Geall an Dá Chomrádaidhe

Gearr-sgéal le Séamus 'ac Grianna; as "An Teach nár Tógadh", 1948
(Ar a chur don liosta GAELIC-L le Ciarán Ó Duibhín, 1997-03-17)

Bhí Tarlach Chonaill Óig agus Mícheál Ruadh 'ac Suibhne iongantach mór le chéile. Tógadh iad sa doras ag n-a chéile. B'ionann aois dóbhtha go fiú an lae, nó aon uisce amháin a bhaist iad. Bhí siad ar an scoil i gcuideachta a chéile. Bhí siad ag síor-chomrádaidheacht le chéile. Agus rud ar bith dá ndéanfadh fear aca, dhéanfadh an fear eile é.

Bhí gach aon fhear den bheirt iongantach trom ar an phíopa. Acht, i dtús an Chorgais bliadhain amháin, rinne Tarlach amach go dtroiscfeadh sé, agus ní rabh sé lá stadta gur stad Mícheál Ruadh fosta. Ar feadh seachtmhaine nó naoi nó deich de laethibh bhí díoghbháil an phíopa ag cur cruaidh i gceart ortha. Dá n-abradh ceachtar den bheirt gur rud a bhí ann nár bh'fhéidir a dhéanamh, thiocfadh an fear eile leis ar an scéal, agus líonfadh siad na píopaí. Acht ba náir le ceachtar aca briseadh ar an troscadh ar eagla go mbéadh an fear eile ag cur síos laige intinne dó. Agus níor chaith aon fhear aca aon toit go maidin Domhnach Cásca.

Bhí dúil mhór i gcuideachta aca 'na mbeirt. Bhí dúil aca i seanchas agus i gcómhrádh agus i scéalaidheacht. Agus níor nidh leo lá aonaigh ná oidhche cheann féile a leigean thart gan "fliuchadh a mbéil" a bheith aca.

Bhí go maith agus ní rabh go h-olc go dtí geimhreadh amháin a bhí mision sa pharráiste. Bhí Tarlach Chonaill Óig agus Mícheál Ruadh ag an mhision an uile oidhche. Bhí fear de na h-aithreachaí naomhtha a bhí iongantach trom ar an ólachán. Mhair sé seachtmhain ag seanamóir ar lucht meisce go teintridhe tréamánta. Agus, an oidhche dheireannach, dubhairt sé leo gur cheart don uile dhuine dá rabh sa láthair geallamhaint nach n-ólfadh sé aon deor go bliadhain ó'n oidhche sin.

Ní rabh rún ar bith ag Tarlach Chonaill Óig ná ag Mícheál Ruadh 'ac Suibhne an pledge a chur ortha féin. Ní dhéanadh ceachtar aca craos le h-ólachán. D'fhan siad ariamh i mbun na meas- arachta. Agus ba é an dearcadh a bhí aca nach mbéadh Dia 'na dhiaidh ar dhuine ar bith as braon beag a leigean le n-a ghrásta, lá aonaigh nó oidhche cheann féile. Dá mbíodh siad ag súil go n-iarr- faidhe ortha an pledge a chur ortha féin, ba dóiche go gcuirfeadh siad a gcómhairleacha i gcionn a chéile ar an bhealach go teach an phobail. Nó, dá mbíodh siad ina suidhe ag taobh a chéile, b'fhuras dóbhtha cogar a thabhairt dá chéile nuair a tháinig gnoithe an phledge chun tosaigh. Acht ní rabh, ar an ádhbhar, ag teacht isteach dóbhtha, go rabh teach an phobail ploduighthe, agus b'éigean do fhear aca suidhe taobh istuigh den doras agus don fhear eile ghabháil suas i n-aice na h-altóra.

Dar le Tarlach, "Cuirfidh Mícheál a' pledge air féin agus tá sé claoidhte agam-sa fealladh air." Tháinig an smaoineadh céadna i gceann Mhícheáil, agus ba é an míniughadh is réidhteach a bhí ann gur chuir gach aon fhear den bheirt an pledge air féin.

Cupla seachtmhain ina dhiaidh sin, chuaidh an bheirt chun an aonaigh le dhá bha.

"Cuirfidh an lá indiu cruaidh orainn," arsa Tarlach ar a mbealach siar ar maidin.

"Cuirfidh, má dhíolamuid a' dá cheannrachán seo," arsa Mícheál.

Agus b'fhíor dóbhtha, nó bhí sé ina ghnás ariamh anall deoch a thabhairt do cheannachóir lá aonaigh, mur' gceannuigheadh sé uait acht uan caorach. Acht sa deireadh smaointigh fear aca go dtiocfadh leo ghabháil isteach agus lemonade nó deoch bhog éigint eile a ól nuair a bhéadh a margadh déanta. Agus sin mar réidhtigheadh an t-achrann sin.

Bhí go maith agus ní rabh go h-olc go rabh siad fá sheachtmhain de Lá Fhéil' Pádruig. Agus thoisigh gach aon fhear aca dh'éirghe imnidheach. Chuirfeadh an lá seo cruaidh ortha. Ba deacair siubhal leis an droma i rith an lae gan an tseamróg a bhaist- eadh mar rinne siad féin is a sinnsir ariamh anall. Agus ba deacaire ná sin arís fanacht sa bhaile. "Lá Fhéil' Pádruig, níor ghnáth liom a bheith 'coimheád a' chró," ars' an file. Ní fhanóchadh fear ar bith sa bhaile, an lá sin, dá dtigeadh leis éirghe amach ar chor ar bith.

"Tiocfaidh mé féin anuas caol díreach ó'n Aifreann," arsa Tarlach, cupla lá roimh an fhéile.

"Níl a' dara dóigh air," arsa Mícheál. "Is minic ó shoin," ar seisean, "a smaointigh mé féin go rabh sé gan chéill againn an pledge a chur orainn féin ar chor ar bith. Nó chan ar ár leithéidí a bhí an sagart a' seanamóir ar chor ar bith acht ar lucht meisce. Níor órduigh Dia riamh nach mbéadh cead ag an té d'fhanóchadh i mbun na measarachta an tseamróg a fhliuchadh, Lá Fhéil' Pádruig." Agus chan sé leis tamall fada ar an téad seo mar bhéadh sé ag iarraidh cluain a chur ar an fhear eile. Acht ní rabh cuma ar bith ar Tharlach go mbéadh sé ar an chéad fhear a ghéillfeadh.

"Tá an pledge orainn anois," ar seisean, "agus níl neart air. Acht, le cuidiughadh Dé, béimid beo bliadhain eile. Agus má chuirtear a' pledge a choidhche arís orainn, tógfamuid Lá Fhéil' Pádruig as."

"Is mairg nár smaointigh ar sin, oidhche an mhision," arsa Mícheál.

"Níl neart air, an iarraidh seo," arsa Tarlach.

"Níl, creidim," arsa Mícheál.

.....

Tháinig maidin an lae, agus bhí sé ar lá comh breagh is bhí ann le cuimhne na ndaoine. Bhí an geimhreadh thart agus dreach an earraigh ar an tsaoghal.

Ar maidin d'éirigh Mícheál Ruadh agus chuaidh sé chun an Aifrinn. Ar a bhealach go teach an phobail casadh Tarlach Chonaill Óig air. Ins an am sin bhíodh gach aon rud go dtí seacht mbuidhean cheoil ag teach pobail na Pollaide Lá Fhéil' Pádruig. Bhí an t-iomlán aca cruinn ar an tsráid ag seinm nuair a tháinig an dá ógánach chun tosaigh. Chuir an ceol draoidheacht ar Mhícheál Ruadh. "Ní rachaidh mé 'un a' bhaile go dtí an oidhche," ar seisean le Tarlach, ag teacht amach as teach an phobail dóbhtha i ndiaidh an Aifrinn. "B'fhéidir nach beo ar a' bhliadhain s'againn a bhéadh ceachtar againn. Siubhail leat. Leanfamuid na dromaí go tráthnóna."

"Ní rachaidh," arsa Tarlach go gruamdha. "Rachaidh mé 'un a' bhaile. Agus mholfainn duit- se an rud céadna a dhéanamh. Ní bhéadh sult ná sásamh agat nuair a rachadh na fir isteach fá thoighthe na táibhirne. Tú 'do sheasamh amuigh leat féin mar bhéadh roiltheach gan snámh ann ar bhruach a' chladaigh."

Acht ní rabh gar bheith ag iarraidh cómhairle a chur ar Mhícheál Ruadh. Shiubhailfeadh sé leis na dromaí go tráthnóna, cá bith a dhéanfadh Dia leis. Acht sin a ndéanfadh sé. Ní ólfadh sé aon deor bhiotáilte, dá mbéadh a theangaidh amuigh leis an tart. Ní thiocfadh leis. Bhí an pledge air agus, dá mbíodh sé toiltineach ar a bhriseadh féin, ní thiocfadh leis fealladh ar Tharlach Chonaill Óig.

Scar an bheirt ó chéile ar dhroichead na Pollaide. D'imthigh Tarlach ag tarraingt ar an bhaile agus dreach brúighte air, agus d'imthigh Mícheál leis na dromaí siar na meilte ag tarraingt go Ceann Caslach. Bhí lá galánta ann agus bhí aoibhneas air ag éisteacht leis an cheol. Acht, san am chéadna, thigeadh smúid air corr- uair nuair a smaoineadh sé nach mairfeadh an siubhal agus an ceol acht tamall. Nuair a shroichfeadh siad Ceann Caslach, rachadh na fir isteach fá na toighthe dh'ól sláinte na h-Éireann, agus chaithfeadh seisean seasamh amuigh leis féin. Agus smaointigh sé ar anrud adubhairt Tarlach Chonaill Óig indiu roimhe sin - mar bhéadh roiltheach gan snámh ann ar bhruach an chladaigh. Chasfaidhe a cháirde gaoil as baile isteach air. Bhéadh lúthgháir ortha roimhe agus bhéarfadh siad cuireadh isteach a dh'ól dó. Agus nár dhoiligh a mhíniughadh dóbhtha go rabh sé faoi cheangal ag móid agus, le n-a chois sin, nach dtiocfadh leis fealladh ar a chomrádaidhe!

Sa deireadh tháinig an t-iomlán aca go sráid- bhaile Cheann Caslach, agus chuaidh bunadhas na bhfear isteach fá thoighthe na beorach. Seo an chuid de Lá Fhéil Pádruig is measa ag an té nach bhfuil ag ól aon deor. An mhuinntir a bhí ag séideadh ins na fídeogaí ó mhaidin roimhe sin, tá siad tuirseach agus tart ortha, agus ní bhéidh a ndeifre amach ortha. Féadann tú a rádh go bhfuil maith an lae thart ag an té a bhfuil an pledge air.

Bhí Mícheál Ruadh ag siubhal aníos is síos an tsráid leis féin agus gan de chuideachta aige acht scaifte gasúr. Ar a choiscéim sheasadh sé ós coinne theach na biotáilte agus d'amharcadh sé isteach. Sa deireadh rinne sé amach go mb'fhearr dó imtheacht chun an bhaile 'ná bheith ag cur cíocrais air féin, mar adubhairt Cathal Buidhe, "ag amharc ar na gloiní sna sailéir i bhfad uait isteach."

Shiubhail sé síos an tsráid. Bhí cúig toighthe táibhirne ar a bhealach, agus an t-iomlán aca lán. Chuaidh sé thart le ceithre cinn aca. Agus rachadh sé thart leis an cúigeadh ceann, dá mba dual dó é. Acht cé casadh air acht fear muinnteardha dó a bhí i ndiaidh theacht as Meiricea, Domhnall Mór 'ac Ailín as Port Inis Mil.

Chraith siad dhá láimh le chéile go forbhfáilteach, agus arsa Mac Ailín, ar seisean, "Chugainn isteach go ndéanamuid ár gcainnt is ár gcómhrádh."

"Ní thig liom," arsa Mícheál, "tá an pledge orm."

"Pledge ort, Lá Fhéil' Pádruig," arsa Domhnall. "An Críostaidhe thú ar chor ar bith?"

"Tá an pledge orm," arsa Mícheál. "Chuir mé orm ag an mhision é fá Shamhain s'chuaidh thart."

"Agus níor thóg tú Lá Fhéil' Pádruig as?" ars' an fear eile.

"Níor thóg mé lá ar bith as."

"Shíl mé go rabh ciall is creideamh agat. Níor chuir mise aon phledge ariamh orm féin gan Lá Fhéil' Pádruig a thógáil as."

Ba é an leithscéal a bhí ag Mícheál Ruadh nár shíl sé é bheith ceadmhach a leithéid a dhéanamh.

"Is leamh atá do cheann ort," arsa Mac Ailín. "Grásta ó Dhia ar m'athair mór, seo mar chuireadh sé an pledge air féin: "Geallaim gan aon deor bhiotáilte a ól go cionn bliadhna, acht lá nó oidhche cheann féile, baineis agus bais- teadh, agus a bhfuighe mé ar mo choiscéim.""

"Bhail, tá sé comh maith domh an fhírinne a dhéanamh," arsa Mícheál. "Bhí beirt againn ann, mé féin is Tarlach Chonaill Óig. Tháinig sé go tobann orainn agus gan gléas againn ár gcómhairleacha a chur i gcionn a chéile. Ní chuirfinn-se an pledge ar chor ar bith orm féin, acht bhí eagla orm go nglacfadh Tarlach é, agus ba náir liom a aidmheáil nach rabh mise comh maith leis féin."

"Tchím," arsa Domhnall, agus thost sé tam- all. Sa deireadh ar seisean, "Siubhail leat is bíodh ciall agat."

"Ní rachad," arsa Mícheál. "Ní thiocfadh liom fealladh ar mo chomrádaidhe."

"'Bhfuil sé annseo indiu?" arsa Domhnall.

"Níl," arsa Mícheál. "Dá mbéadh, ar ndóighe, bhéadh sé in mo chuideachta-sa. Acht rinne sé an chríonnacht: d'fhan sé sa bhaile. Is mairg nach dearn mise an cleas céadna."

"Sin mar is fusa duit deoch leanna a ól, nuair nach bhfuil do chomrádaidhe fá mhílte duit," arsa Domhnall.

"Acht tá muinntir a' bhaile ann," arsa Mícheál. "Ní bhéinn bomaite istuigh i dteach ar bith annseo go gcasfaidhe fear, beirt, triúr de na cómharsannaigh orm. Agus comh luath is rachadh siad 'un a' bhaile sé an chéad rud a dhéanfadh siad a ghabháil caol díreach chuig Tarlach Chonaill Óig agus innse dó go rabh mise ag ól i gCeann Caslach."

"Bhail," ars' an fear eile, "bhfuil 'fhios agat caidé is fearr dúinn a dhéanamh? Tá na toighthe seo ró-phloduighthe, ar scor ar bith. Níor shult liom ariamh gloine a ól gan fairsingeach a bheith agam agus suaimhneas le mo chainnt is mo chómhrádh a dhéanamh. Rachamuid amach go Cró na Sealg. Thig linn ghabháil isteach 'toigh Shéarlais a' Droichid agus deoch leanna a bheith againn fá shult is fá shásamh. Ní h-eagal duit go gcastar aon fhear de mhuinntir do bhaile amuigh annsiud ort."

Thoiligh Mícheál agus d'imthigh an bheirt leo ag tarraingt amach go Cró na Sealg. Acht ní rabh Mícheál ró-shásta ina intinn. Ní rabh sé sásta leis féin cionnas bheith comh leamh is gur cuireadh cluain air. Chonnaictheas dó fosta go rabh sé claoidhte aige fealladh ar a chomrádaidhe. Agus, le cois an iomláin, bhí eagla air go bhfeicfeadh duine éigint é a dhéanfadh scéala air. Nó bíonn an saoghal mór ar a gcois, Lá Fhéil' Pádruig.

Shiubhail siad leo go rabh siad amuigh ar Thulaigh an Leachta agus gur nocht teach táibhirne Shéarlais Uí Ghallchobhair thall ag ceann an droichid. Nuair a chonnaic Mícheál Ruadh teach na táibhirne sheasuigh sé agus tháinig dreach pianmhar air mar thiocfadh ar fhear a bhéadh eadar dhá chómhairle.

"Siubhail leat," arsa Mac Ailín. "Caidé atá a' teacht ort?"

"Mé a' smaoineadh," arsa Mícheál "nach bhfuil 'fhios nach duine éigint a chasfaidhe orm a d'aith- neochadh mé agus dhéanfadh scéala orm."

"Bíodh ciall agat," ars' an fear eile. "Nach bhfuil 'fhios agat nach gcastar aonduine annseo ort as a' tír s'agaibh féin? Nó aonduine de mhuinntir na h-áite acht oiread, mur' rabh corr-sheanduine ann atá ró-aosta is ró-chreap- alta le siubhal leis na dromaí."

"Níl fhios agam," arsa Mícheál. "Castar na daoine ar a chéile. Ní bhéadh fhios cé bhéadh a' gabháil a' bealach. Agus dá bhfaghadh Tarlach Chonaill amach go dtáinig mé aníos annseo dh'ól, bhí mo dhearg-náire tugtha. Dá dtéighinn isteach, nuair a bhí mé thíos i gCeann Caslach, bhéadh sé mar leithscéal agam gur chuir a' ceol agus an chuid- eachta draoidheacht orm. Ní abóradh Tarlach a dhath acht go rabh fhios aige gur mar sin a d'éireochadh domh, agus gur bh'é sin a' fáth ar fhan sé féin sa bhaile. Acht caidé déarfadh sé, dá mba i ndán is go gcluinfeadh sé go deachaidh mé dh'aon-ghnoithe amach go Cró na Sealg a dh'ól? Ní thiocfadh liom amharc díreach eadar a' dá shúil air a choidhche 'na dhiaidh."

"Bhail," arsa Mac Ailín, "ó thárla a leithéid de eagla ort, béimid ar ár bhfaithchill. Bhí mise annseo, cupla uair aroimhe, agus tá aithne ag fear a' toighe orm. Tá seomra beag thiar ar chúl na cistineadh. Agus rachamuid siar annsin sa dóigh a mbéimid as amharc a' té a thiocfas isteach a dh'ól gloine ag an chabhantar. Nuair a thiocfamuid go dtí an teach rachaidh tusa siar i gcúl a' stóir agus rachaidh mise 'un cainnte le fear a' toighe go bhfeice mé 'bhfuil a' bealach glan."

Thoiligh Mícheál ar seo, agus chuaidh sé i leath- taoibh nuair a tháinig siad fhad leis an teach. Chuaidh Mac Ailín isteach agus labhair sé le fear na táibhirne.

"'Bhfuil a' seomra beag thiar fá réir?" ar seisean.

"Tá, cinnte," arsa fear a' toighe, "agus teine ann. Thug mé ortha teine a chur síos, gan 'fhios nach aonduine a thiocfadh ar mhaith leis suidhe is a scíthiste a dhéanamh. Nó tá cuil fhuar ar a' tráthnóna go fóill, dá fheabhas an aimsir."

"'Bhfuil aonduine ann?" arsa Mac Ailín.

"Féadaim a rádh nach bhfuil," ars' an fear eile. "Níl ann acht aon fhear amháin."

"Maith go leor," arsa Mac Ailín. "Ná leig aonduine 'ár gcomhair, má thig leat é. Má thig scaifte 'an toighe eadar seo is an oidhche a bhéas ag iarraidh áit suidhe, innis dúinn é. Agus, anois, tabhair isteach dhá ghloine special chugainn."

Ins an am seo b'fhearr le Mícheál Ruadh gan áit suidhe ar bith a bheith ann. B'fhearr leis lán a' toighe a bheith istuigh sa dóigh a mbéadh leith- scéal aige imtheacht leis chun an bhaile. Dubhairt sé sin nuair a tháinig Mac Ailín amach fá n-a choinne. "Sílim go rachaidh mé 'un a' bhaile anois féin," ar seisean.

"Agus go ndéanfaidh tú amadán díom-sa," ars' an fear eile. "Tá me i ndiaidh ceist a chur ar fhear a' toighe a' rabh an seomra beag fá réir. Deir sé liom go bhfuil agus craos breagh teineadh thíos, agus go mbéidh an seomra fúinn féin go dtí an oidhche. Nuair a chuala mé sin d'orduigh mé dhá ghloine uisce bheatha."

Ní rabh a dhath le rádh ag Mícheál. Bhí an chin- neamhaint ina aghaidh. Fuair sí buaidh air ar maidin ó'n bheagán go dtí an mórán. Dá bhfanadh sé sa bhaile ar maidin, mar rinne Tarlach! Acht mheall an ceol go Ceann Caslach é. Annsin, dá bpilleadh sé ar an bhaile! Acht casadh Domhnall Mór 'ac Ailín air agus mheall seisean leis é amach go Cró na Sealg. Agus nuair a bhí sé annsin ní rabh leith-scéal ar bith aige. Bhí an deoch ceannuighthe agus seomra seascair aca nach rabh siubhal daoine air.

Chuaidh an bheirt aca isteach agus siar pasóid a bhí ann ag tarraingt ar an tseomra chúil. D'fhoscail fear aca an doras agus isteach leo. Bhí craos breagh teineadh thíos agus dhá ghloine uisce bheatha ar tábla a bhí ann. Agus ní rabh aonduine istuigh rompa acht aon fhear amháin. Tarlach Chonaill Óig agus gloine uisce bheatha ar an tábla ag n-a thaoibh!

A Chrìoch


SMO 1997-03-17 CPD