Craiceann

Gearrscéal gáirsiúil le Panu Höglund.

Ní fá choinne páistí an scéal seo!

Eolas ar an scéal
Tucaidí an scríbhneora

leagan úr den scéal seo le fáil anois ar an láithreán úr ag Panu.


An samhradh seo caite a tharla an eachtra seo.

Bhí mé tar éis an geimhreadh ar fad a chur isteach ag foghlaim léinn i gcéin, agus nuair a bhí na scrúdaithe deireanacha thart, thug mé aghaidh ar an tseandúchas le scíste a ligean tigh mo thuistí. Chinn mé ar an tseal frí chéile a chaitheamh fá shonas is fá shuaimhneas seachas barraíocht ama a chur amú ag cóisireacht nó ag iarracht cailíní a leagan. Ghabhfainn a dh'fhámaireacht thart agus bhéarfainn m'umhail ar áilleacht na nádúra. Cibé aithne a bhí agam ar na bólaí seo ó bhínn ag súgradh anseo i mo pháiste bheag, bhí mé fiosrach anois, araiciseach lena fháil amach cad iad na hathruithe a tháinig orthu i nganfhios domh agus mise ag staidéar.

An darna lá domh i ndiaidh an chathair dhúchais a thabhairt orm agus mé féin a shoipriú tigh mo mhuintire d'fheistigh mé chun an astair mé féin. Ar dtús chuaigh mé go dtí an siopa fá choinne aráin agus ime agus achan seort rudaí a chuirtear eadar slisíní aráin le ceapairí a dhéanamh. Lón scamhardúil solamarach a chuir mé le chéile agus d'fholaigh i mo mhála droma é. Chuartaigh mé leath an tí ó urlár go síleáil go dtí gur aimsigh mé i gcupard mo sheanseomra féin mo mhapa is mo chompás a bhíodh á n-úsáid agam agus mé i dtólamh ag siúl na gcoillte le linn mé a bheith i mo dhéagóir.

Lá álainn soineanta a bhí ann,lá a chuirfeadh áthas agus ádh ar chroí is intinn ar bith; an ghrian ag taitneamh go cothrom ar an tsaol uilig fúithi eadar shaibhir agus dhaibhir; agus má bhí gaoth le brath ar d'éadan, cha dtearn sí ach an faobhar nimhe míchompordach a bhaint de theas an lae. Bun ar an aimsir, mar adéarfadh na seanfhondúirí.

D'fhág mé slán ag mo mhuintir agus chuaigh liom ag tabhairt aghaidh ar na coillte giúise. Ba chumhain liom loch beag baoideach insnámha fá choim na gcraobhacha glasa i gcroílár dhiamhair na coilleadh, agus b'annamh a thaobhadh duine ná deoraí leis, bíodh is go rabh sé de nós ag na gasóga áitiúla a bpicnic ráithiúil - nó arbh eadh gur turas taiscéalaíochta a bheiridís air - a chur ar bun cois a chladaigh. An chuid is mó den bhliain - agus den tsamhradh féin - bhíodh an loch tréigthe ag bunadh na cathrach.

Dá bharr seo, cibé lá a bhínn in ísle meanman, cibé uair a thigeadh giúmar cumhúil tromintinneach dúnéaltach lionndubhach orm, bheirinn aghaidh ar an loch sin chun seal snámha a bhaint as a uisce shéimh phatuar nó - mura gceadóchadh an séasúr aon tumadh ann - machnamh domhain dorcha duairc a dhéanamh ar mhícheart agus míchothrom agus éagóir an tsaoil i ngleann seo na ndeor searbh agus mise do m'fhágáilt ar an tráigh fhoilimh ariamh gan an ghirseach a fháil ar shantaigh mo chroí chráite is mo bhod neamhúsáidteach í: b'iomdhaí ainnir álainn a mbínn ag tnúth leofa, lena gcomhluadar agus lena gcolainn, agus mé go fóill i mo scoláire meánscoile: char cheadaigh an beaguchtach domh ariamh tús ná bun a chur le suirí ná le cumann. Áilleacht an tsaoil taobh amuigh den chollaíocht chúng a dhruideas súile na ndaoiní óga ar na nithe deasa eile sa domhan - seo é an rud a d'athaimsínn agus mé i mo shuí cois an locha i gceann mo chuid smaointeoireachta.

Nuair a chonaic mé go dtáinig mé comh fada leis a' Ghráig Mhór - an rian deireanach i ndiaidh na Giúise Móire ar leag foireann an chomhluchta páipéir í in ainneoin na n-agóidí a rinn muintir na cathrach agus mise aon bhliain déag d'aois - chinn mé ar scíste a ligean sula leanfainn orm leis an astar. shuigh mé síos ar an ghráig agus bhain mé an tsreang de mo mhála lóin. Nuair a bhí a bhéal ar foscladh forleathan fairsing thum mé mo leathlámh isteach gur thóg mé amach an ceapaire ba raimhre dá dtearn mé, agus achan seort bídh eadar an dá slisín aráin: feoil agus cúcamar, cáis agus tráta, gan dearmad a dhéanamh de pheirsil. Bhí an t-arán bogtha tais ag an chúcamar cheana féin, agus thit grabhróga ar an talamh lena n-ithe ag na seangáin nuair a bhain mé greim den cheapaire.

Agus mé ag mungailt mo chodach go mall socair ar mo sháimhín suilt, bhí mé ag éisteacht le ceol na n-éan agus go h-áithrid le dord ma mbumbóg a bhí ag eitilt thart i mo mhórthimpeall. Nuair a thoisigh mé a bhrath go rabh iomlán mo lúith le baint as na cosa arís, d'airdigh mé mo thóin den ghráig, agus ar aghaidh bealach an locha liom. Tharraing mé seanlán mo chinn d'aer ghlan na coilleadh agus bhraith mé cumhracht an tsamhraidh, a milseacht is a seirbhe.

De réir mar a dhruid mé leis an loch, chuaigh an choillidh chun dlúis, agus mura mbíodh seaneolas agus aithne agam ar na bólaí seo thart, b'ar éigean a chreidfinn go rabh loch ann taobh thiar de na cranntaibh. Bhí na gága craobhacha fada achrannacha ag gránú mo cheannaightheacha lena gcuid spíonta is snáthaidí, agus nuair a bhain mé cladach an locha amach, bhí mé comh tuirseach sin agus gur thuit mé i mo spréiteachán ar mo bholg le scíste a fháil.

Ansin mhothaigh mé nach i m'aonar a bhí mé!

D'airdigh mé mo chloigeann go cúramach ciúin gur amharc mé bealach an locha, agus ceart go leor bhí cailín ag snámh ar fhairsingeach na dtonntach. Buíochas leis an dóigh a n-iompraíonn an t-uisce gach foghar is fuaim chuala mé a glór binn go soiléir. Guth glan a bhí ann nár shalaigh tobaca ná biotáilte ariamh é, agus an t-ádh is an t-áthas a bhí á léiriú aige chuirfeadh sé lúcháir ar chroí ar bith.

Ansin chonaic mé a cuid éadaí is giúirléidí eile ina gcarn beag baoideach i lúbainn eadar dhá moghlaeir cloiche chois cladaigh. Mála droma a bhí aici fosta, culaith traenála is bróga sléibhteoireachta de réir dealraimh; ach sílim nach tógtha orm é má aidmhím gurbh iad a cuid fo-éadaí ba mhó a tharraing m'umhail: d'aithin mé ar an chíochbheart gur cíocha cruinne deasa a bhí aici, agus croí beag baoideach fuaite ar a nicirí áit a rabh a grabhaid. Go tobann bhraith mé mo bhod ag éirí ina sheasamh agus thóg mé mo cheann ar ais taobh thiar de na craobhacha flúirseacha.

Fá chionn cupla bomaite tháinig an cailín ar ais go dtí an cladach, agus mise ag amharc uirthi i nganfhios daoithi. Fornocht a bhí sí gan oiread snáithe uirthi, agus is annamh a chonaic mé a sárú de spéirmhnaoi óig.

Bhí dreach foscailte lách ar an bhruinneall seo, agus aoibh aislingeachta ar crith ar a béal. Leathdhrud a bhí ar a súile, agus b'fhollasach soiléir é gur minic a chuireadh meangadh gáire le cruinne a gruanna. Dubh dorcha a bhí a cuid gruaige, agus í bearrtha comh gearr sin agus nár shroich sí ach a dealrachán.

Nuair a d'ísligh mé mo shúile áfach agus mé ag grinnscrúdú achan spleotáinín dá colainn a bhí le feiceáilt, tháinig borradh i mo bhod nár tharla a leithéid ariamh. Bhraith mé na hartairí ag bogadh óna n-áiteanna cearta fá chraiceann an bhaill fhearga, agus le linn tamaillín bhig bhí fíoreagla orm roimhe go n-éireochadh mo thóin aníos ón talamh comh hard sin agus a bheith le tabhairt fá dear ag an ainnir.

Bhí a cíocha go cruinn deas álainn gan a bheith go rómhór ná go róbheag: cha rabh sí tar éis achan acmhainn mhacnais a bhaint dá corp le haistí amaideacha bídh. Ag breathnú uirthi domh chonaic mé solas an lae a bhí á scagadh frí chraobhacha na gcranntach ag péinteáil a chuid pioctúirí ar a craiceann mín deas bog. Nach géar a theastaigh uaim an craiceann sin a chumailt is a phógadh, nach mór an éagóir nach rabh áiméar a dhéanta agam!

Cha rabh an deireadh ráite go fóill. Shuigh sí síos sa lúbainn a rabh a cuid ciútraimintí fágtha aici agus lig sí osnaíl aisti, agus... agus thoisigh sí á cumailt féin.

Ar dtús chuir sí balláin a cíoch ag gobadh go cruaidh agus shuaith sí a bolg féin. Thoisigh a lámha ag druidim leis an phit gur shroich siad í. Rinn sí na liobra thíos a útamáil agus mhéaraigh sí an bhreall bheag dheas go dtáinig luisne ar a colainn uilig. D'fháisc sí lándúnadh ar a súile agus chonaic mé go rabh achan mhatán inti á theannadh...

...go dtí gur bhain sí amach an bhuaic. Chuala mé an éagaoint ag teacht in ionad na hosnaíola, agus tháinig lúbarnach fhiáin fríthi. Chuaigh sí in arraingeacha agus lig sí búireach chaointe aisti a tharraingeochadh slóite de phóilíní is dochtúirí ionsuirthi más i lár cathrach a d'imeochadh a leithéid uirthi.

Ansin chuaigh an ghirseach go hobann chun suain. Thuit sí ina téagar gan chorraí aisti ina dhiaidh sin, rud a chuir imní orm: arbh amhlaidh gur bás a fuair sí in éineacht leis an tsásamh? Chuir mé cluais ghéar orm go dtí gur mhothaigh mé ag análú í, agus ansin tháinig sólás agam. Bhí an ghaoth ag gabháil chun géire, agus mé ag smaoineamh an mba chóir domh a tuáille nó a cuid éadaí a shoipriú uirthi lena cosaint ar an fhuacht, ach thuit an lug ar an lag agam, agus chloígh mé an tallann. Chaith mé corrshúil ar a haghaidh, agus hóbair domh mo ghol a bhriseadh orm, a ghnaíúla a bhí an cailín bocht ag breathnú! Ghuigh mé go ciúin go soirbheochadh Dia daoithi, agus as go brách liom bealach na cathrach.

Chuaigh sé deacair orm an tslí a choinneáil, agus na deora do mo dhalladh. Nuair a d'fhéach mé le labhairt, bhí tocht i mo sceadamán agus mé i mo bhalbhán aige. Ar shroistint na Gráige Móire domh athuair stad mé i mo sheasamh i lár an mhachaire bháin fhairsing fholaimh a d'fhág lucht leagtha na gcranntach ina ndiaidh deich mbliana ó shin - ansin tharraing mé lán mo scamhógaí d'aer gur thoisigh mé a scairtigh i seanard mo ghutha. Mhair mé i gceann scréachóireachta go dtí gur theip mo ghlór orm agus an deoir dheireanach tuite as mo shúile.

Is ar éigean is cumhain liom cad é mar a tháinig mé chun an bhaile. Nuair a tháinig, bhí mo chuid éadaí roiste réabtha, agus an radharc a bhí ionam bhain sé scanradh as mo thuistí. Cha dteachaidh agam oiread leathfhocail a fhreagairt agus iad do mo cheistiú cad é a d'fhág an anchuma sin orm, agus b'é an tátal a bhaineadar as ná gur taisme nó míthapa, timpiste de sheort inteacht a d'éirigh domh, agus mise sásta gan an bharúil seo a cheartú.

Char ith mé greim ar an tsuipéar, agus chaith mé oíche chorrach ag smaoineamh ar an ghirsigh álainn bhoicht agus ag doirteadh deora. Rinn mé tréaniarracht an cailín a ligean chun dearmaid, ach cha rabh gar ann. Nuair a thoisigh sé ag láú, cha rabh ionam ach pioctúir an airneáil, agus dhiúltaigh mé do bhiadh ar bith a bhí á thairiscint domh ag mo mháthair ag bord an bhricfeásta.

"A mhic-ó", ar sise, "cad fáth nach bhfuil tú ag ithe? Nach dtaitníonn do chuid leat? Monuar mura dtaitní ach cibé scéal é is duine fásta tú agus a thuigbheáil sin agat nach dtig liom biadh ar leith a ghiollacht d'achan duine againn..."

"Gabh mo leithscéal", a d'fhreagair mise. "Sílim gur tholg mé ulpóg inteacht. Char chodail mé aon néal aréir, agus cha dtig liom ithe ach oiread."

"An créatúr!" arsa mo mháthair. "B'fhéidir gur le slaghdán a buaileadh thú sa choillidh."

"Is féidir, tá an ceart agat", a d'fhréagair mé. "Ach is dóigh liom féin gurb é an t-aer istigh fán teach is mó a ghoilleanns orm. Tá sé ró-the anseo agus an ghrian ag taitneamh. Sílim go ndéanfaidh mé seal spaisteoireachta."

"Déan sin más é do thoil é", ar sise. "Ach má thig tinneas ort pill chun an bhaile láithreach."

Chuaigh mé amach a spaisteoireacht ar an tséala an ghirseach a fháil a chonaic mé chois an locha. Chaithfeadh sé nach rabh aon stócach ag cúirtéireacht léithi go fóill! Leisean a rachfadh sí a shnámh dá mbíodh! Ghabhainn achan tsráid ó cheann go ceann agus radharc a fháil ar aghaidh achan ógmhná dár casadh orm, ach cha rabh gar ann: cha rabh bruinneall an chladaigh ina meascsan.

Thoisigh mé a chaitheamh lá i ndiaidh lae ag gabháil thart sa chathair ar lorg na hainnire. D'amharcainn ar chailíní a bhí ag díol uachtar reoite chois doras mór na leabharlainne. D'fhanainn taobh amuigh den chlós cluichíochta nuair a chríochnadh báirí Chraobh na nÓgbhan san eitpheil, tharla go rabh a leithéid ar cois sa chathair agus scaifte Éireann de spéirmhná óga ag glacadh páirt. Chuaigh mé comh géar sin in éadóchas agus gur chaith mé corrshúil ar na ráitseachaibh a thaobhadh leis an toigh ósta "An Bhiotáilte Bhorb". Cha rabh aon mhaith ann uilig ar ndóighe: dá bhfeicinn an stuaire a casadh orm chois an chladaigh, ar an toirt a d'aithneochainn í - ach dheamhan a bhfaca!

Tháinig imní ar mo mháthair dháiríribh, agus an anchuma a bhí ag teacht orm.

"Tchí mé ort nach go rómhaith atá tú", ar sise. "Caithfidh sé go bhfuil rud inteacht go tromchúiseach as ord leat. An eadh go bhfuil uaigneas ort anseo?"

"Is féidir go bhfuil."

"Cogar i leith anois a mhic", a d'úirt sí. "Tiocfaidh mo sheanchara, cailín a bhí sa rang chéadna liom ar scoil fadó fadó, tiocfaidh sí ar cuairt chugainn arú amáireach, agus a nighean-sa i dteannta léithi. Tá mé cinnte dearfa siúráilte go n-éireochaidh leis an ghirsigh s'aici meanma a thabhairt duit. Casadh orm cupla uair í agus tig liom a rádh gur scoithghirseach dhea-mhúinte chliste lách atá inti. Sílim go rachfaidh aici an lionndubh sin a bhaint díot."

Thug mé freagra aonsiollach inteacht nach cumhain liom a thuilleadh cad é a bhí ann. B'ar éigean a bheinn in ann giodróg inteacht a fhulaingt a dtug mo mháthair scothstuaire uirthi.

"Ocht mbliana déag atá sí d'aois, an nighean s'aici", arsa mo mháthair, "agus í ag brath ar staidéar a dhéanamh ar shíceolaidheacht nuair a bheas a hArdteistiméireacht bainte amach aici."

Gnúsachtach a lig mé asam.

"Tháinig chun solais aithne súl a bheith aici ort nuair a thrácht mé ort léithi."

"Is iomaí óinseach óg sa chathair seo agus mearaithne orm acu." Tháinig gráin fhuafar orm agus mé ag smaointiú gur sean-chomhscoláire de sheort inteacht a bhí i gceist, bíodh is go rabh níos mó ná cupla bliain agam uirthi de réir dealraimh. B'fhear liom dearmad dubh a dhéanamh de na bliantaibh a chaith mé ag streachailt leis an tsaol i mo dhéagóir.

Gheal lá an chaighdeáin agus mé i mo phusachán gan lúcháir nó fáilte. D'fhéach mé lena bheag a dhéanamh den chuairt a bhí le theacht. Bhí mé i mo shuí in ainm a bheith ar mo shuaimhneas. Nuair a bhí an tráthnóna ag teannadh linn, mothaigheadh clingireacht an chloig ón doras, agus chuaidh mo mháthair go deifreach in araicis na gcuairteoirí.

Chuala mé ag beannú daofa í, ach oiread leathorlaí char bhog mé, ach amháin éirí i mo sheasamh. Tháinig seanchara mo mháthar ionsorm agus a deasóg ar tairiscint aici le croitheadh a bhaint aisti. Bheir mé greim éadrom ar an láimh agus mé ag monabhar teilgean caighdeánta cainte inteacht a d'fhóir don ócáid. Ansin d'airdigh mé mo shúile le hamharc a fháil ar an nighean...Agus bhraith mé moghlaeir tochta ag brú ar mo chroí: na ceannaightheacha séimhe áilne a d'aithin mé, agus an aoibh ghrámhar ghnaoiúil, agus an cholainn chruthúil. Ainnir an locha a bhí inti ina steillbheatha!

Chonaic mé go rabh an ghirseach ábhairín cúthalach liom: theastaigh uaithi cuideachta a dhéanamh domh, ach amháin nach dtáinig na focla léithi. Rinn mé mo sheacht gcroídhicheall le meangadh gáire cairdiúil a dhrannadh léithi, agus d'úirt mé:

"Cogar, a dheirfiúirín", arsa mise, "is mise an té anseo a mbíonn cúthalacht air, seachas tusa."

Ansin rinn sí sciotaíl dheas, agus ba ghasta go leor a thoisigh muid a chomhrádh go caidreamhach. Fuair mé amach go luath gur meabhróg mhachnamhach fosta a bhí sa lachóigín lách seo, agus tuigeadh domh nach meancóg ar bith a d'imigh orm nuair a thug mé cion rúnda daoithi. Shonraigh mé gurbh iad na rudaí céadna a chuireadh ag gáirí an bheirt againn.

"Gabhaim pardún agat", ar sise fá dheoidh, "ach tchíthear domh nach róchuma atá ort. An bhfuil tinneas inteacht ort?"

"Tá, nó bhí", a d'fhreagair mise, agus faitíos an domhain orm roimh luisne a theacht orm. "Dealrann sé gur thóg mé cineál breoiteachta agus mé ag dul na gcoillteach seachtain ó shin."

"An eadh go mbíonn tusa ag siúl na gcoillteach comh maith!" a bhléasc sí orm go gliondrach. "Cén bealach a chuaidh tú?"

"Bhail...seadh...bhí sé ar intinn agam Loch na Coilleadh a thabhairt orm." Baineadh stangadh as an ghirsigh, agus dheifrigh mé a rádh: "Ach tháinig seachrán orm ionas nach bhfuair mé a bhaint amach...b'fhéidir go mba chóir domh mo chuid éadaí a iompó amach."

"Cad é a bhí de dhíobháil ort ansin?" a d'fhiafraigh sí go foghach.

"Faic na ngrást cha rabh", a d'fhreagair mé go macánta cneasta, "ach amháin gurb áit uaigneach álainn shuaimhneach atá ann. Ba mhinic a thaobhainn leis an loch sin agus cónaí orm anseo go fóill. Nuair a thigeadh lionn dubh orm ghabhainn liom agus aghaidh a thabhairt ar an loch sin le bheith i mo shuí chois a chladaigh i gceann mo chuid smaointí gan mo chloigeann a bhuaireamh le haer an tsaoil."

Arna ra/dh seo domh tharraing mé scéal eile orainn go ceann tamaillín, ach ba luath a philleamar ar an loch agus an áilleacht ina mhórthimpeall. Nuair a tháinig cuma imeachta ar na cuairteoirí, b'fhacthas domh go mb'fhiú domh m'áiméar a thástáil.

"Cogar, a dheirfiúirín", a d'úirt mé léithi, "nach mba mhéanar picnic a chóiriú ag an loch udaí? Cuirimis lón astair le chéile agus as go brách linn go dtí Loch na Coilleadh! Cad é mar a thaitníonns sin leat?"

"Chan fhuil a fhios agam", ar sise.

"Bhail, ba mhaith liomsa an loch a fheiceáilt uaireanta, ach charbh áil liom ach an oiread do dhíbirt ansin, má theastaíonns uaitse bheith i d'aonar ansin gan daoiní eile ag cur isteach ort, tig liom imeacht romhatsa in m'aonar agus d'fhágáilt ag an loch. Nach fearr sin ná go dtiocfainn aniar aduaidh ort, agus scanradh do chroí a bhaint asat?"

Thost sí gur chlaon sí a ceann.

Lá arna mhárach ghreadamar linn bealach an locha. Bhí a chuid bídh ag ceachtar againn, agus mise ag giúlán teirmis liom a bhí lán de thae siúcraiste, agus braoinín maith de shú oráiste measctha ann. Bhíomar ag mionchaint go súgrach aerach le chéile, agus má bhí faitíos nó cúthalacht uirthi go fóill romham, ba mhaith a chuaigh aici a chloí. Roinneamar le chéile achan ráfla de chuid nacathrach ag sciotaíl go gealgháireach dúinn, agus ó am go chéile bhuail racht gáire an bheirt againn fá chéile.

Nuair a shrois muid a' Ghráig Mhór, leath sí blaincéad beag ar an talamh go dteachaidh muid inár suí air. Thoisigh muid a dh'ithe ár gcodach agus tae milis deas á shnáthadh againn léithi. Thost muid go ceann bomaite le sult a bhaint as tuaimeanna binne an tsamhraidh.

Go hobann bhraith mé mo shearc álainn á ligean féin orm. Thuit a ceann ar mo bhrollach agus í ag gnúsachtaigh go sona sásta, agus mo chroí á lasadh le grádh. Chuir mé mo lámh chlé thart uirthi, agus fáiméad póige nach dtug mé láithreach bonn daoithi!

"Nach gnaoiúil dathúil deas iontach tú, a stóirín", arsa mise, "a stóirín, a stuairín, an stuaire is fearr dár shiúil an domhan ariamh!" D'fholaigh mé m'aghaidh i measc a cuid gruaige agus mé ag cumailt mo ghrua lena h-éadan.

"Ba mhaith liom fanacht mar seo go deo deo!" a d'fhreagair sí agus tocht codlata nó brionglóidí ar a glór. Bhí mo chroí ag greadadh le h-áthas ar nós an druma mhóir, agus mise ag muirniú agus ag diúrnú a colna boige te. Ghéill sí domh go dtí go dtáinig mo lámh taobh istigh dá ceathrú: ansin chuaigh stangadh fríthi agus í á réabadh féin uaim.

"Lig domh!" a scairt sí go scanrúil. "Chan fhuil an fonn sin orm."

Bhí mo bhod ina sheasamh cheana féin, agus ghoill an diomá seo go goimhiúil orm. "Nach maith leat mise?" a bhléasc mé.

"Chan é sin atá i gceist", arsa an bhruinneall. "Chan fhuil mé cinnte...Faitíos atá orm...Lig liom mo chuid ama..."

Nuair a chuala mé a glór á thachtadh ag an ghol, agus na deora ag teacht lena shúile, tháinig náire orm. Eadar dhá chomhairle a bhí sí, á stróiceadh is á streachailt an dá bhealach. A sáith deacrachtaí aici gan mé a bheith do mo shíor-chur chun tosaigh uirthi.

"Bíodh agat", a d'úirt mé agus mo ghuth féin ar tí teipeadh orm. "Ach tuigeann tú, is iomaí mealladh a baineadh asamsa, agus eagla m'anama orm go gclisfidh tú orm." Thuit mé ar mo ghlúntaibh agus mo lámha a chur thart ar a cosa. "Chan fhuil mé ródhearfa faoi sin, ach uaireanta tchíthear domh gur bhuail galar an ghráidh go tromchúiseach mé an iarracht seo." Bhí an croí ag pléascadh ionam agus b'ar éigean a tháinig na focla liom.

"Mura gclise tú orm, cha chlisim féin ortsa!" a d'fhreagair sí i gcogar, ag cumailt mo chuid gruaige daoithi. Chuir mé cluais ar a croí lena chinntiú gur ag bualadh go beo beathach a bhí sé.

Mhaireamar tamall fada dár snaidhmeadh ina chéile, agus achan duine againn ag sileadh na ndobhar de dheora goirte géara. Nuair a bhíomar tar éis an racht uilig a ligean dár gcroí, b'fhearr i bhfad a mhothaigh muid sinn, agus b'éasca a chuaigh againn rianta ár lóin a ghlanadh. Ansin thugamar aghaidh ar an loch athuair, agus thoisigh muid a chanadh amhrán de réir mar a tháinig siúl maith fúinn.

Fá dheireadh bhaineamar amach an cuspóir. Bhí na tonnta ag glioscarnaigh is ag splancarnaigh le solas lonnrach na gréine, agus na faoileáin cheanndubha ar foluain anseo is ansiúd os cionn an locha. Bhí an lá comh h-álainn deas te agus a b'fhéidir dó, agus ba leis an bheirt againn an slisín milis seo uilig d'áilleacht shamhrata na nádúra.

Shuigh muid síos agus bhain dínn na bróga lenár gcosa a fhothragan, agus sinn ag ól na mbraontach deireanach a bhí fágtha sa chrúiscín miotail. Rinn muid mionchomhrádh faoi seo agus siúd, ach ba doiligh deacair d'umhail a choinneáil ar a rabh á rádh agat agus an fairsingeach folcánta falcánta os do choinne i dtólamh do do mhealladh chun snámha.

Agus deireadh an tae ólta stadamar den chomhrádh, agus mhair an lántost go dtí go dtáinig liom na focla seo leanas a fháscadh amach mo bhéal:

"Ba mhaith liom snámh. Nach meallacach an chuma atá ar an loch?"

"Tá", ar sise, "ach chan fhuil culaith snámha agam."

Rinn mé miongháire drúisiúil, ag cuimhneamh domh ar an uair a chonaic mé an chéad uair í, agus í gan a ceann a bhuaireamh leis an chulaith snámha ansin.

"Chan fheiceann duine nó deoraí anseo sinn cibé."

"Tchífidh tú mé", ar sise.

Bhí mé ar tí a ráidhte go rabh mé le fada tar éis í a fheiceáilt fornocht, ach choinnigh mé siar an méid sin

"Cha dtéan mo shúile damhgar ar bith ort", a d'fhreagair mé. Chuir sin ag gáire í.

"Dáiríribh?" ar sise. Ansin thoisigh sí a chur a cuid balcaisí daoithi. An meangadh brionglóidí céadna a chonaic mé ar a béal a raibh aithne comh maith sin agam air.

Ba thúisce a chuaigh mise a shnámh áfach, agus nuair a tháinig sí san uisce ag lapadáil go faiteach faichilleach chun doimhneachta, char éirigh liom na cathuithe a chloí braoiníní a stealladh ar a craiceann deas nocht.

"Stad de sin!" a scairt sí ag scréachaigh.

"Gabh amach san uisce, agus stadfaidh mé", a d'fhreagair mé go haerach. "Tum thú féin anois!"

Rinn sí a tumadh, bíodh is go rabh eagla uirthi roimh an uisce fhuar. Ansin rinn muid seal snámha, agus nuair a tháinig tuirse orainn thugamar aghaidh ar ais ar an chladach.

Bhí scíste mhaith go géar de dhíobháil orainn nuair a dhruideamar comh cóngarach sin leis an chladach agus gur shrois ár gcosa an grinneall. B'iomaí uair a bhaineamar taca as a chéile le bheith gan truisleach, agus nuair a bhí an bheirt againn tar éis a thuáille féin a thógáil as an mhála agus a chasadh thart air féin, thuiteamar inár gcarn de chosa is lámha ar an bhlaincéad s'aici. Mar sin a d'fhan muid go ceann cupla bomaite déag, a shúile dúnta druidte ag achan duine againn. Cha rabh le cluinsbheáil ach ceol na dtonntach is scréachach á déanamh ag corrfhaoileán.

Chuir sí a ceann ar mo bhrollach agus lig a colainn deas te orm. Mhothaigh mé ag osnaíl le h-áthas í. Mo ghrádh gheal go deo deo na ndeor, arsa mise i m'intinn féin, ní mhairfidh mé leathlá feasta gan tú i m'fhochair. Bheir mé barróg uirthi agus mé á pógadh is á cumailt, na deora ag teacht liom go flúirseach, agus mo ghlór á thachtadh.

D'éirigh mo bhod ina cholgsheasamh chruaidh agus é ag sciorradh ar leathcheathrú na girsí. D'imigh coipeadh gáire uirthi, agus í ag baint go cúramach cuthalach don chrann clis.

"Cén seort cipín é seo?" ar sise go gealgháireach.

"Sin é an sás a chuirfeas áthas ar an ainnir is ansa liom dár casadh orm riamh!" a d'fhreagair mé, agus fuair mo ghrádh geal póg i ndiaidh póige uaim.

"Cuir...ort...an...cochall", a d'úirt sí, agus diúgaireacht thruacánta thruamhéileach á meascadh le sceitimíní gliondracha ina glór. "Más mise do ghrádh."

D'amharc mé eadar an dá shúil uirthi. B'annamh go nuige seo a chonaic mé a leithéid de dhreach uirthi. "Ná clis orm, tá mé i ngrádh leat" - seo é an méid a bhí le léamh ar a ceannaightheachaibh. Bhraith mé an coinsias do mo phriocadh, an croí ag greadadh, agus tháinig sclimpíní ar mo shúile.

"Is tusa", a d'fhreagair mé, agus mo chroí á réabadh is á roiseadh le corraí.

Chuir mé an clúidín ar mo bhoidín, agus ansin thoisigh mé a shuatheamh breall bheag dheas na hainnire, ag méaraíocht is ag súgradh léithi, agus mo liobra ag léarscáiliú is ag mapáil achan chnoc is achan ghleann ar an cholainn bhog scéimhiúil, agus rinn sise a croídhicheall mé a chumailt lena lámha creathacha, bíodh is go mba bheag an gar a bhí ann. Bhraith mé teas agus deise a colna feadh mo chraicinn féin, agus nuair a thum mé mo bhod isteach a faighin, tháinig crith an áthais fríd an dís againn. Ansin thoisigh muid a bhogadh fá chéile, ár liobra ag pusaíl ar a chéile, ár gcuid deoraí á meascadh le chéile, agus má tháinig oiread leathfhocail asainn, ba lán de ghrádh é.

Cha dtearn mé deifir léithi. Ghlac mé m'am. Mhair mé ag útamáil is ag méaraíocht lena baill phríobháideacha, agus nuair a mhothaigh mé an taom ag teacht orm, tharraing mé siar agus dhá mhéar a chur timpeall ar an bhoibilín lena chinntiú nach sroisfinn an bhuaic go róghasta. Ansin chrom mé ar ais ar mo shearc a ghiúmaráil, agus í ag toiseacht a dh'úthairt go mífhoighdeach cheana féin.

Fá dheoidh bhaineamar amach ceann ár scríbe, agus sinn in éineacht. Mhothaigh mé an chéad tritheamh taobh thiar de mo mhagairlí, agus an ainnir ina talamhchrith fá mo bhun. Thoisigh muid a bhúirfigh agus a chaoineadh, agus chuaigh dian deacair orm ár gcoirp a aithint thar a chéile: ba liomsa a h-áthas is a pian, ba léithi achan mhothachtáil dá dtáinig fríomsa.

Tar éis an bhuailte d'fhanamar inár luí go fóill beag. Ar dtús bhí sí ina codladh, nó bordáil leis, agus an aoibh chéadna ar a haghaidh a chuir orm an gliondar an chéad uair dá bhfaca mé í. A bhruinneall bheagdheas iontach, cha chlisim ort go deo!

Ansin tháinig lúth inti, agus imní uirthi.

"Má aithneann mo mháthair orm go bhfuilimid tar éis an rud seo a dhéanamh?"

Rinn mé iarracht a faitíos a mhaolú.

"Má aithneann féin, cén damhgar? An dóigh leat go ndíbeorfaidh sí as baile thú?"

"Cha ndíbreann", a d'fhreagair sí, "ach sílim go mbeidh sí ag seanmóiríocht agus ag achasán, agus ba bheag ba mhaith liom a cuid eascainí a éisteacht. Tig léithi bheith ina diabhal déanta cruthanta agus an giúmar sin uirthi."

"Má labhraimse mé féin léithi?"

"Goidé a déarfas tú?" ar sise, agus an chuma uirthi nach rabh rómhuinín aici as m'acmhainn dioplómaiticiúlachta.

"Fág fúm é", a d'fhreagair mise.

Rinn mé a comóradh chun an bhaile, agus nuair a d'fhéach sí le slán a fhágáilt, dhiúltaigh mé daoithi: chuaigh mé isteach léithi. Bhí a máthair ag déanamh suipéir agus sinn ag drud an dorais ar ár lorg.

Ba léir go bhfaca sí láithreach bonn uirthi goidé bhí déanta againn, ach ba leasc léithi toiseacht a scalladóireacht agus mise ina haice.

"Dia duit", arsa mise go cairdiúil.

"Dia is Muire duit", a d'fhreagair sí.

"Tá nighean den chéad scoith agat", a d'úirt mé, "agus mise i ngrádh léithi."

(Críoch)

© Panu Höglund


SMO 1996-10-10 CPD