Gearr-sgéal le Séamus 'ac Grianna; as "An Teach nár Tógadh", 1948
(Arna chur don liosta GAELIC-L le Ciarán Ó Duibhín, 1997-06-11)
I
Bhí suim as miosúr i gColum Cille ag Tarlach Óg Ó Dómhnaill. Agus, má bhí féin, níor bh'iongantas ar bith sin. Ar scor ar bith, ní h-ádhbhar iongantais é ag an té a bhfuil Gaedhilg na Gaedhealtachta aige. I dtoigh na máthara móire a tógadh Tarlach Óg, agus an méid seanchais a bhí riamh fá Cholum Cille i dTír Chonaill, bhí sé cruinn cuachta i gcloiginn na sean-mhná. Níor innis sí scéal dhá uair ina saoghal gan Colum Cille a bheith ar a thús ná ar a dheireadh aici. Ní thabharfadh sí baramhail ná breitheamhnas ar rud ar bith gan Colum Cille a bheith mar urra aici leis. Thuitfeadh mallacht Cholum Cille ar an té a chuirfeadh ceist ar bh'eol dó féin a freagar. Bhí a bheannacht ag siubhal leis an fhéile. Bhí cinneamhaint na h-Éireann go deireadh an tsaoghail ina thairngaireacht. Agus bhí an bheatha shuthain daithte don té bhéadh faoi n-a choimirce lá an bhreitheamhnais.
Chuir Tarlach Óg suim sa tseanchas seo nuair nach rabh sé acht ina ghasúr bheag bhuídeach, go díreach mar chuir fiche gasúr eile suim san Fhianaidheacht. An té a thógtar ar an Fhianaidheacht, tá contabhairt air go dtiocfaidh imnidhe air lá is fuide anonn, nuair a thoiseochas lucht léighinn a rádh nach rabh na Fiana ann ariamh. Acht an té a bhfuil Colum Cille mar dhubh-shraith seanchais is litridheachta aige, ní h-eagal dó go mbaintear mealladh as nuair a thiocfas sé i méadaidheacht. Gheobhaidh sé amach annsin nach cumraidheacht ná samhailteacha a bhí ins na scéaltaí a chuala sé acht go bhfuil siad ag cur le fírinne na staire.
Bhí Tarlach ag éirghe aníos ina stócach nuair a fuair sé cruthughadh leis an tseanchas a bhí ag a mháthair mhóir fá Cholum Cille. Seo mar fuair sé amach é. Bhí ollamh ollscoile as Baile na gCreataí ar laethe saoire ins na Rosaibh, agus casadh é féin agus Tarlach Óg i ndáil a chéile, lá amháin. Tháinig an dubh-iongantas ar an ollamh nuair a chonnaic sé go rabh an oiread sin eolais ag glas-stócach as na Rosaibh ar shaoghal agus ar sheanchas Cholum Cille. Agus, an Nodlaig sin a bhí chugainn, cheannuigh sé "Beatha Choluim Cille," agus chuir sé chuig Tarlach Óg í mar bhronntanas.
Nuair a fuair Tarlach an leabhar thoisigh sé dhá léigheamh, agus cíocras air mar bhéadh ar fhear a mbéadh tart millteanach air agus a gheobhadh tarraingt a chinn le h-ól. Ar feadh chúig mbliadhan, mhair sé ag léigheamh na "Beatha," agus féadaim a rádh nár léigh sé leabhar ar bith eile acht í ar feadh an ama sin. Ní leigeadh sé lá ar bith thairis gan uair nó dhó a chaitheamh ag léigheadh na "Beatha." Agus níor éirigh sé riamh tuirseach díthe. Bhí sí comh nuaidh an lá deireannach aige is bhí an chéad lá.
II
Bhí uncal do Tharlach Óg ina chómhnuidhe thoir i nGartán. Acht, má's i nGartán féin a bhí sé, ba bheag a spéis i gColum Cille. Fear saoghalta sanntach a bhí ann a rabh a dhá cheann i dtalamh ó dhubh go dubh agus nach rabh ar a intinn acht airgead is eallach is curaidheacht. Níor phós sé riamh. Ní leigfeadh an cheacharacht dó cúram mná ná cloinne a chur air féin.
Nuair a bhí sé ag gabháil anonn i mbliadhanta, thug sé leis Tarlach Óg. Ag brath oighre a dhéanamh de? Ba eadh, acht ar choinghill. "Anois," ar seisean, "má oibreann tú go cruaidh, is leat a bhfuil annsiud ó mo lá-sa amach. Acht, má leigeann tú do mhaidí le sruth, ní bhfuighidh tú comh beag le fód spáide uaim. Sin anois an margadh atá eadrainn. Coinnigh cuimhne air."
Chuaidh Tarlach soir go Gartán, agus, ar ndóighe, an "Bheatha" leis mar chuid dá bhagáiste. Bhí spéis as cuimse aige ins an dúithche sin, acht ní rabh aonduine aige le n-a chómhrádh a dhéanamh leis. Ní rabh suim ar bith ag an uncal i nGartán acht an méid de a rabh seilbh aige féin air. Ní rabh eolas ar bith ar sheanchas na tíre sin aige. Ní mó ná má bhí 'fhios aige gur i nGartán a rugadh Colum Cille.
Nuair a bhíodh a lá oibre déanta ag Tarlach Óg, tharraingeadh sé air an "Bheatha," agus thoisigheadh sé dhá léigheamh. Acht ní rabh suaimhneas le fagháil aige ó'n uncal. Bhíodh seisean ag síor- chainnt ar an rud a bhí i n-aice le n-a thoil féin - eallach agus caoirigh agus curaidheacht. Is minic a thug Tarlach leis an leabhar, tráthnóna, agus thoisigh sé dhá léigheamh dó féin. Acht ní thabharfadh an t-uncal suaimhneas dó. Agus ba é an deireadh a bhéadh air go gcaithfeadh Tarlach an leabhar a dhrod agus a fágáil i leath-taoibh.
III
Maidin shamhraidh amháin, chuaidh an t-uncal go h-aonach Chill Mhic Néanáin a dhíol bó. Nuair a bhí sé ag imtheacht ar maidin, ar seisean le Tarlach Óg: "Tá mé a' brath a' bhó bhreac a chur 'an aonaigh indiu, féacháil a' rachadh agam a díol; béidh obair aici an gamhain a thabhairt go h-aonach Ghallóglach. Rachaidh tusa síos go páirc a' locha a shluaistreadh phreátaí. Agus cuir a' méid a thig leat aca tharat nuair atá an lá maith ann. Ba chóir a sluaistreadh, tá seachtmhain ó shoin, nó tá fás millteanach fútha."
Annsin scaoil sé an bhó amach as an bhoitheach agus thiomáin leis í ag tarraingt ar an aonach. Ar a bhealach suas bhí sé ag smaoineadh ar an mhargadh a bhí eadar lámha aige. Cá mhéad a gheobhadh sé ar an bhoin? An rabh siubhal measardha ar bhuaibh ionlaogh, an lá seo den bhliadhain? Cá mhéad a leigfeadh sé uaidh í air? Cé aca b'fhearr dó a díol i saor-chonnradh ná a tógáil go cionn leith-bhliadhna eile agus féacháil le n-a díol ar a bliocht nuair a bhéadh an bainne gann sa gheimhreadh? Sa deireadh rinne sé amach go ndíolfadh sé í, dá bhfaghadh sé ocht bpunta uirthi. Acht, mur' bhfaghadh, bhéarfadh sé chun an bhaile arais í.
Chuaidh Tarlach Óg amach a shluaistreadh na bpreátaí. D'oibir sé leis go dícheallach i rith an lae, agus bhí roiseadh mór sluaistrighthe aige tráthnóna. Dhíol an t-uncal an bhó ar an aonach, agus dhíol sé go maith í. Fuair sé deich bpunta uirthi. Ar a theacht chun an bhaile dó tráthnóna, thug sé an chéad rása go cuibhreann na bpreátaí go bhfeiceadh sé caidé an méid a bhí déanta ag Tarlach ó mhaidin roimhe sin. Bhí lá mór oibre déanta ag Tarlach, agus bhí an t-uncal sásta leis.
"Bí réidh leo feasta," ar seisean; "tá obair bhreagh déanta agat, beannughadh ort."
Tháinig an bheirt chun an toighe agus rinne an t-uncal greim bidh a ghiollacht. Nuair a bhí an biadh caithte agus na soithigh nighte, tharraing Tarlach air an "Bheatha" agus thoisigh sé dhá léigheamh. Ba chóir go bhfuigheadh sé suaimhneas anocht i ndiaidh an lá breagh oibre atá déanta aige, agus an aoibh atá ar an uncal i ndiaidh an aonaigh. B'fhéidir go bhfuigheadh, dá dtigeadh cupla fear de na cómharsanaigh isteach. Acht ní tháinig aonduine dá gcómhair, an tráthnóna sin.
"Feacht eile do Cholum Cille i nDoire agus tháinig cearrbhach -", arsa Tarlach, ag léigheamh.
"Shíl mé ar maidin nach bhfuighinn fá thrí phunta dá bhfuair mé uirthi," ars' an t-uncal.
"Fuair tú luach breagh uirthi," arsa Tarlach gan a cheann a thógáil as an leabhar. "Tháinig cearrbhach agus duine bocht dá ionnsuighe."
"Deirim-sa leat-sa gur shíl mé, i dtús a' lae, nach bhfuighinn ós cionn, má gheobhainn, seacht bpunta uirthi. Nó ní rabh siubhal ar bith ar eallach ionlaogh."
"Thug sé bonn don chearrbhach agus pighinn don duine bhocht -."
"Acht casadh ceannachóir maith orm agus bhí an bainne 'dhíoghbháil air."
"Agus ba ró-iongnadh le cách gur mhó thug sé do'n chearrbhach -."
"'Punta déag a d'iarr mé. Thairg sé naoi bpunta domh ar a' chéad fhocal. Le sin cé tháinig 'un tosaigh acht Padalán Ó Muireadhaigh agus rinne sé dhá leath dá rabh eadrainn. Sheasuigh an bheirt againn do'n scoilteadh, agus bhí sí díolta is ceannuighthe i bhfaiteadh na súl."
"Bhí an t-ádh ort," ars' an stócach, agus chrom sé arais ar an leabhar. "Agus d'fhoillsigh Dia do Cholum Cille -."
"Mar athchuinge ó'n Rí ort, is caith uait an leabhar amaideach sin, cá bith áit a bhfuair tú í, agus déan do chainnt is do chómhrádh mar dhéanfadh Críostaidhe. Tá mo chluasa bódhruighthe agat a' léigheamh na scéaltach sin."
D'fhág Tarlach uaidh an leabhar go brúighte, acht ní rabh fonn ar bith cómhráidh air. Bhí sé mí-shásta. Cad chuige a mbéadh sé d'fhiachaibh airsean a bheith ar slabhradh ag an uncal? Nach rabh lá mór oibre déanta aige? Nach rabh sé ag saothrughadh a bheatha go cruaidh as allus a mhalacha? Agus, nuair a bhí, nár chóir go mbéadh suaimhneas aige le n-a chaidreamh a dhéanamh le Colum Cille nuair a thiocfadh an tráthnóna?
Chuaidh Tarlach a luighe go luath an oidhche sin, acht bhí sé comh mí-shásta is nár chodail sé aon néall i rith na h-oidhche. Nuair a bhí an lá glan ar maidin bhí sé annsin agus an codladh 'fhad uaidh is bhí sé riamh. D'amharc sé anonn ar an uncal. Bhí seisean ina luighe ar leabaidh a bhí sa taobh thall den tseomra, agus é ina chodladh go sáimh, mar bhéadh fear ann a mbéadh sásta leis féin agus leis an tsaoghal.
Sa deireadh, dar le Tarlach, "Léighfidh mé tamall. B'fhéidir go bhfuighinn codladh le n-a linn." D'éirigh sé agus tharraing sé dallóg na fuinneoige i leath-taoibh go leigeadh sé isteach tuilleadh soluis. Annsin thug sé leis an "Bheatha," chuaidh isteach a luighe arais, agus thoisigh a léigheamh:
"Feacht eile do Cholum Cille i nDoire agus tháinig cearrbhach agus duine bocht dá ionnsuighe. Agus thug sé bonn don chearrbhach agus pighinn don duine bhocht. Agus ba ró-iongnadh le cách gur mhó thug sé don chearrbhach ná don duine bhocht. Agus d'fhoillsigh Dia do Cholum Cille cách dá chur sin i n-iongnadh air. Agus adubhairt sé le daoinibh áirithe dá rabh do láthair annsin an cearrbhach agus an duine bocht do leanamhain do fhéachain créad do-ghéanaidis leis an airgead thug sé dóibh. Agus fuaradar an cearrbhach i dtáibhirne ag ól luacha an bhuinn agus é ghá thabhairt do gach duine ráinig a leas é dá dtáinig chuige. Agus is amhlaidh fuaradar an duine bocht marbh ar an slighidh agus an phighinn sin thug Colum Cille agus cúig marg eile fuaighte 'na éadach. Agus tháinigeadar leis na scéalaibh sin d'ionnsuighe Choluim Cille. Is annsin adubhairt Colum Cille: "D'fhoillsigh Dia domhsa nach rabh de shaoghal ag an duine bhocht úd ní b'fhuide 'ná sin. Agus, dá madh fada a shaoghal, nach gcuir feadh sé i dtairbhe dó féin ná do dhuine eile éinnidh dá mbeith aige, acht a thaiscidh mar do rinne sé leis na cúig marg; agus gerbh olc an cearrbhach ann féin ní hé taiscidh a bhfuair sé do-rinne, acht do shás sé é féin agus daoine eile ar a rabh riachtanas a leas le luach a bhuinn. Agus, ar an ádhbhar sin, thugas-sa ní ba mhó dó 'ná thugas don duine bhocht.""
Le sin féin musclaidh an t-uncal.
"Caidé faoi an spéir an mearadh atá a' teacht ort?" ar seisean go confadhach. "Tá tú sáidhte sa leabhar sin go dtí go bhfuil sí a' gabháil in do cheann duit. Bhí tú dona go leor mar bhí tú. Acht ní rabh tú 'do ghlagaire ar fóghnamh gur thoisigh tú 'á léigheamh do luighe ar do leabaidh, scaradh oidhche is lae ó chéile maidin shamhraidh."
Chuir sé rabhán mór thairis. Bhí an fhearg ag teannadh leis do réir mar bhí sé ag cainnt. Níl aon ainm ná aon bharamhail dar tugadh ar aonduine riamh nár tugadh ar Tharlach Óg. Go dtí sa deireadh gur bhuail talann feirge Tarlach agus gur éirigh sé de rúchladh amach as an leabaidh. Chuir sé air a chuid éadaigh comh tiugh géar is tháinig leis, agus amach ar an doras leis.
IV
Bhí maidin ghalánta ann. An ghrian i ndiaidh éirghe agus í ag cur loinnir mhaiseach i sléibhte Thír Chonaill. Shiubhail Tarlach suas taobh cnuic a bhí ann. Ar a theacht go barr an chnuic dó, shuidh sé síos sa fhraoch agus d'amharc sé uaidh agus é ag meabhrughadh ar Cholum Cille. Ní rabh aon fhód talaimh faoi n-a shúil ar thaoibh ar bith acht an fód a shiubhail Colum Cille, lá den tsaoghal. Agus, a Dhia, nár bheag suim a bhí ag a uncal san naomh éifeachtach sin! An dtiocfadh leis fanacht i n-aoin-teach leis, ar chor ar bith? Caidé mar thiocfadh leis an chuid a b'fhearr dá shaoghal a chaitheamh ag duine saoghalta cadránta nach rabh a dhath faoi rothaí na gréine ar a intinn acht obair is eallach is airgead?
Chaith sé seal mór fada ina shuidhe annsin ag meabhrughadh agus ag cainnt leis féin. Sa deireadh d'amharc sé ar an ghréin agus d'aithin sé go rabh an t-am aige cúl a thabhairt le n-a chuid aislingí agus aghaidh a thabhairt ar an teach. D'éirigh sé agus shiubhail sé anuas taobh an chnuic, go dtí sa deireadh go rabh sé i bhfos ar an bhealach mhór. Cé casadh air annsin acht fear bocht! Seanduine giobach a rabh oiread balcaisí air is bhí ar an Cheithearnach Chaoilriabhach nuair a tháinig sé chun an chaisleáin chuig Ó Dómhnaill i mBéal Átha Seanaigh.
D'iarr sé déirce ar Tharlach agus thoisigh sé ar an deilín beannacht a bíos ag bacach ar ócáid den chineál. Ní rabh airgead ar bith ag Tarlach agus b'éigean dó an fear bocht a dhiúltadh. Acht, dá mbéadh a phócaí ag cur tharsta, ní thabharfadh sé dó acht aon phighinn amháin. Sin a dtabharfadh Colum Cille dó. Sin a mb'fhiú é. B'fhéidir gur céad punta a bhí fuaighte istuigh ina chuid bratóg aige.
Shiubhail Tarlach leis ag tarraingt ar an bhaile, acht níor bh'fhada gur casadh fear air a rabh aithne air ar fud na conndae - mar bhí, an Píobaire Ruadh. Ní rabh aon áit ó Chuan Dhoire go Cuan na gCeall nach rabh siubhalta fiche uair ag an phíobaire chéadna. Amannaí gheibheadh sé pighinneacha airgid as a chuid ceoil. Acht, ba chuma caidé gheobhadh sé, d'fhágfadh sé i dteach an óil é. Acht, má bhí sé tugtha don ól féin, bhí sé fial. Ní dhearn sé leath-ól ar aonduine riamh dár casadh ina chuideachta, acht aon phighinn a bheith aige. Rannfadh sé leat, mur' mbíodh aige acht lán an mhéaracáin. Bhí sé cosamhail, ar an dóigh sin, leis an chearrbhach a casadh ar Cholum Cille.
Nuair a tháinig Tarlach agus an píobaire 'fhad le n-a chéile, chuir an píobaire forán air, agus thoisigh sé a dhéanamh a ghearáin fá na daoine dubhlaidhe a casadh ina shlighe le tamall roimhe sin.
"Tá mé i ndiaidh," ar seisean, "seachtmhain a chaitheamh thiar i gCró na Madadh, agus níor casadh aon daoine riamh orm comh danardha leo, agus is iomdha áit a shiubhail mé. Dheamhan luach pionnta a gheobhainn, dá mbéinn ag fagháil bháis den tart."
"Na-nach rabh tú a' seinm dóbhtha?" arsa Tarlach.
"Mhair mé a' seinm," ars' an píobaire, "go dtí go rabh na scamháin i riocht réabadh agam. Acht ní rabh gar ann."
"Níor spreag do chuid ceoil cuisle na féile ionnta?" arsa Tarlach.
"Iad siud a spreagadh le ceol!" ars' an píobaire. "Bhail, a rún, dá dtigeadh Diarmuid Ó Giollagáin agus Tadhg Ó Crugadáin agus Cathal Maolruadh Ó Rathbhartaigh agus an dís ar fhichid eile a bhí, lá den tsaoghal, a' seinm i gcúirt dhorsach Dhún na nGall, ní spreagfadh siad na h-úspairí udaigh. Tá mo chroidhe dóighte in mo chliabh de dhíoghbháil deoch. Caith chugam scilling mar bhéadh gasúr maith ann, go bhfagha mé fliuchadh mo bhéil thiar annseo ag an droichead."
Tháinig aithmhealtas as cuimse ar Tharlach. Tháinig náire air mar thiocfadh ar Cholum Cille ar ócáid den chineál. Ní rabh comh beag le leith-phighinn ruadh ina phóca, ar an ádhbhar gur fhág sé an baile ar maidin fá dheifre agus gan 'fhios aige cá rabh sé ag gabháil.
"Níl aon phighinn in mo sheilbh," ar seisean leis an phíobaire, ag toiseacht is ag innse dó fá'n dóigh ar éirigh sé go luath ar maidin le toibinne agus ar imthigh sé amach ar an doras, an áit ar chuir an t-uncal fearg air.
"'Bhfuil tú cinnte nach bhfuil aon phighinn bheag agat?" ars' an píobaire, agus bhreathnuigh sé Tarlach ó mhullach a chinn go bárr a choise.
"Ar m'anam atá in mo chliabh, dá mbéadh sé agam go dtabharfainn duit é, indiu thara lá ar bith," arsa Tarlach.
"Ní bhéadh scilling bheag ar bith i bhfolach fá do phócaí i ngan fhios duit?"
"Nár dhubhairt mé leat nach rabh? Níl feoirling agam, gan trácht ar scilling. Agus, mur' gcreide tú mé, amharc ar mo phócaí," arsa Tarlach, agus thionntóigh sé amach póca de chuid a bhríste. Acht ní rabh a dhath ann. Annsin chuir sé a lámh sa dara póca agus caidé fuair sé ann acht dhá nóta chúig bpunta!
Baineadh an anál de Tharlach agus níor fágadh focal ann, nuair a chonnaic sé an t-airgead. Ba é an píobaire an chéad duine a labhair.
"Anois caidé dubhairt mé leat?" ar seisean.
"Seo scéal iongantach," arsa Tarlach, nuair a fuair sé an chainnt leis. "Ní rabh sé agam ar chor ar bith nuair a d'fhág mé an baile. Tá mé cinnte dearbhtha de sin. Caithfidh sé gur - gur - miorbhailtí a bhí ann. Colum Cille a chuir chugam é, le rann ort-sa is ar do mhacasamhail agus le taisbeánadh a thabhairt do m'uncal a bhéarfas 'un creidimh é."
"Níl a' dara duine de mo chineál-sa sa tír," ars' an píobaire.
"Mar sin de, bíodh a' t-iomlán agat," arsa Tarlach ag síneadh an airgid ionns' air. "Mur' dtuga an taisbeánadh seo m'uncal 'un céille agus 'un creidimh, níl slánughadh le déanamh air."
Agus annsin smaointigh sé air féin. "Acht ní chreidfidh sé mé," ar seisean. "Sé rud a thoiseachas sé a gháirdhe fúm agus iarrfas sé orm an scéal amaideach sin a innse do bhódhamán éigint mar mé féin."
"M'anam go gcreidfidh sé thú, nó go dtabharfaidh mise air é. Rachaidh mé isteach 'an toighe chuige, lá éigint ar a' tseachtmhain se' chugainn, go n-innse mé dó é. Bíodh geall air go n-abóraidh mise cupla focal leis a bhéarfas chuige féin é. Nuair a bhéas mé réidh leis, bíodh geall air nach ar eallach a bídh sé a' cainnt."
"Is cruaidh a bhí taisbeánadh 'dhíth ar an úspaire chéadna," arsa Tarlach. "Agus anois," ar seisean, "tá mé cinnte go gcaithfidh tú an t-airgead mar d'órdóchadh Colum Cille é. Go leigfidh tú cuid de le do ghrásta agus go rannfaidh tú le 'gcasfar in do shlighe fad is mhairfeas sé."
"Ná bíodh eagla ar bith ort," ars' an píobaire. "Ní thaiscfidh mise aon phighinn de, acht a rann go fial fairsing."
Rud a rinne sé. Ar feadh seachtmhaine ina dhiaidh sin bhí ceol na bpíob le cluinstin fá Loch Ghartán, agus bhí aoibhneas ar an Phíobaire Ruadh agus ar na daoine a bhí ina dháil.
V
D'imthigh Tarlach ag tarraingt ar an bhaile. Bhí sé iongantach tógtha. Agus cad chuige nach mbéadh?
"Faoi an spéir, cá rabh tú?" ars' an t-uncal nuair a tháinig Tarlach chun an toighe. "Caidé atá a' teacht ort ar chor ar bith, ar shiubhal leat go bhfuil leath a' lae caithte? Nó an a' cailleadh do chéille atá tú?"
Níor labhair Tarlach.
"Cá rabh tú?" ars' an t-uncal an dara h-uair. "Cad chuige nach labhaireann tú? An splanc a tháinig as a' spéir ort a d'fhág balbh thú?"
"Ní tháinig splanc as a' spéir ná tubaiste ar bith eile orm, glóir do Dhia," arsa Tarlach. "Fan go gcluine tú, agus ní bhéidh ádhbhar achmhusáin ar bith agat orm feasta," ar seisean, ag toiseacht is ag innse fá'n airgead mhiorbhailteach a fuair sé sa phóca a bhí folamh ag gabháil amach ar maidin dó.
"Agus caidé rinne tú leis?" ars' an t-uncal.
"Thug mé don Phíobaire Ruadh é," arsa Tarlach.
"Caidé dubhairt tú?"
"Siud a' rud adubhairt mé. Thug mé don Phíobaire Ruadh é."
"An t-iomlán de?"
"An uile phighinn de. Caidé eile dhéanfainn leis?"
"'Athair shíorruidhe, caidé an mearadh gan iomrádh a tháinig ort, ar chor ar bith! Deich bpunta a bhí 'dhíoghbháil go cruaidh ort féin a thabhairt don Phíobaire Ruadh, le h-ól!"
"'Rabh tú ag órdughadh domh a choinneáil," arsa Tarlach go confadhach, "nuair a chuir Dia chugam féin é le tabhairt don té a rabh airc air agus a rannfadh go fial fairsing é? Ba chóir," ar seisean, "go bhfoscóladh an taisbeánadh sin do shúile duit."
"Agus d'fhoscail," ars' an t-uncal. "Ní chodlóchaidh tú an dara h-oidhche in mo theach-sa. Cruinnigh cibé bratógaí éadaigh atá agat - agus an leabhar sin agat ina gcuideachta - agus gabh siar 'un a' bhaile chuig d'athair is chuig do mháthair."
Tháinig an dubh-iongantas ar Tharlach. Ní rabh sé ag súil le seo. D'amharc sé ar an uncal ag brath a agra leigean dó fanacht. Acht d'aithin sé ar ghnúis chadránta an uncail nach rabh gar dó ann, nach rabh maitheamhnas i ndán dó. Chruinnigh sé a chuid éadaigh isteach i mála, agus thug sé leis an "Bheatha" faoi n-a ascaill.
"Slán agat," ar seisean leis an uncal, nuair a bhí sé réidh le h-imtheacht.
"Anois," ars' an t-uncal, "bhéarfaidh mé cómhairle duit. An chéad uair eile rachas tú amach a dhéanamh miorbhailtí, cuir do bhríste féin ort."