Bromach Inis Beannach

Gearr-sgéal le Séamus 'ac Grianna; as "An Clár is an Fhoireann"
(Ar a chur go SMO le Ciarán Ó Duibhín, 1997-03-17)

I

Nuair a bhí mé óg agus dúil sa tsiubhal agam chaith mé seachtmhain i n-Inis Beannach. Agus gan bhréig ar bith níor leas-ainm "Inis Beannach" ar an oileán chéadna. Bhí na beanna comh h-árd is nach leigfeadh an eagla domh teacht fá leith-chéad slat dá mbárr. Bhí mé comh sgannruighthe aca is go mbínn a' brionglóidigh san oidhche ortha.

Acht cé go bhfuil na beanna sgáthmhara seo ar thaoibh na doininne den oileán tá cladach íseal ar thaoibh an fhosgaidh - an taobh i n-aice thír mór. Tá camus i n-a lár agus céidh bhreágh ann, céidh a dtiocfadh le soitheach mór fá lasta síneadh léithe.

San am sin thigeadh soitheach dárbh' ainm a' "Granuaille" isteach go h-Inis Beannach uair i gcionn na coicthighise. Is léithe a bhí mise amach a' lá tháinig mé 'un a' bhaile. Bhí aonach i gClochar a' Duilleabhair a' lá ar n-a bhárach, agus bhí eallach is caoirigh agus cupla beathadhach capall leis a' "Ghranuaille" fá choinne an aonaigh, ar a bealach amach.

Ní thiocfadh liom gan sonnrughadh a chur sa dóigh ar cuireadh na h-ainmhidhthe ar bórd. Shín a' soitheach leis a' chéidh. Fosgladh cómhla iarainn ar a' taoibh agus shiubhail a' t-eallach isteach mar bheadh siad a' siubhal isteach i mboitheach tráthnóna agus a sáith féir ithte aca. Smaointigh mé ar an h-oileáin a bhí ar m'eolas agus ar a' dóigh a dtugtaidhe eallach asta trasna go tír mór. Obair chontabhairteach í. Tógfar a' tafta láir as a' bhád (tá sé sgaoilte, fá choinne na h-ócáide). Cuirfear feamanach, troigh go leith ar doimhne, ar a h-urlár, ar eagla go gcuirfeadh ceann den eallach a chos thríd a craiceann. Annsin bhéarfar a' bád isteach go dtí an chreag. Luighfidh cuid den fhuirinn anall ar a' taoibh go dtí go bhfuil slat a' bhéil comhthrom leis a' chreig. Agus cuirfear a' t-eallach ar bórd. Obair í nach bhfuil gnoithe ag fear ar bith i n-a ceann acht fear de mhuinntir na n-oileán. Ní thig siad-san féin slán i gcómhnuidhe as a' ghábhadh. Is iomdha fear a báitheadh ar ócáid de'n chineál.

Ní thiocfadh liom gan smaoineamh go raibh an t-ádh ar mhuinntir Inis Beannach nach raibh aca le ghabháil i gcontabhairt a' teacht 'un aonaigh le n-a gcuid eallaigh.

II

Tráthnóna le coim na h-oidhche chuaidh mé isteach 'toighe Mhághnuis 'Ic Chonóglaigh i Machaire Lárach, go bhfaghainn pionnta leanna. Ní raibh aon duine istuigh acht fear na táibheirne agus aon chustamóir amháin - seanduine a bheadh a' tarraingt anonn ar na trí sgór go leith. Bhí féasóg gheal liath air agus bárr tarraingthe uirthí, mar a+tchífeá ar fhear fairrge. Bhí a chraiceann 'chóir a bheith comh donn leis a' phíopa a bhí i n-a bhéal aige. Agus bhí súile caola aige mar bheadh siad leath-dhruidthe riamh aige ag iarraidh rud éigin a aimsiughadh sa doiléireacht.

Chuir sé forán orm nuair a tháinig mé isteach. Shuidh mé féin ag a thaoibh agus thoisigh an cómhrádh.

"Chaith mé cúig bliadhna déag ann," ar seisean, nuair a d'innis mé dó gur a' teacht as Inis Beannach a bhí mé. "'Mo light-keeper," ar seisean, mar d'aithneóchadh sé ar m'aghaidh a' cheist ba mhian liom a chur air. "Áit bhreágh sa tSamhradh. Áit ghalánta. Áit a chuirfeadh fear a dhéanamh filidheachta dá mbeadh sgoilteadh beag dá laghad i n-a inchinn. Dearc féin ar a' tor sin, naoi míle i bhfarraige. Samhail duit féin é, má thig leat, oidhche fairrge móire. Tuargan síorruidhe in do chluasa. Na tonna a' briseadh i mullach a' toighe agus na ballaí ar crioth... Dá mbéinn i dtús mo shaoghail arís. Acht caidé an mhaith domh bheith a' cainnt mar sin?" ar seisean, agus thoisigh sé a líonadh a phíopa go stuamdha.

"Tá dóigh shásta aca," arsa mise, "i bhfarradh is mar a+tá ag an chuid eile de na h-oileánaibh le n-a gcuid eallaigh a thabhairt amach go tír mór."

"Bhí mé i n-Inis Beannach nuair a tinneadh an chéidh ann," ar seisean. "Agus deirim-se leat-sa gurbh' í sin féin a' chéidh challánach. Ní fhuil cuimhne agat-sa air. Acht is iongantach nach gcuala tú iomrádh air. Bhí cainnt aus callán ann. Bhí gearradh agus clamhairt ann. Agus bromach as Inis Beannach a b'úghdar de'n iomlán. Cuireadh ceist- eannaí sa House of Commons fá bhromach Inis Beannach. Na daoine a bhí i n-éadan a' riaghaltais dubhairt siad gurbh é an riaghaltas ba chionntaighe le h-oidheadh a' bhromaigh. Bíodh a fhios agat-sa gur bromach éifeactach a bhí ann. Bhain sé crathadh as na Conservatives comh trom is baineadh riamh asta."

III

Ní thiocfadh liom ciall ar bith a bhaint as cainnt a' tsean- duine, agus níor fhan mé i bhfad aige. Shaoil mé go mb'fhéidir gur gloine beag thar an cheart a bhí ólta aige, agus nach raibh i n-a chuid cainnte acht cumraidheacht amaideach. Acht 'na dhiaidh sin ní thiocfadh liom a leigean as mo cheann. Thoisigh mé a chur faisnéise, go dtí sa deireadh gur fionnadh liom go mb'fhíor do mo sheanduine an méid d'innis sé domh.

Seo mar bhí: Ar feadh na gcéadta bliadhan mhair muinntir Inis Beannach a' tabhairt a gcuid ainmhidhthe go tír mór i mbádaibh fosgailte. Ní raibh líne ar bith ann nár báitheadh duine ar phasáid aca sin. Rud contabhairteach bó nó tarbh a thabhairt i mbád trasna béal fairsing. Acht is contabh- airtighe ná sin arís na beathadhaigh chapall.

Bhí bromach dhá bhliadhan ag Conall Ó Dubhchon i n-Inis Beannach, agus ba mhaith leis a thabhairt go tír mór agus féacháil le n-a dhíol i nGort a' tSiogail lá aonaigh na Lughnasa. Bhí an fhairrge reamhar i ndiaidh doininne, acht má bhí féin bhí sí ag iomchur craicinn; agus bhí bórd den ghaoith leo.

Chuir siad a' bromach ar bórd, agus tháinig cuidiughadh fear a chuir i n-a luighe ar a fhad ar urlár a' bháid é. Thóg siad a' seol agus d'imthigh. Triúr a bhí siad ann: Conall Ó Dubhchon agus a bheirt mhac. Bhí an fear ba sine de na mic i mbun a mhéid, agus gan a' fear eile acht 'na leath-stócach.

Bhí feochán maith géarbhaigh ann agus trí cheathramhadh córach leo. Sheol siad leo go sásta go raibh siad tuairim ar dhá dtrian bealaigh anall a' béal. Le sin féin chuaidh a' ghaoth siar, go dtí go raibh sí díreach i n-a dtaoibh.

Duine ar bith a bhfuil mórán eolais ar bhád seoil aige tá a fhios aige go bhfuil a bheo a' brath ar a' bhaláiste nuair thiocfas air bualadh chuige i ngéarbhach chruaidh. Má áthruigh- eann a' bhaláiste tá tú réidh. An meádhchon a bhí roimh sin a' coinneáil do bháid ar a cíl tá sé anois 'á leagan ar a taoibh. Tá cineálacha baláiste ann is measa 'ná a chéile. Acht bhí an bhaláiste le Conall Ó Dubhchon a ba mheasa a bhí le aon fhear ariamh, mar bhí bromach dhá bhliadhan.

Ba é Conall é féin a bhí ar a' stiúir. Bhí an fear óg i dtoiseach agus a' fear eile 'na shuidhe agus greim adhastair ar a' bhromach aige ag iarraidh a chloigeann a choinneáil síos. D'éirigh an fhairrge corrach. Sa deireadh tháinig séideán tobann. Leig fear na stiúrthach amach a' sgód. Acht bhí sé ró-mhall. Shleamhain a' bromach anuas go taobh a' bháid. Chuaidh sí thar n-a corp, agus báitheadh Conall Ó Dubhchon agus a bheirt mhac.

Chuaidh a' bromach ar a' tsnámh. An chéad rud a rinne sé aghaidh a thabhairt ar a' bhaile. Acht nuair a chonnaic sé a fhad uaidh is bhí an t-oileán thionntóigh sé agus shnámh leis a' tarraingt go tír mór.

Ba ghoirid go raibh sluagh daoine cruinn ar a' chladach. Cibe nach raibh ann bhí "uaisle" ann a bhí a' baint fútha sa "Chúirt." Bhí camera ag fear aca agus é a' tógáil pioctúireach comh tough is thiocfadh leis.

Shnámh a' bromach leis. An dtiocfadh sé i dtír? Bhí sé a' snámh leis, cé go raibh cuma air go raibh sé ag éirghe tuirseach. Bhí sé fá thrí chéad slat den chladach... Fá dhá chéad slat.= ... Fá chéad go leith slat!

Tháinig dreach sgaolmhar ar fhear a' chamera. Nach raibh fuireann ar bith le fagháil a rachadh amach agus a bhéarfadh tártháil ar a' bhromach bhocht a bhí dá bháthadh ós coinne a súl? Chraith sean-iasgaire a bhí ann a cheann agus dubhairt sé gur rud a bhí ann nárbh' fhéidir a dhéanamh.

Bhí an bromach a' snámh leis. Acht bhí sé le h-aithne ag an tsaoghal go raibh sé 'chóir bheith claoidhte. Bhí sé fá chéad slat den chladach. Acht bhí a chloigeann ag ísliughadh agus ag ísliughadh. Ní raibh ann acht go raibh sé ábalta ar a shoc a choinneáil as an uisge. Thuiteadh a chloigeann agus thógadh sé arais go gasta í, mar dhéanfadh duine a mbeadh Néalltaí codladht a a' teacht air. Sa deireadh thuit a chloigeann agus níor thóg sé ní ba mhó í. Tamall 'na dhiaidh sin chaith a' tonn isteach i mbéal na trágha é.

IV

Ní tháinig seachtmhain go dtí go raibh an saoghal mór a' cainnt ar bhromach Inis Beannach. Chuirfeadh na pioctúirí truaighe ort. Fairrge dhorcha agus bárrógaí geala uirthí, agus bromach bocht a' snámh ar theann a dhíchill. An chloigeann a' tuitim aige i bpioctúir eile. Agus an ceann ba truagh- cánta de'n iomlán aca, an bhrúid bhocht 'na luighe báithte i mbéal na trágha.

Is iomdha duine ar samhladh oidheadh an bhromaigh dó comh soiléir is dá mbeadh sé ag amharc air le n-a shúile cinn, nuair a léigh sé an cunntas a bhí ag fear de na Special correspondents. Chonnacthas domh féin go bhfaca mé an t-iomlán.

"Séideán tobann dá dtáinig aniar ó na Mic Ó gCorra gur leag sé an bád anonn ar a' taoibh agus gur shleamhain a' bromach gan chosnamh anuas ar a' garmain. Sgaoileadh sgódái go deifreach driopásach. Acht faraor géar! Bhí sé ró-mhall. Chuaidh an bád thar n-a corp agus fágadh an bromach bocht ar bhárr na dtonn... Chuir sé aníos a cheann agus d'amharc sé i n-a thimcheall. Bhí a bhaile dúthchais amuigh ag bun na spéire. Ní shroichfeadh sé choidhche ar a' tsnámh é. Bhí sé mar d'aithneóchadh sé sin, oir thug sé aghaidh ar tír mór. Shéid sé an sáile as a ghaothsánaibh agus shín sé é féin ar a' tsnámh. D'éirigh an fhairrge i n-a gleanntánaibh luaimneacha liath-ghlasa, mí-chéillidhe mear-thuarganta. Acht shnámh a' bromach leis go mór-uchtamhail dóchasach... Siud é a' tuitim síos i ngleann fairrge. Tá deireadh leis! Acht ní fhuil go fóill. Seo chugainn arais é ar bhárr tuinne agus é a' cathamh siar a chinn mar bheadh sé a' tabhairt dubhshlán mara agus gaoithe... Agus annsin, go díreach i n-uair a' dóchais, chuaidh a chloigeann fá uisge. Agus ní fhacthas arís é gur chaith na tonna isteach i mbéal na trágha é agus é báithte. An dara h-amharc fuaireamar air bhí sé caithte ar a' sgairbh agus a mhong ruadh 'na líbín fá n-a mhuineál."

Chosgair oidheadh an bhromaigh daoine in gach cearn de na "seacht ríoghacht." Ar feadh míosa 'na dhiaidh sin bhítheas a' sgríobhadh leitreach ar na páipéir. Dubhairt duine amháin gur mhór a' náire shaoghalta é i dtír ar bith a raibh ciall nó creideamh inntí. Dubhairt duine eile gur seocáil bromach Inis Beannach coinnsíosa Shíol Éabha. Acht ní raibh sna rudaí seo acht truaighe gan tártháil. Sa deireadh dubhairt duine uasal dárbh' ainm "Pro Bono Publico" rud a raibh ciall leis (Bhí ciall ariamh aige-san, mar bíos i gcómhnuidhe ag an té nach bhfuil ag iarraidh acht maith na cómharsan). Dubhairt sé go raibh bromach Inis Beannach marbh agus nach raibh tabhairt arais air. Acht gur cheart don riaghaltas tabhairt dá n-aire nach mbáithfidhe an dara bromach.

"Agus níor báitheadh?" arsa mise, leis a' tseanduine a bhí ag innse domh.

"Níor báitheadh," ar seisean. "An Samhradh sin a bhí chugainn thoisigh an "Congested" a dhéanamh na céidheadh. Rinne siad céidh bhreágh fhada agus ghlan siad a' grinneal, go dtí go dtiocfadh le soitheach na h-Alban teacht isteach ann de lom trágha, gan trácht ar bhárr láin mhara. Buidheachas de Dhia, tá an saoghal a' bisiughadh. Anois má tá ag ainmhidhe as Inis Beannach le teacht go tír mór ní fhuil le déanamh aige acht a ghabháil síos 'un na céidheadh agus siubhal isteach ar a' "Ghranuaille" mar shiubhailfeadh sé isteach i stábla."

"Is maith sin," arsa mise. "Rud léanmhar bás bromaigh ar dhóigh ar bith. Rud cosgarthach a bháthadh."

"Go h-áithridhe nuair a+tá sé tógtha agat go bhfuil sé i gcionn a dhá bhliadhan," ars' an seanduine.

A Chrìoch


SMO 1997-11-10 CD