na maidí a bhí sioctha 'sa' tsneachta. Rinneadh an tríomhadh hiarraidh. D'éalóidh an sléigh anásta 'un tosaigh faoi n-a dhubh-lód, agus Buck agus a chuid comrádaidhe ag tarraingt an méid a bhí ina gcorp faoi cheó buillí. Céad slat 'un tosaigh chor an bealach agus chuaidh le fánaidh mhór síos go dtí sráid an bhaile mhóir. Bhéadh fear eólach a dhíth leis an t-ualach anásta sin a choinneáil díreach ar an mhalaidh sin, agus char bhé Hal an fear a bhéadh in innimh sin a dhéanamh. Ag gabháil thart an coradh dóbhtha thionntóidh an sléigh ar a thaoibh, agus scabadh leath an lóid fríd na rópaí nach rabh leath-theannta. Níor stop na madaidh ar chor ar bith. D'imthigh an sléigh éadtrom ar a thaoibh 'na ndiaidh. Bhí fearg ortha as an an-íde a bhí siad a fhagháil agus as an an-lód a tugadh le tarraingt dóbhtha. Bhí Buck ar steallaigh mire. D'imthigh sé le rúide, agus d'imthigh an bhuidhean ina chuideachta. Chuaidh Hal a scairtigh leó. "Whoa! whoa!" ach ní thug siad áird ar bith air. Baineadh truisleadh as agus cuireadh dá chosa é. Chuaidh an sléigh thaire n-a chorp ar leath-taoibh, agus ar shiubhal leis na madaidh suas an tsráid, ag scabadh an chuid eile den ualach fríd an bhaile mhór, agus muinntir Skaguay amuigh ag gáiridhe.

'Sa' deireadh cheap daoine deagh-chroidheacha na madaidh agus chruinnigh siad suas a rabh scabtha. Le n-a chois sin thug siad comhairle uatha. Leath an lóid agus dhá oiread madadh, má bhí siad ag brath ghabháil fhad le Dawson a choidhche, sin an rud a dubhradh leó. D'éist Hal agus a dheirbhshiúr agus a fear, agus chuaidh a chur dóighe ar an ualach. Thionntóidh siad amach cannaí bídh a bhain gáire as na fir a bhí ag coimhéad ortha. Ní dheárnadh úsáid ariamh roimhe de bhiadh cannaí ar an tSlighe Fhada.

"Sáth toighe ósta de phlaincéid," arsa fear de na fir a bhí ag gáiridhe agus ag cuidiú leó. "Tá barraidheacht i leath a bhfuil annsin agaibh; caithigidh uaibh iad. Caithigidh uaibh an bothán sin, agus iomlán na soitheach - cé atá le n-a nighe ar scor ar bith? 'Athair Shíorr- uidhe! - an saoileann sibh gur ag gabháil ar astar ar Pullman atá sibh?"

Agus chuaidh an obair ar aghaidh léithe mar sin, gach aon rud a bhí ann de bharraidheacht dhá réidhtiú as an chosán mar ba dual dó. Chuaidh Mercedes a chaoineadh nuair a chonnaic sí a málaí éadaigh dhá gcaitheamh ar an talamh agus gach aon airteagal dhá bhaint amach asta i ndiaidh an airteagail eile. Chaoin sí go ginearálta iad, agus chaoin sí fá gach uile bhall ann féin dár caitheadh amach. Shnadhm sí a lámha fá n-a cuid glún, agus chuaidh dhá luasgadh féin anonn 's anall go croidhe-ghoin- teach. Mhionnuigh sí nach rachfadh sí órdlach eile, dá mbéadh duisín Séarlas aice. Ghuidh sí gach uile dhuine agus gach uile nidh, agus 'sa' deireadh bhuail tallann eile í agus thriomuigh sí a súile agus thoisigh a chaitheamh amach deireadh a cuid éadaigh, gan fiú ballanna nach rabh déanamh aice gan iad. D'éirigh sí comh fonnmhar sin agus nár luaithe a bhí sí réidh le n-a cuid féin ná thoisigh sí ar éideadh na bhfear, agus scab iad mar dhéanfadh séideán sidhe.

Nuair a bhí sin féin déanta bhí an lód anásta go maith go fóill, ce'nach rabh sé leath comh toirteamhail. An tráthnóna sin chuaidh Séarlas agus Hal amach agus cheannuigh sé mhadadh as tír isteach. Bhí seisear madadh i gcomhnaidhe 'sa' bhuidhin, le cois na beirte a cuireadh isteach leó ag Rink Rapids ar an astar ghasta adaí, Tioc agus Cúna, agus d'fhág an seisear úra seo anois ceithre mhadadh dhéag 'sa' bhuidhin. Ach cé go rabh na madaidh as tír isteach clóidhte go breagh ó tháinig siad, ní rabh mórán maith ionnta. Madaidh seilge a rabh an fionnadh goirid ortha a bhí i dtriúr aca, madadh den dream atá i dTír an Éisc a bhí 'sa' cheathramhadh ceann, agus ní rabh 'sa' bheirt eile ach mongrail nar do phór ar bith ar leith iad. Ní rabh cuma ar na madaidh úra seo go rabh fhios aca a dhath ar bith. Bhí dí-mheas ag Buck agus ag a chuid comrádaidhe ortha, agus cé nach rabh seisean i bhfad ghá thabhairt le tuigbheáil dóbhtha caidé nach rabh in-déantaaca, sháirigh glan air a theagasg dóbhtha caidé a bhí de dhualgas ortha a dhéanamh. Níor chlaoidh siad go nádúrtha le saothar sléigh agus slighe. Amach ó'n dá mhongral féin, bhí siad ciaptha agus briste 'sa' spiorad ag an dúithche allta choimhthigheach a rabh siad innte, agus ag an droch-úsáid a fuair siad. I dtaca leis an dá mhongral de, ní rabh spiorad ariamh ionnta; ní rabh a dhath le briseadh ionnta-san ach na cnámha.

Mar sin de, bhí na madaidh úra fágtha fann agus an tsean-bhuidhean sáirithe amach i ndiaidh cúig chéad fhichead de mhílte a chur tharsta gan stad, agus níor fhág sin an dearcadh ró- mhaith. Ach bhí scoith aoibhe ar an bheirt fhear. Bhí bród ortha, fosta. Bhí siad ag déanamh an astair go galánta, le ceithre mhadadh dhéag. Chonnaic siad sléigheannaí eile ag gabháil amach thar an Bhearnas go Dawson, nó ag teacht isteach as Dawson, ach ní fhacaidh siad aon sléigh go fóill a rabh ceithre mhadadh dhéag leis. Anois bhí réasún le gan ceithre mhadadh dhéag a bheith ag tarraingt aon sléigh amháin ar astar mar seo ins na réagúin fhuara, agus badh é an réasún a bhí leis nach dtiocfadh le aon sléigh amháin go leór bidh a iomchur do cheithre mhadadh dhéag. Ach ní rabh fhios ag Séarlas agus ag Hal sin. Bhí biadh an astair cunntaiste aca le peann luaidhe, an oiread seo de gach aon mhadadh 'sa' lá; an oiread seo madadh, an oiread seo laethe, Q.E.D. Dhearc Mercedes thar a ngualainn agus d'aontuigh léo go tuigseach, bhí sé uilig comh simplidhe.

Go mall ar maidín lá ar n-a bhárach ghluais Buck suas an tsráid ar thoiseach na buidhne fada. Ní rabh cuma chroidheamhail ar bith ar na gnoithí, ní rabh spiorad ar bith ann féin nó ina chuid comrádaidhe. Bhí siad marbh sáirithe ag toiseacht dóbhtha. Ceithre huaire cheana féin a rinne sé an t-astar atá eadar Salt Water agus Dawson, agus bhí sé searbh ag smaointiú go rabh aige le ghabháil i gcionn na sligheadh céadna arais, agus é tuirseach sáirithe. Ní rabh a chroidhe 'san obair, nó croidhe aon mhadaidh eile ach oiread leis. Bhí na madaidh as tír isteach scannruithe faitcheach, agus ní rabh dóchas ar bith ag madaidh na dúithche as a gcuid maighistir.

Ar dhóigh éighinteacht spreag sé Buck nach rabh an bheirt fhear agus an bhean seo ion- taobhtha. Ní rabh fhios aca caidé mar ba cheart a dhath a dhéanamh, agus de réir mar bhí na laethe ag gabháil thart bhí sé ag éirghe soiléir nach rabh siad in innimh foghluim a dhéanamh. Bhí siad neamartach fá gach uile nídh, gan órdú gan stiúradh aca. Bhainfeadh sé leath na hoidhche asta campa a dhéanamh go ciotach féin, agus bhainfeadh sé leath na maidne asta an campa sin a bhriseadh agus an sléigh a lódáil comh hanásta sin agus go gcaitheadh siad an chuid eile den lá ag stopadh agus ag cóiriú an ualaigh. Corr lá ní dhéanadh siad deich míle de shlighidh. Corr lá eile ní bhfuigheadh siad 'un bealaigh ar chor ar bith. Ní dheárn' siad ní ba mhó an lá a b'fhearr iad nó leath an tsiubhail a bhí na fir a fhágáil ós coinne gach lá nuair a bhí siad ag déanamh suas biadh na madadh.

Chaithfeadh siad reachtáil goirid i mbiadh na madadh. Ní rabh imtheacht aca ar sin. Ach thoisigh siad a thabhairt barraidheacht cothuigh- the do na madaidh, 'sa' chaoi 's go rabh siad ag tabhairt an lá ní ba deise do bhaile a gcaithfeadh siad na madaidh a chur ar ghanntanas bídh. Bhí goile craosach ag na madaidh as tír isteach. Níor tugadh an cleachtadh dóbhtha-san trí shíor- ghorta a mhór a dhéanamh den bheagán. Le n-a chois sin, nuair a chonnaic Hal go rabh na madaidh a bhí sáirithe ag tarraing go lag- bhrígheach, dar leis go rabh an sciar den bhiadh a bhí leagtha amach dóbhtha ró-bheag. Dhúbail sé é. Agus dhe bharr ar an iomlán, nuair a sháirigh ar Mhercedes, ce'go rabh deóra ina súile gnaoidheamhla agus tocht ina glór, é a mhealladh le tuilleadh a thabhairt dóbhtha, chuaidh sí a ghoid as málaí an éisc agus a thabh- airt bídh dóbhtha go fáilthidhe. Ach chan biadh a bhí a dhíth ar Buck agus ar na "huscaidh- eanna" ar chor ar bith ach sgíthiste. Agus cé gur bheag an siubhal a bhí siad a dhéanamh 'sa' lá, bhí an t-ualach trom a bhí siad a streachailt ag trághadh an urraidh asta glan.

Tháinig an ganntanas 'sa' deireadh. Thug Hal fá dear maidín amháin go rabh leath an bhídh caithte agus gan déanta ach an ceath- ramhadh cuid den astar; agus fuair sé amach rud eile, nach rabh aon ghreim de bhiadh madadh le fagháil ar an chosán ar ghrádh nó ar airgead. Thug sé ní ba lugha dóbhtha annsin ná bhí leagtha amach ó thús aige, agus 'san am chéadna d'fhéach sé le gluaiseacht ní ba ghaiste. D'aon- tuigh a dheirbhshiúr agus a fear leis; ach choinn- igh an lód trom agus an easbhaidh eólais a bhí ortha féin ar gcúl iad. Bhí sé furast go leór ní ba lugha bídh a thabhairt do na madaidh; ach ní rabh sé in-déanta tabhairt ar na madaidh gluaiseacht ní ba ghaiste, agus nuair nach rabh de mhaith ionnta féin a bheith réidh le ghabháil 'un bealaigh ní ba luaithe ar maidin ní thiocfadh leó ní ba mhó den lá a chaitheamh ag siubhal. Le cois nach rabh a fhios aca an dóigh le madaidh a oibriú, ní rabh fhios aca an dóigh le iad féin a oibriú ach oiread.

Dub an chéad mhadadh a cailleadh. Gadaidhe bocht tútach mar bhí ann, bhíthear i gcomhnaidhe ag breith air agus i gcomhnaidhe ag tabhairt íde dó, ach oibridhe ionraice a bhí riamh ann. Chuaidh an slinneán a bhí gortaithe aige 'un olcais a dhíothbháil aire nó sgíthiste, agus 's é an deireadh a bhí air gur chaith Hal é leis an Chólt mhór a bhí ar iomchur leis. Deirtear 'san dúithche sin go bhfuighidh madadh as tír isteach bás ó'n ocras ar an sciar a mbíonn sáith madadh na dúithche ann; agus mar sin de caidé a mbéadhfá ag dúil leis ach na sé mhadadh as an Taobh Amuigh a bhí faoi stiúradh Bhuck bás a fhagháil ar leath an sciair a ba cheart do mhadadh as an dúithche a fhagháil? Fuair an madadh as Tír an Éisc bás an chéad uair, annsin na trí mhadadh seilge, agus cé gur sheasuigh an dá mhongral amach ní ba righne ná iad, fuair siad-san fosta bás 'sa' deireadh.

Fán am seo bhí uaisleacht agus nádúracht an Deiscirt uilig caillte ag an triúr daoine seo. Nuair a d'imthigh an t-uabhar agus an fhánaidh- eacht de shiubhal an Arctic ní rabh fágtha ann aca ach saothar a bhí ró-righin ag an dúthchas a bhí ionnta mar fheara agus mar mhnaoi. Stad Mercedes de bheith ag caoineadh ós cionn na madadh. Bhí sí ró-ghnoitheach ag caoineadh fá dtaobh díthe féin agus ag troid le n-a fear agus le n-a deárthair. Agus badh é sin an t-aon rud amhán nach dtiocfaí iad a thuirsiú de, a bheith ag bruighin eatorra féin. D'fhás an searbhas sin as an anás a bhí ortha, mhéadaigh sé as, chothuigh é féin as, agus 'sa' deireadh d'éirigh ní ba treise ná an t-anás é féin. Tá fir ann a dtig foighid mhór na sligheadh chuca, fir a oibreas go cruaidh agus a fhuilingeas go goirt, agus 'san am chéadna a choinnigheas an teangaidh chaoimheamhail agus an nádúir chinéalta, ach níor bh'é sin don bheirt fhear agus don mhnaoi seo é. Ní rabh a fhios aca caidé an rud foighid. Bhí siad stocáilte agus fá phianaigh; bhí pian ins na feitheógaí aca, bhí pian ins na cnámha aca, bhí pian 'sa' chroidhe aca; agus mar go rabh siad fá phian- aigh mar sin, bhí siad géar 'sa' teangaidh, agus bhí focla searbha as a mbéal ar na chéad fhocla ar maidin agus ar na focla deireannacha 'san oidhche.

Bhí Séarlas agus Hal ag bruighin le gach aon seans dá dtug Mercedes dóbhtha. Dar le gach aonduine aca go rabh sé féin ag déanamh an sciar a ba mhó den obair, agus níor leig ceachtar aca aon seans thairis gan sin a rádh. Amannaí chuidigheadh Mercedes le n-a fear, agus amannaí eile le n-a deárthair. D'fhág sin 'na dteaghlach dóigheamhail iad gan stad ortha ach ag troid. B'fhéidir go dtoiseóchadh siad le haragáil fá cé aca ar cheart dó cupla smután a ghearradh fá choinne na teineadh (díospóracht nach rabh baint aige le aonduine ach le Séarlas agus le Hal), agus sul a stadadh siad b'fhéidir go dtar- raingeochaí isteach ann gach duine a rabh baint aige don teaghlach, aithreachaí, máith- reachaí, oncail, colanna ceathracha, daoine a bhí na mílte míle ar shiubhal, agus gan fiú daoine a bhí marbh. Creidim nach bhfuil sé ion- tuigthe ag aonduine caidé an bhaint a bhí ag gearradh smután fá choinne teineadh leis na baramhlacha a bhí ag Hal de litridheacht, nó leis na drámaí a ba ghnáth le deárthair a mháthara a scríobhadh fá choinne na n-uasal; ach bhéadh sé comh dóiche deireadh mar sin a bheith aca ar an iomrascáil le deireadh ar bith eile - na baramhlacha poilitidheachta a bhí ag Séarlas, cuir i gcás. Ar ndóighe ní shamhlóchadh aon- duine ach Mercedes go rabh baint ar bith ag an teangaidh chúl-chainnte a bhí ag deirfiur Shéarlais do fhadódh teineadh a chois an Yukon, ach is iomdhaidh lucht a chuir sí díthe féin fá chuid mí-greann na mná sin, agus fá thréithe eile nach rabh deas a bhí ag baint le muinntir a fir. Agus fhad 's bhéadh sin ag gabháil ar aghaidh d'fhanadh an teine gan deargadh, d'fhanadh an campa leath-dhéanta, agus d'fhan- adh na madaidh gan ghreim bídh.

Bhí ádhbhar mór gearáin ag Mercedes - mar gur bean a bhí innte. Bhí sí bog gnaoidheamhail, agus bhí sí cleachttha le fir a bheith faoi urraim dí riamh. Ach anois bhí a fear agus a deárthair ar gach aon dóigh ach urramach dí. Bhí sé de ghnáthas aice gan a dhath a dhéanamh dí féin. Chuaidh siad-san a ghearáin léithe. Ní rabh áird aca ar an cheart ar leith, dar léithe, a bhí aice mar hnaoi, agus choinnigh sí teine dhealáin leó go dtí go rabh siad dóighte dá saoghal aice. Chaill sí an truaighe a bhíodh aice do na madaidh, agus anois, mar go rabh sí nimhneach le tuirse, ní dhéanfadh a dhath maith dí ach suidhe ar an tsléigh. Mar dubhairt mé, bhí sí bog gnaoidh- eamhail, ach bhí céad agus fiche punta meadhchain innte - agus níor bheag an toirt sin le cur leis an ualach a bhí na hainmhithe laga ocracha a streachailt 'na ndiaidh. D'fhan sí 'na suidhe ar an tsléigh ar feadh dórnán laethe, go dtí gurbh é an deireadh a bhí air gur thuit na madaidh ins na strapaí agus nach rabh siad in innimh an sléigh a bhogadh. D'iarr Séarlas agus Hal uirthe a theacht anuas den tsléigh agus siubhal, chuaidh siad a ghuidhe agus a phlásaidheacht léithe, agus chuaidh sise a ghol agus a scairtigh ar Dhia éisteacht le comh brúideamhail as bhí siad.

Uair amháin tharraing siad anuas den tsléigh í le tréan urraidh. Ní dheárn' siad ath-uair é.

Shín sí uaithe a cosa gan bhrígh mar dhéanfadh leanbh a bhéadh millte, agus shuidh síos ar an tslighe. D'imthigh siad-san leó, ach níor chor- ruigh sí as áit na mbonn. Chuaidh siad trí mhíle, agus annsin bhain siad an lód den tsléigh, tháinig arais fá n-a coinne, agus chuir 'na suidhe arais ar an tsléigh í le tréan urraidh mar an gcéadna.

Bhí an oiread sin anáis ortha féin agus go ndeárn' siad neamh-iongantas den anás a bhí ar na madaidh. Bhí manadh ag Hal go gcaith- feadh gach aon neach clodhadh leis an chruaidh- teán, agus chuir sé an manadh sin in úsáid ar dhaoine eile. Chuaidh sé a dhéanamh sean- móireach fá na gnoithí le n-a dheirfiur agus le Séarlas ar tús. Ní dheárn' sé maith leó-san, agus annsin chuaidh sé a chlodhadh na madadh le smaichtín. Ag na Cúig Méir reath siad as biadh glan, agus d'ofhráil sean-bhean nach rabh cár ar bith aice cupla punta de chraiceann sioctha capaill a dhíol leó ar an Chólt a bhí sáithte 'sa' chrios le cois na scine fá scoróig Hal. Ba bhocht an biadh an craiceann seo, agus é go díreach mar feannadh de chaiple gortacha lucht eallaigh é sé mhí roimhe sin. Sioctha 's mar bhí sé ba chosamhla le léabthacha iarainn é nó le feóil, agus nuair a gheibheadh madadh é a chognadh síos ina ghoile le tréan corraidheachta bhí sé 'na stialltaí caola leathair gan chothú, agus ina mholl de fhionnadh ghoirid leis an chascairt istigh ann, ag cur pianaigh ar an ghoile agus gan subsainte le baint as.

Agus fríd an iomlán streachail Buck leis ar thoiseach na madadh mar bhéadh sé ag rábh- ailligh. Tharraingeadh sé nuair a bhíodh brigh tarrangta ann; agus nuair nach mbíodh sé in innimh tarraingt ní ba mhó, luigheadh sé síos annsin agus d'fhanadh 'na luighe go dtí go gcuireadh buillí fuipe nó buillí smaichtín ar a chosa arais é. Ní rabh an cóta áluinn seascair a bhí air uair den tsaoghal slíoctha ní ba mhó. Bhí an fionnadh crochta leis, garbh streachailte, agus clibíní de greamaithe dá chéile le fuil thirm, gach áit a rabh sé brúighte ag smaichtín Hal. Bhí na feitheógaí caithte ina gcórdaí cnapánacha ann, agus bhí an fheóil scilte de, 'sa' chaoi 's go rabh gach aon chnámh agus gach aon asna ina chorp le tabhairt fá dear go soiléir faoin'n chraic- eann scaoilte a bhí 'na ricineacha folamha air uilig. Bhrisfeadh sé croidhe ar bith an íde a bhí fáighte aige, ach nach rabh briseadh le déanamh ar chroidhe Bhuck. Bhí sin cruthuithe ag fear an gheansaí dheirg.

Bhí an bhail chéadna ar na madaidh eile a bhí ar Bhuck. Ní rabh ionnta ach na cnámha ag siubhal. Seachtar a bhí siad ann fá'n am seo, eadar eisean agus uile. Bhí an t-anás i bhfeadán- acht comh mór sin ionnta agus nach rabh mothú aca ar ghreadfach na fuipe nó ar ghortú an smaichtín. Mhothuigh siad an phian go bodhar fadálach mar bhéadh sí i bhfad uatha, go díreach mar chonnaictheas dóbhtha go rabh na rudaí a chonnaic a súile agus a chualaidh a gcluasa i bhfad uatha. Ní rabh siad leath-bheó, nó an ceathramhadh cuid de a bheith beó. Ní rabh ionnta ach seacht mála cnámh a rabh drithleóg na beatha ag oibriú go lag istigh ionnta. Nuair a scairtfí leó seasamh, thuiteadh siad síos ins na strapaí mar bhéadh siad marbh, agus théidh- eadh an drithleóg bheag bheatha a chlaoidhe agus a laghadú mar bhéadh sí ag gabháil as. Annsin nuair a thuiteadh an fhuip nó an smaich- tín ortha, thigeadh bladhaire beag ar dhrithleóig na beatha arais, agus tharraingeadh siad iad féin ar a gcosa agus streachaileadh an sléigh giota eile.

Tháinig an lá 'sa' deireadh ar thuit Bilí am deagh-chroidhe agus nar éirigh sé ní ba mhó. Bhí an Cólt díolta ag Hal, agus mar sin de ní dheárn' sé a dhath amháin ach an tuagh a thabhairt leis agus Bilí a chnagadh 'sa' chloiginn léithe agus é 'na luighe ins na strapaí; annsin ghearr sé an corp amach as an tsrathar agus tharraing i leath-taoibh é. Chonnaic Buck sin, agus chonnaic a chuid comrádaidhe uilig é, agus bhí a fhios ag gach aon cheann ariamh aca go rabh an bás céadna deas go maith dó féin. An lá 'na dhiaidh sin fuair Cúna bás, agus ní rabh fágtha ach cúigear aca: Joe, agus é ró-chlaoidhte le a bheith crosta; Píce, agus é bacach creapalta, agus gan mothú go leór aige air féin le a bheith ábalta a ghabháil a ghadaidheacht; Sol-leks na leath-shúile, díleas do shaothar sléigh agus sligheadh go fóill, agus cumhaidh air nach rabh urradh ann mar bhíodh le tarraingt; Tíoc, nach rabh oiread siubhail déanta aige leis an chuid eile an geimhreadh sin, agus a bhíthear a bhualadh ní ba mhinice ná an chuid eile anois mar go rabh sé ní b'urradhanta; agus Buck, ar thoiseach na madadh go fóill, ach gan é ag iarraidh stiúradh a choinneáil ortha ní ba mhó, é dall le laige leath an ama, agus gan de sheifte aige leis an tslighe a choinneáil ach leis an lag-loinnir a bhí aiste agus le mothú a chuid cos.

Aimsir áluinn earraigh a bhí ann, ach ní rabh mothú ag na madaidh nó ag an mhuinntir a bhí leó uirthe. Bhí an ghrian ag éirghe ní ba luaithe agus ag gabháil a luighe ní ba mhoille gach aon lá ná an lá roimh ré. Bhíodh an lá ag bánú ar an trí ar maidín, agus ní théidheadh sé ó sholas go dtí an naoi 'e chlog tráthnóna. Bhí an lá uilig ina loinnir ghréine. Bhí ciúnas taidhbh- seach an gheimhridh ar shiubhal, agus munamar beó an earraigh ina áit ag fuagradh go rabh an saoghal ag muscladh. D'éirigh an munamar seo as an talamh agus bhí áthas an tsaoghail tleigthe ann. Tháinig sé as na neacha sin a bhí mar bhéadh siad marbh, gan bogadh asta, ar feadh na mí fada a bhí an siocán ann. Bhí an súgh ag éirghe ins na crainn. Bhí bachlógaí ag briseadh amach ar chraobhacha na saileog agus na gcrann eabhaidh. Bhí na tuir agus fíneamhna ag cur cultacha glasa úra ortha féin. Bhíodh crucairt ag seinm 'san oidhche, agus 'san lá ní rabh neach ag siubhal nó ag snámh sa chré nach dtigeadh amach go teas na gréine. Bhí partruisc agus gobadáin choilleadh ag scairtigh agus ag déanamh tuaim fá chrainn. Bhí madaidh crainn ag giobaraisc, éanacha ag cantán, agus éanlaith fiadhain ag déanamh calláin anáirde ós do chionn agus iad ag eiteall aníos ó dheas i gcoluimneacha géara a bhí ag scoilteadh an aeir.

Bhí srutháin ag sileadh le gach aon mhalaidh cnuic, agus ceileabhar ag tobair fholaithe. Bhí cascairt ar gach uile nídh. Bhí gach aon rud ag lúbadh agus ag scaoileadh. Bhí an Yukon ag coraidheacht leis an oidhreogach a bhí hgá cheangal ag iarraidh í a réabadh dá bhrollach. Bhí an t-uisce ag ithe faoi, agus an ghrian ag ithe ós a cionn. Bhí poill ag teacht 'san oidhreogaigh, scoiltidheacha ag foscladh agus ag ag giobaraisc, éanacha ag cantán, agus éanlaith fiadhain ag déanamh calláin anáirde ós do chionn agus iad ag eiteall aníos ó dheas i gcoluimneacha géara a bhí ag scoilteadh an aeir.

Bhí srutháin ag sileadh le gach aon mhalaidh cnuic, agus ceileabhar ag tobair fholaithe. Bhí cascairt ar gach uile nídh. Bhí gach aon rud ag lúbadh agus ag scaoileadh. Bhí an Yukon ag coraidheacht leis an oidhreogach a bhí hgá cheangal ag iarraidh í a réabadh dá bhrollach. Bhí an t-uisce ag ithe faoi, agus an ghrian ag ithe ós a cionn. Bhí poill ag teacht 'san oidhreogaigh, scoiltidheacha ag foscladh agus ag leathadú, agus léabthacha de oidhreogach chaol ag tuitim síos 'san abhainn. Agus fríd an scoil- teadh agus an strócadh seo, fríd an bhualadh cuisle seo a bhí ag an tsaoghal ag muscladh, faoi lonnradh na gréine agus fríd chaoin-osna na gaoithe, seo chugainn iad mar bhéadh siad ag déanamh turas 'un báis, an bheirt fhear, an bhean, agus na madaidh, agus iad ag streachailt leó.

Bhí na madaidh ag tuitim, Mercedes ag gol agus ag marcaigheacht, Hal ag mallachtaigh, agus an t-uisce ag cruinniú go truaighmhéileach i súile Shéarlais; agus sin an bhail a bhí ortha nuair a tháinig siad isteach go campa Sheáin Thornton ag béal na hAbhna Báine, agus gan ann ach go rabh siad ábalta a gcosa a choinneáil. Buair a stad siad thuit na madaidh as a seasamh mar chnagfadh an bás iad. Thriomuigh Mercedes a súile agus d'amharc ar Sheán Thornton. Shuidh Séarlas síos ar mhaide le n-a scíthiste a dhéanamh. Bhí sé comh stocáilte sin agus gurbh' éigean dó é féin a leigean síos go fadálach leis an phianaigh. Rinne Hal an comhrádh. Bhí Seán Thornton ag baint na slisneacha deir- eannacha de chois tuaighe a bhí sé i ndiaidh a dhéanamh as géag beithe. Ghearr sé leis agus é ag éisteacht, thug freagraí aon-fhoclacha ar Hal, agus thug comhairleacha goiride uaidh nuair a hiarradh air iad. Bhí scoith aithne aige ar an chinéal dream ar díobhtha iad seo, agus thug sé na comhairleacha uaidh agus fios maith aige nach leanfaí dóbhtha.

"Dubhairt siad shuas an tír linn go rabh an tón ag tuitim as an tslighidh agus gur bhfeairrde dúinn fanacht 'san áit a rabhamar," arsa Hal, nuair a thug Thornton comhairle dó gan taobhadh ní ba mhó leis an oidhreogaigh "lobhtha." "Dubhairt siad linn nach rachamuis fhad leis an Abhainn Bhán a choidhche, agus táimid annso 'na dhiaidh sin." Bhí goimh ghéar mhagaidh ar na focla deireannacha sin.

"D'innis siad an fhírinne duit," arsa Seán Thornton. "D'fhéadfadh an tón tuitim as an tslighidh bomaite ar bith. Ní thiocfadh aon- duine an fad seo féin ach amadáin a rabh an t-ádh a bíos ar amadáin ortha. Tá mé ag innse na fírinne duit, cha dtaobhfainn mo chorp leis an oidhreogaigh sin ar a bhfuil de ór in Alaska."

"Sin díothbháil nach amadán thú, creidim," arsa Hal. "Mar sin féin, rachaimid ar aghaidh go Dawson." Scaoil sé amach an fhuip. "Éirigh amach as sin, a Bhuck! Hí! Éirigh! Siubhail leat!"

Mhair Thornton ag baint slisneach den bhata ar fad. Bhí a fhios aige nach rabh maith dó ghabháil eadar amadán agus a chuid amaidigh; agus nach mbéadh sé a dhath ní b'fhusa ná sin triúr amadán a chur dá gcuid amaidigh.

Ach níor éirigh na madaidh nuair a hiarradh ortha é. B'fhada anois iad ins an chaoi 's nach rabh a dhath le n-a gcur 'n-a suidhe ach na buillí. Tháinig an fhuip anuas ortha, ag sios- arnaigh go mí-thrócaireach. Theann Seán Thornton a liobara ar a chéile. Sol-leks an chéad mhadadh a streachail é féin ar a bhonnaí. D'éirigh Tíoc 'na dhiaidh. Annsin d'éirigh Joe, ag sceamhlaigh le pianaigh. D'fhéach Píce le héirghe, agus é fá phianaigh fosta. Dhá uair, thuit sé nuair a bhí sé leath 'na shuidhe, agus ar an tríomhadh hiarraidh fuair sé na bonnaí a chur faoi. Ach ní dheárn Buck iarraidh ar bith. D'fhan sé annsin 'na luighe go suaimhneach 'san áit ar thuit sé. Chuir sreangán na fuipe deann fríd arais agus arais eile, ach níor chuir sé sceamh nó bogadh as féin. Thug Thornton in amhail labhairt dhá nó trí 'e chuarta, ach d'athruigh sé a intinn gach aon iarraidh aca. Tháinig ceó ar a shúile, agus thoisigh sé a shiubhal anuas agus suas, ag amharc ar an fhuipeáil a bhí an madadh a fhagháil, agus é eadar dhá chomhairle fá caidé a ba cheart dó a dhéanamh.

Badh é seo an chéad uair ariamh a d'fheall Buck ortha, agus badh leór sin féin le Hal a chur ar steallaigh mire. Chaith sé uaidh an fhuip agus thug leis an smaichtín. Ach dhiúl- tuigh Buck éirghe anois féin, cé go rabh na buillí ag tuitim ní ba truime air agus ag tuitim go fras. Dálta a chomrádaidhe ní rabh ann ach go rabh sé in innimh éirghe ach, rud nár smaointigh siad-san air, bhí rún daingean aige gan féacháil leis. Ar dhóigh éighinteacht nach bhfuil ion-tuigthe, mhothuigh sé an bás ós a gcionn. Taidhbhseadh sin dó nuair a bhí siad ag tarraingt isteach 'un a' bhruaich agus ní tháinig leis a chur as a cheann go fóill. Bhí oidhreogach chaol lobhtha le mothachtáil faoi n-a chosa ó mhaidín aige, agus chonnaictheas dó go rabh an chontabhairt dá gcomhair, go rabh an bás rompa amuigh annsin ar an abhainn, 'san áit a rabh a mhaighistir ag iarraidh é a thiomáint. Dhiúltuigh sé bogadh. Bhí sé an fhad sin fríd a chéile, agus oiread fuilingthe chean féin aige, agus nach rabh an buillí ghá ghortú mórán. Bhí siad ag tuitim go fras air, agus le n-a linn bhí drithleóg na beatha ag lag- thrillseadh agus ag gabháil síos ann. Bhí sí chóir a bheith as. Bhí sé bómánta agus mar bhéadh an mhór-chuid dá mhothú caillte aige. Bhí fhios aige go rabhthar ghá bhualadh, ach bhí na buillí mar bhéadh siad i bhfad ar shiubhal. D'imthigh mothú na pianaighe glan as. Ní rabhthar ghá ghortú ar chor ar bith, cé go rabh tuaim an smaichtín le cluinstean go lag aige ar a chorp. Ach dar leis nach a chorp a bhíthear a bhualadh ar chor ar bith, ach cumhdach a bhí go hárd ós a chionn agus nar dheas dó ar thaoibh ar bith.

Le sin féin, gan chomhartha gan scéala, leigidh Seán Thornton scread as féin a ba chosamhla le scread ainmhidhe nó le scread dhaonda, agus bheiridh sé léim ar fhear an stacáin. Spréidheadh Hal ar shlait chúl a chinn, mar chnagfadh crann a bhéadh ag tuitim é. Leig Mercedes scread aiste. Chumail Séarlas a shúile fliucha agus dhearc go truacánta ortha, ach bhí sé ró-stocáilte le héirghe.

Sheasaigh Seán Thornton ós cionn Bhuck ag iarraidh buaidh a fhagháil ar a chud feirge, agus é ró-luchtaithe le labhairt.

"Ma bhuaileann tú an madadh sin arais mairbhfhidh mé thú," ar seisean 'sa' deireadh, agus an tocht ghá phlúchadh.

"Liom féin an madadh," arsa Hal, ag teacht arais agus é ag cumailt na fola de n-a bhéal. "Fág an bealach agam nó cuirfidh mé deis ort. Tá mé ag gabháil go Dawson."

Sheasaigh Thornton eadar é féin agus Buck, gan cuma ar bith air go rabh sé ag brath an bealach a fhágáil. Tharraing Hal amach a scian mhór fiadhaigh. Thoisigh Mercedes a screadaigh, a chaoineadh, a gháiridhe, agus a thaisbeáint go rabh sí fhad fríd a chéile 's nach rabh a fhios aice caidé a bhí sí a dhéanamh. Thug Thornton buille géar de chos na tuaighe in ailt na méar do Hal, agus thuit an scian 'un talaimh. Thug sé an darna buille 'sna méara dó nuair a d'fhéach Hal le n-a thógáil. Annsin chrom sé, thóg an scian é féin, agus ghearr na strapaí de Bhuck le dhá tharraingt díthe.

Ní rabh ní ba mhó troda fágtha in Hal. B'éigean dó a dheirfiur a choinneáil ar scor ar bith; agus le n-a chois sin bhí Buck ró-dheas don bhás le maith ar bith a bheith ann ag tarraingt an tsléigh ní ba mhó. Fá chionn chupla bomaite eile bhí siad ar shiubhal amach ón bhruach agus síos an abhainn gan é. Chualaidh Buck iad ag imtheacht, agus thóg sé a cheann go bhfeiceadh sé. Bhí Píce ar toiseach, Sol- leks in aice an tsléigh, agus Joe and Tíoc eatorra. Bhí siad ag streachailt leó go bacach. Bhí Mercedes 'na suidhe ar an tsléigh lódáilte. Bhí Hal ghá gceannsú le maide na stiúrthach, agus Séarlas ag bogadaigh leis ar deireadh.

D'fhan Buck dhá gcoimhéad, agus Thornton ar a ghúine ag a thaoibh agus a lámha garbha cinéalta aníos a's síos air, ag cuartú an rabh cnámha briste ann. Nuair a bhí corp an mhadaigh cuartaithe go hiomlán aige, chonnaic sé nach rabh air ach na scórthaí marcann de bhrúghadh smaichtín, agus go rabh sé feannta le hocras; agus fán am seo bhí an sléigh ceath- ramhadh míle ar shiubhal. Choimhéaid an madadh agus an fear in éinfheacht iad ag éalódh go mall thar an oidhreogach. I bhfaiteadh na súl, chonnaic siad deireadh an tsléigh ag gabháil síos, mar rachfadh sé isteach i ndíg, agus maide na stiúrthach ag éirghe anáirde 'san aer agus greim ag Hal air. Chualaidh siad Mercedes ag screadaigh. Chonnaic siad Séarlas ag tionntódh agus ag tabhairt aon choiscéim amháin le reach- táil arais, agus annsin léab mhilltineach den oidhreogaigh ag briseadh agus an t-iomlán díreach, eadar mhadaidh agus dhaoine, ag gabháil síos as amharc. Ní rabh le feiceáil ach béal craosach an phoill. Thuit an tón as an tslighidh go fíor.

D'amharc Seán Thornton agus Buck ar a chéile.

"A dhiabhail bhoicht," arsa Seán Thornton, agus chuaidh Buck a lighe a láimhe.


AR AIS AR ADHART SMO 1996-10-19 CPD