An Seachtmhadh Caibidil: An Dúthchas ag Scairtigh

An lá a shaothruigh Buck na sé chéad déag dollar do Shéan Thornton, thug sé caoi dá mhaighistir fiacha éigin a bhí air a íoc agus a ghabháil le n-a chomrádianaí ar an astar a bhí leagtha amach aca a dhéanamh fríd an Oirthear. Bhí iomrádh go rabh mianach óir amuigh annsin ar cailleadh marc air, agus bhí star- aidheacht air a bhí comh haosta le stair na tíre í féin. B'iomdhaidh fear a chuaidh dhá chuartú; ba bheag fear a tháinig air; agus ba mhó nó an beagán an méid nach dtáinig arais ariamh ón tóraidheacht. B'iomdhaidh scéal diamhrach a hinnseadh fán mhian óir seo, agus b'iomdhaidh scéal báis a hinnseadh fá dtaobh de. Ní rabh fhios ag aonduine cérbh é an chéad fhear a tháinig air. Ins na scéalta a ba sine dá rabh ann fá'n mhianach ní rabh trácht ar bith air-sean. Bhí sean-chábán ársaidh ann ó thús ama. Mhionnuigh fir le sin ar leabaidh an bháis, agus mhionnuigh siad fosta leis an mhianach óir a rabh an cábán déanta ós a chionn, agus le n-a chruthú go rabh an fhírinne aca thaisbeáin siad ór-chlocha nár chosamhail 'sa' ghráinnín le hór ar bith eile de a bhfuarthas 'sa' Tuaisceart.

Ach ní rabh aon fhear beó anois dá dtáinig ar an stór luachmhar seo, agus bhí na mairbh marbh. Mar sin de d'imthigh Seán Thornton agus Pete agus Hans, agus thug siad leó Buck agus leath-duisín eile madadh leó, amach i bhfásach an Oirthir ar shlighidh nach rabh aithne nó eólas air, ag dúil go n-éireochadh leó- san 'san áit ar sháirigh ar fhir agus ar mhadaidh a bhí comh maith leó. Chuaidh siad trí scór go leith míle suas an Yukon leis an tsléigh, annsin chor siad go taobh na láimhe clí go dtáinig fhad le habhainn na Stíobhairt, chuaidh thart le habhainn Mhuigheó agus le habhainn Mhic Uistin, agus lean don chúrsa go dtí nach rabh 'san Stíobhart í féin ach sruthán, agus go rabh siad ag éalódh amach eadar na mullaigh árda atá mar chnámh droma ag an mhór-dhúithche go léir.

Ní rabh mórán a dhíth ar Sheán Thornton ariamh ó dhuine nó ó dhúilreamh. Ní rabh eagla air roimh a fhásach. Dá mbíodh gráinnín salainn agus gunna leis, thiocfadh leis a ghabháil ina rogha bealach agus fanacht ann fhad 's ba mhian leis. Bhí dálta na bhFear Dearg air; ghlacadh sé a am, agus théidheadh sé a sheilg a dhinnéara ar astar an lae. Dá sáirigheadh air a dhinnéar a fhagháil, shiubhaileadh sé leis, dálta na bhFear Dearg arais, agus fios maith aige go dtiocfadh sé air am éighinteacht. Mar sin de, ar an astar mhór seo amach 'san Oirthear, feóil ghlan an biadh a bhí le bheith aca i rith an ama, púdar agus uirlisí a ba mhó a bhí 'sa' lód a bhí ar an tsléigh, agus bhí an tsíorraidheacht rompa le n-a rogha am a dhéanamh dí.

Níl innse béil ar an áthas a chuir sé ar Bhuck, an t-astar seo, ag seilg, ag iascaireacht, agus ag siubhal leó fríd fhásaigh choimhthigheacha gan áird aca cá rabh siad ag gabháil. Shiubhaileadh siad leó cupla seachtmhain gan stad, lá ar lá, ag déanamh astair chomhthroim gach lá. Chaitheadh siad seachtmhaineacha eile fá champa, thall agus i bhfus, na madaidh ag fallsacht, agus na fir ag dóghadh poll ins an chlábar agus ins an ghairbhéal shiocthaidhe agus ag nighe na múrthaí pan de shalachar fá theas na teineadh. Amannaí bhí siad ocrach, amannaí eile ghnídheadh siad craos le féastaí, uilig de déir mar bhí adhbhar seilge gann nó fairsing, agus de réir mar bhí ádh ortha ag seal- gaireacht. Tháinig an samhradh, agus d'iomchuir gach aon mhadadh agus gach aon fhear cuid den lód ar a dhruim, chuaidh siad trasna ar locha gorma sléibhe ar slaodaí, agus síos nó suas aibhneacha coimhthigheacha i mbádaí éadtroma a ndéantaí a n-adhbhar a ghearradh le seághanna caola ins an choillidh.

Chuaidh na míosa thart, agus choinnigh siad ag siubhal agus ag casadh anonn 's anall fríd an fhásach seo nár cuireadh eólas ariamh air, an áit nach rabh fear ach iad féin, ach a rabh fir ann am éighinteacht 'sa' tsean-tsaoghal má b'fhíor mar scéal an Cábán a Cailleadh. Chuaidh siad trasna ar bhearnais fá stoirmeacha samh- raidh, bhí siad ar crioth faoi ghrian an mheadhon- oidhche ar shléibhte loma eadar airde na gcrann agus an airde a rabh an sneachta síorraidhe ann, chuaidh siad síos i ngleanntáin samhraidh a bhí beó le cuileógaí agus le creabhair, agus shíos faoi scáile na gcruach oidhreogaighe chruinnigh siad sméara agus blátha a bhí comh hapaidh agus comh háluinn le aon cheann de a rabh le maoidheamh ag an Deisceart. Le teacht an gheimhridh arais pholl siad isteach i ndúithche dhiamhrach a bhí lán lochann, dúithche chiúin uaigneach, an áit a mbíodh éanacha-fiadhain 'sa' tsamhradh, ach nach rabh neach beó anois ann nó comhartha ar bith neatha - ach gaoth pholl- tach i dtólamh, siocán ag cruinniú i ngach áit a rabh foscadh, agus tonnaí ag lapadán go cumhaidheamhail ar chladaigh uaigneacha.

Chaith siad iomlán an gheimhridh sin, fosta, ar seachrán fríd an fhásach, in áiteacha ar shiubhail fir eile rompa ach ar cailleadh lorg ortha. Uair amháin, tháinig siad ar chosán a buaileadh fríd an choillidhe, cosán ársaidh, agus shaoil siad go rabh siad in aice leis an Chábán Chaillte. Ach ionad ar bith ar leith ní rabh ag ceann ar bith den chosán sin, agus ní rabh a fhios aca cé a rinne é nó cad chuige a ndeárn' sé é. Am eile tháinig siad ar bhallógaí briste cábáin. Cábán fiadhaigh a bhí ann, agus istigh fríd bhratógaí lobhtha plaincéad a bhí caithte annsin fuair Seán Thornton sean-ghunna cloch-theineadh a rabh bairrille fada ann. D'aithin sé gur gunna a bhí ann den chinéal a bhíodh ag fir Chomhlucht an Hudson 'san am a ndeachaidh na chéad fhir ariamh amach 'sa' dúithche Siar-Thuaidh, agus 'san am sin go dtabhairfí a airde féin de chraicne beathodhach pacáilte i mullach a chéile ar ghunna mar sin. Ach badh é sin a rabh ann - ní rabh comhartha ar bith le fagháil den fhear a thóg an cábán 'sa' tsean- tsaoghal agus a d'fhág an gunna imeasc na bplaincéad.

Tháinig an t-earrach arais, agus ar deireadh a seachráin tháinig siad ar chréafóg a rabh ór innte istigh i ngleann fhairsing. Chan dúithche an Chábáin Chaillte a bhí ann, ach nuair a nigheadh siad scála den chréafóig seo bhíodh an t-ór spréidhte mar bhéadh im buidhe ann trasna ar thóin an scála. Ní dheachaidh siad ní b'fhuide. Ní rabh aon lá dároibir siad nach bhfuair siad luach na mílte dollar de ór-dhusta agus de ór-chlocha fosta, agus ní rabh lá ar bith nach rabh siad ar obair. Chuir siad an t-ór isteach i málaí de chraicne bó fiadhain, leath- chéad punta meadhchain de i ngach mála, agus rinne cnap díobhtha i mullach a chéile mar dhéanfadh siad de smutáin teineadh, taobh amuigh den chábán craobhach a bhí tógtha aca. D'oibir siad mar bhéadh fathaigh ann, agus sciord na laethe tharsta ins na sála ag a chéile mar bhéadh brionglóideach ann, agus cnap an óir ag éirghe mór ar fad.

Ní rabh a dhath le déanamh ag na madaidh ach na beithidhigh a mharbhadh Thornton anois a's arís fá choinne bídh a iomchur isteach; agus mar sin de, is iomdhaidh tamall fada a chaith Buck ag meabhrú fán teinidh. Thigeadh an aisling udaí fá fhear na gcos goirid a rabh an fionnadh air ní ba mhinice chuige, anois nuair nach rabh mórán oibre le déanamh; agus is iomdhaidh uair, agus é ag caochadh ar na bladhairí, a d'éalóidh Buck leis fríd an tsaoghal sin eile a dtáinig a chuimhne fríd an dúthchas chuige.

Chonnaictheas dó gur bh'é an eagla an rud a ba mhó a bhí ag cur ortha 'sa' tsaoghal udaí. Nuair a bhíodh sé ag coimhéad ar fhear an fhionnaidh ina chodladh 'e chois na teineadh, a cheann eadar a ghlúine agus a lámha snadhmtha i gcúl a mhuinéil, tchídhthí do Bhuck nach rabh sé ag fagháil suaimhnis ina chodladh; go bpreabadh sé as a shuan go minic, agus annsin go mbreathnuigheadh sé go scáthmhar amach 'sa' dorchadas agus go gcuireadh sé tuilleadh smután ar an teinidh. Bhíodh siad ag siubhal a chois na fairrge, fosta, agus fear an fhionnaidh ag cruinniú sligeán agus ag ithe an bhídh asta de réir mar bhí sé ghá gcruinniú, ach ní rabh stad ar a shúile ach ag coimhéad gach aon chosán ar eagla go dtiocfadh an chontabhairt gan mhothú air, agus bhíodh a cosa fá réir le ar shiubhal a bhaint amach mar bhéadh an ghaoth ann da mothuigheadh sé an chontabhairt ag teacht. Théidheadh siad fríd an choillidh go fáilthidhe, agus Buck ins na sála ag fear am fhionnaidh; agus bhíodh an bheirt aca ar a gcoimhéad go géar, na cluasa ag bogadaigh agus ag croitheadh aca agus poll an ghaothsáin ar crioth, mar bhí éisteacht agus boladh ag an fhear seo comh géar agus bhí ag Buck é féin. Thioc- fadh le fear an fhionnaidh sin, fosta, léim a thabh- airt anáirde ins na crainn agus rúide a thabhairt shuas annsin comh gasta agus da mbéadh sé ar an talamh, ghá chaitheamh féin ó chraoibh go craoibh le n-a sciatháin, ag leigean amach craobh amháin agus ag breith ar chionn eile, agus cuid aca suas le dhá throigh dhéag ó n-a chéile, gan eagla air a choidhche go dtuitfeadh sé, agus gan é ag cailleadh a ghreama in am ar bith. Bhí sé comh cleachttha leis na crainn agus bhí sé leis an talamh; agus is iomdhaidh oidhche a chaith Buck ina aisling ag faire fá bhun crainn, agus fear an fhionnaidh ar foradh shuas ós a chionn agus greim cruaidh aige ar na géaga ina chodladh.

Agus bhí rud eile a bhí ag cur leis na hais- lingeacha a bhíodh aige fán fhear sin. Badh é sin an scairt a bhí ag teacht chuige as broinn na coilleadh. Chuireadh an scairt sin mí- shuaimhneas air agus chuir sí mian choimh- thigheach ann. Thigeadh lúthgháir chaoin air nach rabh fhios aige caidé an bhrigh a bhí léithe, agus mhothuigheadh sé mian allta nach rabh ion- tuigthe aige ag fagháil buaidhe air. Amannaí leanadh sé don scairt sin isteach fríd an choillidh, ghá cuartú mar bhéadh sé ag dúil go mbéarfadh sé uirthe, agus é ag tafann go híseal nó go tréan de réir mar bhíodh fonn air. Sháitheadh sé a ghaothsán síos i gcanach fhionnfhuar na coill- eadh, nó síos 'sa' chré dhuibh fríd an fhéar fhada, agus leigeadh srann áthais as féin ag mothachtáil boladha méith an talaimh dó. Luigheadh sé bunadhas lae i gcúl crann leagtha a mbéadh cumhdach caonaigh air, mar bhéadh sé i bhfolach, agus a shúile agus a chluasa foscailte go mór aige ag breathnú agus ag éisteacht, agus gan aon bhogadh nó aon tuaim dhá rabh thart air nach dtugadh sé fá dear. B'fhéidir go rabh sé ag déanamh, ina luighe mar sin de, go dtiocfadh sé gan mhothú ar an scairt udaí nach rabh ion- tuigthe aige. Ach ní rabh fhios aige féin cad chuige a rabh sé ag déanamh na rudaí seo go léir. Thigeadh tallann air sin a dhéanamh, agus ní rabh míniú ar bith a dhíth air leó.

Thigeadh tallannaí air nach rabh claoidhe le déanamh ortha. Bhíodh sé 'na luighe sa champa, b'fhéidir, ina chodladh go fallsa le teas an lae, agus le sin féin thógadh sé a cheann agus chuir- eadh anáirde a chluasa, ag éisteacht go géar; d'éirigheadh sé de aon léim amháin ar a chosa agus ar shiubhal, agus ní stadadh sé i rith an lae, ach ag síor-reachtáil faoi ghéaga coilleadh agus thar mhachairí fhoscailte an áit a rabh "cloigne dubha" ag fás 'na molltaí. Ní iarrfadh sé de phléisiúr ach ag reachtáil síos leabthacha trioma sruthán, agus ag coimhéad go fáilthidhe ar na héanacha fá choill. Chaitheadh sé laethe iomlána 'na luighe 'san chaschoillidh, agus ag coimhéad ar na partruisc ag spaisteóreacht anuas a's suas agus é ag éisteacht le n-a nglórthaí. Ach badh é an mian a ba mhó a bhí aige uilig a bheith ag reachtáil leis i gclap-sholas an mheadhon-oidhche 'sa' tsamhradh, ag éisteacht le lag-mhunamar codlatach na coilleadh, ag baint eólais as comharthaí agus as tuaimeannaí mar bhainfeadh duine as leabhar, agus ag cuartú an ruda dhiamhraigh úd a bhí ag scairtigh air - ag scairtigh i dtólamh air, de oidhche agus de lá, muscailte agus ina chodladh dó, ag iarraidh air a theacht.

Oidhche amháin léim sé as a chodladh go tobann, a shúile coimhéadach, a ghaothsán ar crioth ag cur boladha, agus an mhong ag éirghe agus ag luighe ar chúl a mhuinéil. Bhí an scairt ag teacht as an choill (nó nóta amháin dí, mar b'iomdhaidh nóta a bhí 'sa' scairt sin), agus bhí sí ní ba soiléire agus ní ba ghlaine ná bhí ariamh aroimhe - glam mhór fhada mar leigfeadh madadh as, ach gan aon ghlam de'r leig "huscaí" riamh as féin ion-churtha amach léithe. Agus d'athain sé an ghlam sin a tháinig chuige 'sa' tsean-dóigh, agus shaoilfeá go rabh sé cleach- taithe riamh léithe. Thug sé rúide amach as an champa agus an chuid eile 'na gcodladh, agus ar shiubhal leis go ciúin gasta fríd na coillte. Ag teacht deas don scairt dó chuaidh sé ní ba fhadálaighe, ag faithchill gach aon choiscéim, go dtáinig sé fhad le léana imeasc na gcrann, agus ag amharc amach as an duibheagán dó, tchídh sé mac tíre fada caol coilleadh, 'na shuidhe díreach ar a iosgadaí agus a shoc tógtha 'sa' spéir aige ag glamaighil.

Ní dheárn' sé tuaim ar bith, ach stad an mac tíre den ghlamaighil agus chuir cuma choimhéad- ach air féin mar bhéidhfí ghá thaidhbhseadh dó go rabh an madadh i láthair. Shiubhail Buck amach ar an léana le coiscéimneacha fada, é leath-chrom, a chorp cruinnithe i gcionn a chéile go dlúith aige, a ruball amach díreach uaidh, agus a chosa ag gabháil 'un talaimh ní ba fhaithchillighe ná bhí ariamh aroimhe. Bhí sé ghá thaisbeáint le 'achan bhogadh go rabh oiread de fhonn carthannais agus bhí de fhonn troda air. Badh é sin an tsíothcháin danardha a ghníodh madaidh seilge le n-a chéile riamh nuair a chastaí ar a chéile iad. Ach níor luaithe a chon- naic an mac tíre é ná bhain sé ar shiubhal amach. Ar shiubhal le Buck 'na dhiaidh, gach aon léim fhiadhain leis, agus mire air le greim a fhagháil air. Reath sé isteach i bpasóid in urlár camuis é, an áit a rabh crann leagtha ghá cheapadh. Thionntóidh an mac tíre mar bhéadh síodh- ghaoth ann, ghá chasadh féin thart ar a chosa deiridh dálta mar ba ghnáth le Joe a dhéanamh, agus mar rinne gach aon mhadadh fiadhain ariamh a bhí gaibhte, agus chuaidh sé a ghlamh- airt go díbhfeirgeach, ag cnagadh a cháir ar a chéile go tiubh géar agus tháinig leis.

Níor ionnsuigh Buck ar chor ar both é, ach mhair sé anonn 's anall ós a choinne ghá choin- neáil gaibhte agus ag déanamh carthannais leis 'san am chéadna. Níor bh'ion-taobhtha leis an mhac tíre é, agus bhí eagla air roimhe; mar bhí Buck trí huaire comh trom leis, agus ní rabh a chloigeann ach ag gabháil go dtí an ghualainn ar Bhuck. Choimhéad sé go bhfuair sé faill, ar shiubhal leis, agus d'imthigh an tóir arais. Cuireadh i gcoirnéal arais agus arais eile é, agus rinne an bheirt mar an gcéadna gach aon iarraidh, ach ní rabh an mac tíre ach leath- chothuighthe, nó mara bé sin ní bhéadh Buck ag fagháil greim comh furast air. Reathadh sé a choidhche nó go mbíodh cloigeann Buck le n-a thaoibh, annsin chasadh sé go tobann dhá chosnamh féin, agus bhéadh ar shiubhal arais an chéad seans a gheobhadh sé.

Ach fuair cuid righnis Bhuck toradh ins an deireadh; mar nuair a chonnaic an mac tíre nach rabh sé ag brath dochar ar bith a dhéanamh dó, sheasuigh sé agus chumail siad a ngaothsáin dá chéile. D'éirigh siad carthannach annsin, agus thoisigh a dh'imirt le n-a chéile 'san dóigh chleasach fhaithchilleach a bíos ag beithidhigh fiadhaine nuair is maith leó a nádúir fhiadhain a cheilt. Fá chionn tamaill d'imthigh an mac tíre le coiscéimneacha fada suaimhneacha a bhí ag cur na sligheadh thairis go gasta, agus cuma air go rabh áit speisialta aige le ghabháil. Thug sé comhartha do Bhuck gur mhaith leis eisean a theacht, fosta, agus ar shiubhal leis an bheirt aca taobh le taoibh fríd an chlap-sholas, suas urlár an chamuis, amach fríd an ailt a bhí ag a chionn, agus trasna an bhearnais loim a rabh an ailt ag síneadh as.

Ar an taoibh thall den druim fuair siad tír chomhthrom a rabh coillte fairsinge agus an iomad sruthán innte, agus lean siad dá n-astar gan stad fríd na fásaigh mhóra sin, na huair- eannaí ag gabháil thart, an ghrian ag áirdiú 'sa' spéir agus an lá ag éirghe ní ba teó ar fad. Bhí áthas fiadhain ar Bhuck. Bhí fhios aige go rabh sé ag tabhairt freagair ar an scairt 'sa' deireadh; go rabh sé ag reachtáil taobh le taoibh le n-a dheárthair coilleadh go dtí an áit a gcaithfeadh an scairt sin a bheith ag teacht as cinnte. Bhí na sean-chuimhneacha ag teacht ina scaoite chuige, agus bhí siad ag corrú an chroidhe ann, mar bhí na gníomharthaí a thug siad ina chionn ag corrú an chroidhe ann roimhe seo. Rinne sé seo roimhe, am éighinteacht shiar 'sa' tsean-tsaoghal udaí a rabh lag-chuimhne aige air, agus bhí sé ghá dhéanamh anois arais, ar shiubhal gan téad ar dhruim an domhain, an talamh gan cosán buailte ar bith faoi n-a chosa, agus fairsingeacht na spéire ós a chionn.

Stad siad ag sruthán le deoch a ól, agus níor luaithe a stad ná smaointigh Buck ar Sheán Thornton. Shuidh sé síos. D'imthigh an mac tíre leis, ag tarraingt ar an áit a gcaithfeadh an scairt a bheith ag teacht as cinnte, ach nuair a chonnaic sé nach rabh Buck ag teacht phill sé arais agus thoisigh a chumailt a ghaothsáin dó agus a dh'iarraidh é a mhealladh leis. Ach thug Buck cúl dó agus d'imthigh leis go fadálach an bealach a dtáinig sé. Chaith a dheárthair fiadhain suas le huair an chluig ag reachtáil le n-a thaoibh, agus é ag caoineadh go híseal. Annsin shuidh sé síos, thóg anáirde a shoc, agus leig glam as féin. Glam chumhaidheamhail a bhí ann, agus bhí Buck ag éisteacht léithe ag éirghe lag agus é ag siubhal leis, go dtí gur chaill 'se í i bhfad uaidh.

Bhí Seán Thornton ag déanamh a dhinnéara nuair seo isteach Buck dhe rúide 'un a' champa agus thug aon léim amháin air le tréan áthais, gur leag sé é, agus gur éirigh shuas air, ag lighe an aghaidh aige agus ag cagnadh a láimhe - "ag tógáil racáin," mar dubhairt Seán Thornton é féin, nuair a fuair sé éirghe le Buck a chroith- eadh anonn 's anall agus na mionnaí grádha a chur air.

Ar feadh dhá lá agus dhá oidhche 'na dhiaidh sin níor fhág Buck an campa ar chor ar bith, agus níor leig sé Thornton amach as a amharc. Lean sé thart é ag a chuid oibre, choimhéad é ag déanamh a chodach, agus níor thóg súil de go ndeachaidh sé fá phlaincéadaí 'san oidhche agus gur éirigh sé ar maidín. Ach i gcionn an dá lá tháinig an scairt as an choill chuige ní ba treise ná bhí ariamh. Tháinig an mí-shuaimh- neas ar Bhuck arais, agus ní thiocfadh leis stad ach ag smaointiú ar a dheárthair fhiadhain, ar an tír ghrianmhair a bhí i gcúl an droma agus ar an rúide a bhí leó taobh le taoibh fríd fhásach mhór na coilleadh. D'imthigh sé a shiubhal na gcoillte arais, ach ní tháinig an deárthair fiadhain ní ba mhó; agus cé gurbh iomdhaidh oidhche fhada a shuidh sé ag éisteacht, níor tógadh an ghlam chumhaidheamhail udaí ariamh.

Rinne sé cleachtadh de a bheith ag codladh amuigh 'san oidhche, agus d'fhanadh sé ar shiubhal as an champa ar feadh chupla lá. Uair amháin d'imthigh sé leis amach thar an bhearnas a bhí ag cionn an chamuis arais, agus síos leis go dúithche na gcrann agus na sruthán. D'fhan sé seachtmhain iomlán ar seachrán annsin, ag iarraidh theacht ar lorg an deárthar fhiadhain arais agus gan maith dó ann, ag marbhú ádhbhar a chodach ar an chosán, agus ag éalódh leis an choiscéim fhada réidh úd nach dtuirsigheann ar chor ar bith 'sa' mhadadh. Chuaidh sé a dh'iascaireacht bradán i sruth leathan a bhí ag gabháil síos 'un na fairrge, agus 'e chois na habhna céadna sin mharbh sé mathghamhain mór dubh. Bhí an mathghamhain dallta ag creabhair nimhe a tháinig air nuair a bhí seisean fosta ag iascaireacht, agus bhí sé ar shiubhal fríd an choill ag búirthigh go scáthmhar, gan fhios aige cá rabh sé ag gabháil. Ach dall 's uile mar bhí sé, bhí troid chruaidh eadar an bheirt, agus huscail sin an méid alltachta a bhí ceilte go fóill i nádúir Bhuck. Dhá lá 'na dhiaidh sin, nuair a phill sé ar an bheithidheach a bhí marbh aige agus fuair dusiín de mhic tíre mionna ag bruighin fán chreach, scab sé iad mar bhéadh líchán ann; agus an méid aca a bhain ar shiubhal amach bhí dhá chomrádaidhe caillte ortha nach rachfadh a bhruighin ní ba mhó.

Bhí an mian a bhí air fuil a bhlaiseadh ní ba treise ná bhí ariamh roimhe. Beithidheach a rabh fonn marbhtha air a bhí ann, ainmhidhe a bhí mar gheall ar a bheith beó ar rudaí a bhí beó iad féin, nach rabh a iarraidh ach a chuidiú féin le n-a marbhú, ag fhagáil buaidhe ortha le tréan urraidh agus misnighe, agus a bhí beó fá bhuaidh 'san áit a rabh an saoghal mór 'na námhaid aige agus gan neach ábalta mairstean ann ach an rud a rabh an t-urradh ann. Agus ar a shiocair sin uilig tháinig an dubh-bhród air as féin, agus bhí an bród sin le haithne ar a chorp. Bhí gach aon bhogadh dhá ndéanadh sé ag fuagairt go rabh sé bródamhail as féin, bhí sé le feiceáil i ngach aon oibriú dhá mbaineadh sé as a chuid feitheóg, bhí sé le tabhairt fá dear ann comh soiléir agus dá n-innseochadh sé féin é ins an dóigh a rabh sé ghá iomchur féin agus ag déanamh a chóta bhreagh shlíoctha ní ba bhreagha agus ní ba shlíoctha ná bhí riamh.

Ach gur b'é an ball donn a bhí ar a shoc agus ós cionn a chuid súl, agus an stríoc gheal a bhí anuas i lár a uchta, ní aithneochadh aonduine nach fáthach de mhac tíre a bhí ann, an ceann a ba mhó den dream, fosta. Fuair sé an mhéid agus an meadhchan a bhí ann ón Bhearnairdeach de athair a bhí aige, ach badh é an madadh tréadaidhe de mháthair a bhí aige a thug deis agus cuimireacht don toirt agus don mheadhchan sin. Soc fada an mhic tíre a bhí air, ach go rabh sé ní b'fhuide ná soc mic tíre ar bith; agus ach go rabh sí ní ba leithne, badh chloigeann mic tíre a mbéadh oll-mhéid ann a bhí 'sa' chloiginn aige.

Gliocas an mhic tíre a bhí ann, agus gliocas allta ag sin; inntleacht mhadadh an tréadaidhe a bhí aige, agus inntleacht an Bhearnairdigh fighte léithe; le n-a chois sin fuair sé a chuid oileamhana 'sa' scoil a ba fiadta amuigh, agus rinne na tréithe sin i gcionn a chéile rinne siad de bheithidheach comh dainnsearach agus bhí ag siubhal an fhásaigh. Beithidheach allta a bhí ann a bhí beó ar fheóil ghlain, agus bhí i dteann a chuid urraidh, i rabharta a shaoghail, agus beodh- acht agus righneas fá mhaoil ann. Ní rabh ag Thornton ach a lámh a chumailt siar go geanamh- ail do dhruim Bhuck sin, agus mhothóchfaí an réabadh agus an roiseadh i ndiaidh na láimhe, gach aon ribe ag siabadh na beodhachta a bhí cuachta istigh ann nuair a leagfaí lámh air. Bhí a cholann uilig go léir, fuil agus inchinn, feóil, feitheóg, agus smior, bhí an t-iomlán comh beó agus thiocfadh leó bheith; agus bhí gach ball de déanta go fíor-chomhthrom ina mhéid féin le cur le gach ball eile. A dhath a dtigeadh ina chosán a dhéanamh, bhéadh sé aige le luathas an tsoillse. Ba chuma caidé comh gasta agus léimfeadh "huscaí" ag ionnsú nó ghá chosaint féin. thiocfadh le Buck léim a thabhairt dhá uair comh gasta. Tchíodh sé bogadh, nó chluin- eadh sé tuaim, agus bheireadh sé freagra air ní ba ghaiste ná bhéadh an bogadh nó an tuaim sin tuigthe ag madadh eile. Tchíodh sé caidé a bhí le déanamh, ghníodh suas a intinn fá'n dóigh a ndéanfadh sé é, agus théidheadh sé i gcionn an ghníomha ins an bhomaite amháin. Thigeadh na trí rud sin: tabhairt fá dear, tuigse, agus gníomh, thigeadh siad comh tiubh sin agus gur dho-chreidte le duine spás ar bith dhá laghad bheith eatorra. Bhí a chuid feitheóg ar maoil le beodhacht, agus léimeadh siad 'un gníomha mar bhéadh lingeáin chruadhach ag preabadh i gcionn a chéile. Bhí beatha ag dórtadh fríd ina tuilidh a bhí glórmhar, áthasach meadhrach, go saoilfeá go réabfadh an beó as le tréan lúthgháire, agus go scabfadh sé go fial thar an domhan.

"Ní rabh a leithéid de mhadadh ariamh roimhe ann," arsa Seán Thornton lá amháin, agus é féin 's a chomrádianna ag coimhéad ar Bhuck ag mairseáil amach as an champa.

"Briseadh an múnla i ndiaidh Buck a dhéanamh," arsa Pete.

"Py jingo! saoilim féin an rud céadna," arsa Hans, ag aontú léo.

Chonnaic siad é an lá sin ag spaisteóracht amach as an champa, ach ní fhacaidh siad an t-athrú uathbhásach a tháinig air an bomaite a bhí sé as amharc 'san choillidh. An bomaite sin d'éirigh sé 'na neach ar dhual dó an fásach, neach a bhí ag éalódh thart gan fuaim as ach mar bhéadh cosa cait air, scáile a bhí ag teacht agus ag imtheacht imeasc na scáilí. Thiocfadh leis úsáid a dhéanamh de gach aon chumhdach dhá rabh 'sa' choill, éalódh ar a bholg mar bhéadh nathair nimhe ann, agus léim a thabhairt agus an buille a bhualadh mar bhéadh nathair nimhe ann mar an gcéadna. Thiocfadh leis breith ar tharmochan ina nead, coinnín a mharbhadh ina chodladh, agus na madaidh crainn bheaga a shlugadh 'san aer agus iad go díreach bomaite beag ró-mhall le himhtheacht suas ins na craobhacha air. Ní rabh an t-iasc ro-ghasta aige i bhfairsingeacht an tsrotha, nó an beathodhach ró-choimhéadach aige agus é ag cóiriú a fháruis 'san abhainn. Na rudaí a mharbh sé badh le n-a n-ithe a mharbh sé iad, agus níor mharbh sé a dhath le dúil 'sa' scrios; ach badh é an biadh a b'fhearr leis amuigh an biadh a mharbhadh sé féin. Mar sin de thigeadh fonn grinn air i lár a chuid éacht, agus ní iarradh sé dhe phléisiúr ach a theacht go fáilthidhe ar na hiarraigh ruadha, agus nuair a bhíodh siad chóir bheith aige cead a gcinn a thabhairt dóbhtha, go bhfeiceadh sé iad ag baint barr na gcrann amach, ag giobaraisc agus eagla a mbáis ortha.

Le teacht an gheimhridh d'éirigh na músanna fairsing. Tháinig siad 'na dtréadaí móra anuas ó na sléibhte, ag éalódh anuas go fadálach go gcaitheadh siad an geimhreadh ins na gleannta 'san áit nach rabh an fuacht comh teann. Mharbh Buck leath-ghamhain maith cheana féin a fuair sé ar seachrán; ach badh é a mhian beith- idheach ní ba mhó agus ní ba treise ná sin a mharbhú. Fuair sé an chaoi ar sin a dhéanamh lá amháin ar an druim talaimh a bhí ag cionn an chamuis. Bhí tréad mús, scór aca, ag teacht trasna ó dhúithche na gcoillteach agus na sruthán, agus bhí tarbh mór ag a gcionn. Bhí fearg uath- bhásach air, agus 'na sheasamh annsin dó agus é corradh le sé troighthe ar airde, bhí sé ar námhaid comh fiadta agus d'iarrfadh Buck féin a fhagháil. Bhí na hadharca móra dhá luasgadh anonn 's anall aige, adharca millteanacha a rabh ceithre bhrainnse dhéag asta agus seacht dtroighthe eadar a mbarr. Bhí loinnir shearbh dhíbhfeirgeach ina shúile beaga, agus nuair a chonnaic sé Buck leig sé búirthe mire as féin.

Bhí cleití saigheada amach as a thaoibh, go díreach roimh na heasnacha, agus badh é sin an rud a d'fhág comh fiadta é agus bhí sé. Threóruigh an dúthchas a tháinig aniar chuige ó shealgaireacht thús an tsaoghail Buck anois. An chéad rud chuaidh sé a scaitheadh an tairbh ón tréad. Ní rabh sin féin furast a dhéanamh. Chuaidh sé a thafann agus a dhamhsa ós coinne an tairbh, ag coinneáil go díreach amach as an chosán ag na hadharca millteanacha agus crúba iargúlta a bhrúighfeadh an t-anam as le aon bhuille amháin. Ní rabh an tarbh ábalta a chúl a thabhairt don bheithidheach chontabhairteach sin a rabh an cár géar air agus a ghabháil le n-a ghnoithe ar chor ar bith, agus mar sin de thigeadh tallann mire anois a's arís air. Annsin bheireadh sé rása ar Bhuck, agus theicheadh seisean go glic, ag leigint air féin nach rabh sé ábalta imtheacht as an chosán, mar gheall ar an tarbh a mhealladh 'na dhiaidh. Ach níor luaithe a gheibheadh sé scartha ón tréad mar sin é ná thigeadh na tairbh óga fosta de rása ar Bhuck, agus gheibheadh an tarbh gointe ghabháil fhad leis an tréad arais.

Tá foighid ag gabháil leis an nádúir fhiadhain - foighid righin nach bhfuil tuirsiú uirthe, foighid atá comh buan le beatha an ainmhidhe é féin - an fhoighide choinnigheas an damhán allaí ar feadh laethe gan bhogadh ina théadaí féin, a choinnigheas an nathair nimhe mar an gcéadna ina luighe cornuithe annsin, a choin- nigheas an liopard i bhfolach fá choillidh. Foighid fá leith atá ann atá ag gach ainmhidhe a chaitheas a chuid a sheilg. Bhí an fhoighid sin ag Buck agus é crochta as sleasa an tréid, ag cur cúil ortha ina n-astar, ag cur feirge ar na tairbh óga, ag cur mí-shuaimhnis ar na ba a rabh gamhna leó, agus ag cur an tairbh ghointe ar steallaigh mire le tréan masla. Mhair sé mar sin ar feadh leath-lae. Bhí Buck mar bhéadh scaoi mhadadh ann, ag ionnsú an eallaigh as gach uile árd, ag teacht thart ortha mar bhéadh síodh-ghaoth ann agus ghá gcoinneáil fá shíor- chontabhairt, ag scathadh an tairbh arais comh luath géar a's gheibheadh sé ghabháil fhad le n-a chuid comrádaidhe, agus ag briseadh foighde ar an créatúir a bhí sé a ionnsú, mar is lugha an fhoighid í sin i gcomhnaidhe nó an fhoighid atá ag an bheithidheach a bíos ar tí an marbh- thach a dhéanamh.

Chuaidh an lá thart agus bhí an ghrian ag gabháil a luighe shiar-thuaith (anois i ndeireadh an tséasúir bhí sé huaire de oidhche ann). Badh ar níos lugha de fhonn gach aon iarraidh a bhí na tairbh óga ag teacht 'un cabhrach le n-a dtaoiseach a bhíthear a ionnsú. Bhí aca le ghabháil síos go dtí na gleannta sul a dtigeadh an geimhreadh 'sa' mhullach ortha, agus de réir chosamhlachta ní bhfuigheadh siad an t-ainmh- idhe gan tuirse seo a bhí ag gabháil díobhtha a dhíbirt a choidhche. Le n-a chois sin níorbh é an tréad uilig, nó na tairbh óga iad féin, a bhí sé ag iarraidh a mharbhú ar chor ar bith. Ní rabh sé a iarraidh ach aon bhall amháin den tréad a mharbhú, agus ní rabh oiread suime aca ann sin agus da mbíodh sé fá n-a gcoinne uilig. 'Sa' deireadh bhí siad sásta an tarbh mór a leigean leis.

Le clap-sholas sheasuigh an sean-tarbh annsin, agus a cheann crom, ag coimhéad ar a chuid comrádaidhe - na ba a rabh aithne aige ortha, na gamhna a rabh sé ina athair aca, na tairbh a ndeárna sé a mhaighistreacht ariamh - agus chonnaic sé iad uilig ag sodar leó go géar gasta uaidh 'sa' lag-sholas. Ní rabh sé ábalta leanstan dóbhtha, mar bhí an léimnigh ós coinne a ghaothsáin ar fad, agus ghá choinneáil ina phríosúnach. Bhí trí chéad meadhchain thar an leath-tonna ann féin; chaith sé saoghal fada tréan a bhí lán troda agus bruighne, agus anois ag deireadh an rása bhí sé ghá chosaint féin ón bhás ar chréatúr nach rabh a cheann a dhath ní b'airde ná na glúine móra cnapánacha a bhí air féin.

Ó sin amach, oidhche nó lá, níor fhág Buck amach an tarbh ní ba mhó, ní thug sé bomaite de sgíthiste dó, níor leig ariamh dó oiread agus greim a bhaint as duilleabhar crann nó as barr beithe nó sailéoige. Ba lugha ná mar sin a thug sé seans don tarbh ghointe an tart marbhthach a bhaint de féin ins na srutháin chaola cheólmhara a ndeachaidh siad transa ortha. Is iomdhaidh uair, le tréan mire, ag iarraidh fhagháil réidhtighe leis, a d'imthigh an tarbh an méid a bhí ina chorp ag teicheadh. Nuair a ghníodh sé sin ní iarradh Buck é a cheapadh ar chor ar bith, ach d'éalóidheadh sé leis ar a shuaimhneas ins na sála aige, breagh sásta leis an dóigh a rabh an cluiche dhá imirt, ag luigh síos nuair a sheasuigheadh an tarbh fiadhain, agus ghá ionnsú go fiadta nuair a d'iarradh sé a dhath a ithe nó a ól.

Bhí an chloigeann mhór ag cromadh de réir a chéile faoin n-a crann adharc, agus bhí an choiscéim anásta ag éirghe ní ba laige agus ní ba laige. D'fhanadh sé tamall fada ina sheasamh annsin, a ghaothsán leis an talamh agus na cluasa ina luighe gan bhrígh leis. Bhí Buck ag fagháil ní ba mhó de fhaill le uisce a fhagháil dó féin agus le n-a sgíthiste a dhéanamh. Bomaití mar sin, a theangaidh dhearg amuigh ar a bhéal agus a shúile sáithte 'sa' tarbh, shamhailtí do Bhuck go rabh athrú ag teacht ar an domhan. Bhí fréamhadh úr le mothachaíl aige 'sa' dúithche. Bhí cinéalacha eile de mhion-bheithidhigh ag teacht isteach 'un na háite le teacht no mbó fiadhain. Bhí an choill agus na srutháin agus an t-aer beó leó. Agus chan le hamharc nó le héisteacht nó le boladh a mhothuigh Buck go rabh sin mar sin, ach le céadfaidh éighinteach eile a bhí aige. Níor chualaidh sé a dhath agus ní thug sé fá dear a dhath, ach 'san am chéadna bhí fhios aige go rabh athrú éighinteach ag teacht ar an tír. Samhladh dó go rabh rudaí coimhthigheacha ar cois; agus rinne sé suas a intinn le cuartú go bhfeiceadh sé caidé a bhí ann nuair a bhéadh an obair a rabh sé ag gabháil dí críochnuithe aige.

'Sa' deireadh, trathnóna an cheathramhadh lae, mharbh sé an tarbh mór. Chaith sé lá agus oidhche ag an chorp, tamall ag ithe, agus tamall ag codladh. Annsin, nuair a bhí a sgíthiste déanta aige, a sháith cothuighthe fáighte aige, agus é fá iomlán urraidh, thug sé a aghaidh ar an champa agus ar Sheán Thornton. Ar shiubhal leis, leis an choiscéim fhada gan tuirse a bhí aige, na huaireannaí ag gabháil thart, gan é in amhras bomaite air fá'n bhealach chasta, ach é ag déanamh díreach ar an bhaile fríd dhúithche choimhthigheach agus mothú aige ar an bhealach cheart a dhéanfadh ealadha mhagaidh den chineadh daonda agus dá gcuid compás.

De réir mar bhí sé ag gabháil 'un tosaigh bhí an borradh úr a bhí 'sa' tír dhá mhothachtáil aige ní ba soiléire ar fad. Bhí rudaí éighinteach eile beó innte nach rabh innte 'sa' tsamhradh ar chor ar bith. Chan go ceilteach diamhrach a thuig sé sin anois ar chor ar bith, ach go glan soiléir. Bhí sé le haithne i gcantán na n-éanach, i ngiobaraisc na n-iarrach ruadh, ins an bholadh a bhí leis an ghaoith. Anois agus arís sheasuigheadh sé agus tharraingeadh isteach anál mhór de aer chumhra na maidne, agus cibé scéala a bhaineadh sé as d'imthigheadh sé ní ba ghaiste ná bhí riamh. Bhí troime croidhe air, mar bhéadh fhios aige go rabh olc éigin dhá dhéanamh, nó go rabh sé déanta cheana féin; agus nuair a chuaidh sé trasna ar an druim dheireannach agus isteach 'sa' ghleann a rabh an campa ann, thogh sé a bhealach go fáilthidhe.

Trí mhíle ón champa tháinig sé ar shlighidh úir a chuir an fionnadh ina sheasamh go fiadta ar a mhuinéal. Bhí an tslighe úr sin ag tarraingt díreach ar champa Sheáin Thornton. 'Un tosaigh le Buck, go tapaidh agus go faithchilleach, ag tabhairt fá dear na mion-chomhartha fairsing a rabh scéal an uilc le tuigbheáil asta - uilig ach an deireadh. Thug a ghaothsán le hinnse dó caidé an seórt beatha a rabh sé 'sa' tóir air. Thug sé fá dear nach rabh smid ins an choillidh. Bhí na héanacha ar shiubhal. Bhí na hiarraigh ruadha i bhfolach. Ní fhacaidh sé ach aon cheann amháin aca i rith an chosáin - diúlach slíoctha liath a bhí cuachta isteach le géig a bhí liath sceóidhte 'sa' chaoi 's go saoilfeá gur cuid den ghéig é féin, murlán adhmaid ar an adhmad féin.

D'éalóidh Buck leis comh fáilthidhe agus dá mbadh scáile a bhéadh ann. 'San deireadh phreab a ghaothsán ar leath-taoibh comh tobann sin agus go dtabhairfeá mionna gur baineadh tarraingt as. Boladh úr a fuair sé. Lean sé don bholadh seo isteach i dtom agus tháinig ar Nig. Bhí sé caithte ar a thaoibh, marbh, 'san tom ar streachail sé é féin isteach innte, ceann agus cleiteacha saighid sáithte amach as dhá thaoibh a chuirp.

Céad slat ní b'fhuide ar aghaidh, tháinig Buck ar chionn de na madaidh sléigh a cheannuigh Thornton in Dawson. Bhí an madadh sin ag lúbarnaigh ins na smeacha deireannacha, i gceart-lár na sligheadh, agus chuaidh Buck thart leis gan stopadh aige ar chor ar bith. Tháinig lag-thuaim na n-iomad glór as an champa, ag éirghe agus ag tuitim i gcantán cheóil. 'Un tosaigh ar a bholg leis go himeall an réidhtigh, agus fuair sé Hans caithte ar a aghaidh, cleiteacha saighead sáithte as mar bhéadh na deilg as grainneóig fhéir. 'Sa' bhomaite chéadna dhearc Buck amach 'san áit ar cheart don chábán géag a bheith ann, agus chonnaic sé radharc a chuir an fionnadh ina sheasamh caol díreach ar a mhuinéal agus ar a ghuailneacha. Tháinig tonnadh feirge air nach rabh sé ina chumhacht a chosc. Ní rabh fhios aige féin gur leig sé glam ar bith as féin, ach chan glam mar gach glam a bhí innte ach glam a bhí creathnach. Badh é sin an t-am deireannach ina shaoghal ar leig Buck dá chuid feirge buaidh a fhagháil ar ghliocas agus ar réasún ann, agus badh é an grádh mór a bhí aige ar Sheán Thornton a thug air a chiall a chailleadh an lá sin.

Bhí na Yeehataigh ag damhsa thart ar an chábán bhriste nuair a chualaidh siad búirthe scáthmharach agus chonnaic beithidheach ag teacht de léim irtha nach bhfacaidh siad a leithéid ariamh roimhe. Buck a bhí ann, stoirm mearaidh a bhí ghá n-ionnsú le n-a marbhú. Léim sé ar an fhear a ba deise dó (taoiseach na Yeehatach a bhí ann), agus d'fhoscail an sceadamán aige le n-a chár go dtí go dtáinig tuile fhola as an chuisle stróctha. Níor fhan sé le ghabháil a choraidheacht leis, ach stróc é agus é ag gabháil thart leis, agus ar an dara léim bhí sceadamán an darna fear roiste fosta aige. Ní rabh cúl le coinneáil air. Léim sé thart i gcroidhe-lár an scaifte, ag strócadh, ag roiseadh, ag marbhú, ag síor-léimnigh agus ag tabhairt dubhshlán na saighead a chuaidh siad a scaoileadh leis. Bhí sé comh gasta sin ina chuid léimneach, agus na Fir Dhearga comh deas sin dá chéile, agus gurbh iad féin a bhí siad a chaitheamh le n-a gcuid saighead agus chan eisean. Thug sealgaire óg amháin sáthadh ar Bhuck 'san aer le sleigh, agus, in áit Buck a pholladh, sé rud a thiomáin sé fríd an ucht ag sealgaire eile é comh tréan sin agus gur pholl barr na sleagha amach fríd an druim aige. Annsin tháinig eagla a mbáis ar na Yeehats, agus bhain siad ar shiubhal amach 'un na coilleadh, ag scairtigh le n-a chéile agus iad ag teicheadh agus ag béicfigh go rabh Spiorad an Uilc ina measc.

Agus chan athrú a bhí in Buck ach an diabhal 'sa' cholainn. Bhí mearadh air agus é ins na sála aca, ghá dtarraingt anuas mar bhéadh carrfhiadhacha ann imeasc na gcrann. Lá marbhthach a bhí ann do na Yeehataigh. Scab siad soir siar fríd an tír, agus chuaidh seacht- mhain thart sul a bhfuair an méid a bhí fágtha aca a theacht i gcionn a chéile i ngleann ní b'fhuide síos agus an méid fear a bhí caillte ortha a chunntas.

Nuair a d'éirigh Buck tuirseach den tóir, phill sé go dtí an campa a bhí bánuighthe. Fuair sé Pete marbh faoi na plaincéid, an áit a dtáinig- theas air sul ar mhothuigh sé. Bhí an troid dhíbhfeirgeach a chuir Thornton suas in- léighte aige ins na lorgthacha a bhí ar an talamh, agus chuir Buck a bholadh síos go bruach phoill dhoimhin. Ar bhruach an phoill sin, a cheann agus a chosa tosaigh 'san uisce, fuair sé Skeet ina luighe, díleas go dtí an deireadh. Poll a bhí ann a bhí saluighthe ag na bocsaí a rabh siad ag nighe an óir ionnta, agus a dhath a rabh istigh ann ní rabh feiceáil air. Agus bhí Seán Thornton istigh ann. Bhí, mar bhí Buck ábalta a bholadh a chur go dtí an t-uisce, ach ní rabh boladh ar bith le fagháil ag imtheacht as an uisce.

Chaith Buck iomlán an lae sin ag amharc síos 'sa' pholl agus ag siubhal go mí-shuaimh- neach thart fá'n champa. Bhí a fhios aige go rabh bás ann, go dtiocfadh an t-am sin ar an neach a bhí beó nach mbéadh sé ábalta bogadh ní ba mhó, agus go n-éalóchadh sé annsin amach as saoghal na neach eile a bhí beó ina chuideachta. Agus bhí a fhios aige anois go rabh Seán Thornton marbh. D'fhág sin rud éighinteacht folamh ann, pian mar bhéadh ocras ann, ach pian fholamh a bhí dhá chrádhú agus a chrádhú agus nach rabh biadh le fagháil dí. Amannaí sheasuigheadh sé ag coimhéad ar chuirp na Yeehatach, - agus annsin ghníodh sé dearmad den phianaigh; na bomaití sin thigeadh an dubh-bhród air as féin, - bród nach rabh a leithéid go fóill air. Bhí fir marbh aige, an géim a ba mhór-luachaighe den iomlán, agus bhí siad marbh aige de aindeoin dhligheadh an cháir agus an smaichtín. Chuir sé a ghaothsán leis na cuirp go staidéarach. Fuair siad bás go hiongan- tach furast, dar leis. Ba deacra madadh sléigh féin a mharbhadh ná iad-san. Ní bhéadh maith ar bith ar chor ar bith ionnta, mur b'é na saigh- eada agus na sleagha agus na smaichtíní a bhíodh aca. Ó sin amach ní bhéadh eagla ar bith air- sean rompa ach amháin nuair a bhéadh na sleagha, na saigheadaí agus na smaichtíní sin ar iomchur leó.

Tháinig an oidhche, agus d'éirigh gealach iomlán anáirde thar mhullach na gcrann, gur las sí an tír 'sa' chaoi 's gur lá taidhbhseach a bhí 'san oidhche. Agus le teacht na hoidhche, agus ina luighe ag meabhrú fá bhrón de chois an phoill, mhothuigh Buck corrú úr saoghail ins an choillidh diomaoidhte den chorrú a chuir na Yeehataigh innte. Sheasuigh sé suas, ag éisteacht agus ag cur boladha. Tháinig glam chaol ghéar as i bhfad ar shiubhal, agus annsin scaoi de ghlamannaí géara eile. Tháinig na glamannaí ní ba deise abhaile agus iad ag éirghe ní b'airde ar fad. Bhí a fhios ag Buck anois arais gur ghlamannaí iad a chualaidh sé roimhe i sean-saoghal an dúthchais. Shiubhail sé amach i lár an réidhtigh agus d'éist. An scairt a bhí ann, scairt na n-iomad nóta, ghá mhealladh mar nar mheall sí ariamh roimhe é. Agus bhí fonn air tarraingt uirthe anois mar nach rabh air ariamh roimhe. Bhí Seán Thornton marbh. Bhí an ceangal deireannach a bhí air briste. Ní rabh téad ar bith ag an chineadh daonda ní ba mhó air.

Bhí an chonairt ag seilg a gcodach, an dóigh chéadna a rabh na Yeehataigh ag seilg, agus mar sin de tháinig siad anall as dúithche na gcoillte agus na sruthán ar lorg na mbó fiadhain, agus d'fhág sin anois iad i ngleann Bhuck. Isteach ar an réidhteach leó faoi loinnir na gealaighe, isteach mar bhéadh tuile airgid ann; agus i lár an réidhtigh bhí Buck ina sheasamh, gan bogadh as ach mar bhéadh dealbh ann, ag fanacht leó. Chuir sé uathbhás ortha, ina sheasamh go mór ciúin annsin, agus baineadh stad bomaite asta. Annsin thug an ceann a ba dána aca léim air. Chnag Buck é mar bhéadh soillse ann agus bhris an muinéal aige. Annsin sheasuigh sé arais, gan bogadh as ach mar bhí roimhe, agus an mac tíre a bhí loithte ag lúbar- naigh le pianaigh ar a chúl. Thug triúr eile aca léim air as éadan a chéile; ach chuaidh gach aon cheann ariamh ar gcúl arais agus an fhuil ag dórtadh as díg ina sceadamán nó ina ghual- ainn.

Le sin tháinig iomlán na conairte air i mullach a chéile, ag brú agus ag leagan a chéile ar mhéad 's bhí de fhonn ortha an námhaid a thabhairt 'un talaimh. Ba mhaith do Buck go rabh an dubh-ghaisteacht agus an dubh-lúthmhaireacht ann a bhí. Ghá chasadh féin ar a chosa deiridh, ag glamhaireacht agus ag roiseadh, bhí a aghaidh leó, ba chuma caidé an aird a dtáinig siad air. Bhí sé ag gárdáil agus ag ionnsú comh tapaidh sin ó thaoibh go taoibh agus nach rabh siad ábalta drud isteach air. Ach b'éigean a bheith ag teannadh ar gcúl ar fad le gan iad a leigint thart air, agus síos thar an pholl leis agus isteach in urlár an chamuis, go dtí 'sa' deireadh gur stop bruach gairbhéil é. Ach d'oibir sé a bhealach go bhfuair sé é féin i gcoirnéal eadar dhá bhruach, an áit a mbíodh na fir ag tochailt an óir, agus sheasuigh sé 'sa' choirnéal seo, na bruaich ghá chosnamh ar thrí thaobh agus gan le déanamh aige ach a aghaidh a thabhairt ar an chonairt.

Agus choinnigh sé a aghaidh ortha comh fiadta sin agus nach rabh siad leath-uair ag troid go dtí gur theann na mic tíre ar gcúl, buailte. Bhí an teanga amuigh ar an bhéal aca uilig, agus na fiacla geala nochttha go fiadta i solas na gealaighe. Luigh cuid aca síos agus thóg anáirde a gcionn agus chuir a gcluasa 'un tosaigh; sheasuigh cuid eile aca ar a mbonnaí, ag coimhéad air; agus chuaidh tuilleadh a dh'ól uisce as an pholl. Tháinig mac tíre amháin, ceann fada caol liath, 'un tosaigh go fáilthidhe carthannach, agus d'athain Buck an deárthair fiadhain ar reath sé lá agus oidhche iomlán ina chuideachta. Bhí sé ag sceamhlaigh go híseal, agus rinne Buck mar an gcéadna, agus chumail siad a ngaothsáin dá chéile.

Annsin tháinig sean-mhadadh cnámhach a rabh na scórthaí colmnach ann 'un tosaigh. Chas Buck a liobra mar bhéadh sé ag gabháil a thabhairt glamhadh air, ach rinne sé ath- smaointeadh agus chumail a ghaothsán dó. Annsin shuidh an sean-mhadadh síos, thóg a ghaothsán leis an ghealaigh, agus leig glam fada an mhic tíre as féin. Shuidh an mhuinntir eile agus leig an t-iomlán díreach glam asta. Agus annsin tháinig an scairt chuig Buck gan bhréig. Shuidh seisean síos, fosta, agus leig glam as féin. Nuair a bhí sin déanta, tháinig sé amach as an choirnéal agus chruinnigh an chonairt thart air, ag cumailt a ngaothsáin d' go leath-charthannach, leath-allta. Thóg na taoisigh tafann na conairte agus ar shiubhal leó 'un na coilleadh. Ar shiubhal leis an chuid eile ina ndiaidh, ag cur le n-a chéile ag tafann. Agus ar shiubhal le Buck ina gcuideachta, taobh le taoibh leis an deárthair fhiadhain, ag tafann agus ag reachtáil.

Agus ar ndóighe féadaim deireadh a chur le scéal Bhuck annso. Ní rabh sé mórán bliadhan- tach ina dhiaidh sin go dtug na Yeehataigh fá dear go rabh mic tíre ag gabháil thart nach rabh cosamhail leis na sean-rudaí. Bhí baill dhonna ar a soc agus ar a gcloiginn, agus stríoc bhán síos an brollach aca. Ach rud is iongantaigh ná sin, tá scéal ag na Yeehataigh fa thaidhbhse madaidh a bíos ag reachtáil ar chionn na conairte. Tá eagla ortha roimh an Taidhbhse Madaidh seo, mar tá sé níos glioca ná iad féin, ag gadaidh- eacht as na campaí aca nuair is fiadta gaoth an gheimhridh, ag fuadach na mion-bheithidheach as na dulannaí ortha, ag marbhadh a gcuid madadh, agus ag tabhairt dubhshláin na sealgaire is calma ina measc.

Tá, agus tá an scéal níos measa ná sin. Is iomdhaidh sealgaire aca a théid amach agus nach bpilleann 'un a' champa níos mó, agus is iomdhaidh sealgaire aca sin a dtáinigtheas ortha agus iad roiste 'sa' sceadamán agus lorgnacha mic tíre thart ortha 'sa' tsneachta ní ba mhó nó lorgnacha mic tíre ar bith dhá bhfacthas ariamh roimhe. Ag deireadh gach samhraidh, nuair a theid na Yeehataigh ar lorg na mbó fiadhain, tá gleann amháin nach dtéid siad dhá chomhair ar chor ar bith. Agus tá mná ina measc a dtig cumhaidh ortha nuair a innistear scéal de chois na teineadh fá'n dóigh ar thogh Spiorad an Uilc an gleann sin le n-a chomhnaidhe a dhéanamh ann.

Ach 'sa' tsamhradh tig cuairteóir amháin 'un a' ghleanna sin nach bhfuil fhios ag na Yeehataigh a dhath fá dtaobh de. Mac tíre mór atá ann a bhfuil cóta glórmhar fionnaidh air, ach nach ionann é agus mac tíre ar bith eile dá rabh ann ariamh. Tig sé trasna an droma leis féin as dúithche ghrianmhair na gcoillte, agus tig anuas go dtí réidhteach atá imeasc na gcrann. Tá sruthán beag buidhe annso atá ag sileadh amach fríd mhálaí lobhtha craiceann agus ag éalódh isteach 'san talamh ar ais, agus tá féar fada ag fás fríd agus sláthach glas ghá fholach on ghréin; agus suidheann an mac tíre annso tamall ag meabhrú. Annsin tógann sé aon ghlam fhada uaigneach amháin agus baineann ar shiubhal amach.

Ach ní bhíonn sé leis féin mar sin i gcomh- naidhe. Nuair a thig na hoidhcheannaí fada geimhridh agus leanas na mic tíre an t-eallach fiadhain síos 'un na ngleanntán, tá sé le feiceáil ar thús na conairte ag reachtáil faoi sholas bhán na gealaighe nó faoi loinnir shaigheán an Tuaiscirt, toirt fathaigh ann imeasc a chom- rádaidhe, agus a sceadamán mór ar crioth ag ceól abhráin an tsaoghail óig, abhrán na conairte.

A chríoch


AR AIS SMO 1996-10-19 CPD