Scéal Suain as an Fhionlainn

Panu Höglund a d'aistrigh go Gaeilge

Bhí buachaill ann fadó. Sciob an Fear Dubh é agus chuir i gceann oibre ina theach-san é. Lá amháin tháinig ar an Fhear Dhubh astar a dhéanamh agus d'ordaigh sé don stócach aire a thabhairt d'achan rud, ach go háithrid dá chapall a bhí sa stábla.

Ar imeacht don Fhear Dhubh chuaidh an buachaill sa stábla agus fuair sé an capall roimhe. Bhreathnaigh an capall air agus labhair leis.

"Cogar i leith a bhuachaill!" arsan capall.

Tháinig eagla is baspairt ar an bhuachaill, ach cha rabh aon dochar ná urchóid le h-aithne ar an chapall.

"Nach amhlaidh gur cime tú i dteach an Fhir Dhuibh?" arsan capall.

"Is amhlaidh", arsan stócach.

"Cad fáth nár rith tú leat abhaile nuair a d'fhág sé i d'aonar anseo thú?"

"Chuir sé geasa orm: ní cumhain liom a thuilleadh cé h-iad mo mhuintir nó cá h-áit a bhfuilid ina gcónaí."

"Más eadh, a bhuachaill, caithfidh mé tú a thabhairt liom go dtí mo thír dhúchais féin. Ar dtús áfach ní mór duit d'úmú féin fá choinne an turais. Gabh i seomra an Fhir Dhuibh agus chífidh tú claíomh mór trom. Ardaigh leat é agus pill anseo. Mura dtig leat a ardú tum do chloigeann sa tsoitheach mór fola atá sa tseomra chéadna. Ansin tóg leat an chraobh is an buidéal uisce is an chloch bheag a gheobhfas tú ar an tábla aige."

Chuaidh an stócach go dtí seomra an Fhir Dhuibh, agus chonaic sé an claíomh is an soitheach mór fola roimhe. Fuair sé greim ar an chlaíomh is d'fhéach lena ardú, ach bhí sé comh trom sin agus nár éirigh leis a bhogadh. Cha rabh de roghain aige ach a chloigeann a thumadh san fhuil.

Agus - iontas na n-iontas! Tháinig fás is borradh is cumhacht mhór ann, agus b'éascaidh éadrom a d'ardaigh é an claíomh mór a iompar leis. Thóg sé an chloch is an chraobh is an buidéal uisce den tábla is thug sé an stábla air arís.

Nuair a phill sé chuig an chapall, bhí imní is oibriú airsean agus é ag rádh leis:

"Gabh ar mo mhuin agus as go brách linn! Creidim go bpillfidh an Fear Dubh cibé bomaite anois!"

Rinn an bheirt acu an teach a fhágáilt, agus b'é an capall a roghnaigh an bealach a chuadar. Bhí go maith agus ní rabh go holc go dtí gur ordaigh an capall don bhuachaill súil a thabhairt ar ais agus a rádh céard a chonaic sé ansin:

"Tá néal mór dorcha ag éirí aníos", arsan buachaill.

"Chan aon néal atá ann ach an Fear Dubh ar ár lorg-ne. Caith uait an chraobh ar an bhealach mhór!"

Chaith an buachaill an chraobh uaidh, agus - iontas na n-iontas! D'fhás coill mhór mhillteanach eadar iad agus an Fear Dubh!

Nuair a bhain an Fear Dubh an choill amach, rinn sé iarracht ar dtús theacht thart uirthi, ach thuirsigh sé é féin go luath. Ansin chuaidh sé isteach sa choill, ach tháinig seachrán air agus ní rabh de roghain aige ach pilleadh an bealach a tháinig sé. Chinn sé ar an choill uilig a leagan, agus d'iompaigh sé chun an bhaile fá dhéin sáibh agus tua.

Bhí go maith is ní rabh go holc go dtí gur ordaigh an capall ar an bhuachaill uair eile súil a chaitheamh an bealach a thángadar.

"Is é an néal céanna a chí mé."

"Ní néal ar bith é ach an Fear Dubh ar ár lorg. Caith uait an chloch anois!"

Chaith an stócach an chloch uaidh agus d'fhás cnapán mór ard sléibhe ansin. Nuair a tháinig an Fear Dubh fad leis, cha rabh de roghain ann ach ghabháil thart air: cha rabh gar ann a bheith ag iarraidh é a dhreapadh.

Bhí go maith is ní rabh go h-olc go dtí gur ordaigh an capall dá mharcach an tríú huair súil a chaitheamh ar ais.

"An néal sin ag éirí athuair", arsan buachaill.

"Ní néal ar bith é ach an Fear Dubh! Caith uait an buidéal uisce!" arsan gearrán leis.

Chaith an stócach an t-uisce ar an bhealach mhór, agus - iontas na n-iontas! An áit nach rabh deoir uisce go dtí seo, leath na dobhair de anois, agus tar éis meandair bhí loch fairsing forleathan ag scarúint an Fhir Dhuibh óna chime is óna chapall.

Rinn an Fear Dubh theacht timpeall ar an loch, ach ní rabh gar ann, dá dhúthrachtaí a d'fhéach sé leis. I ndeireadh báire thoisigh sé a dh'ól an uisce leis an loch uile a fholmhú.

D'ól sé tarraingt is tarraingt eile a chinn, d'ól sé agus thoisigh a chorp ag borradh, ach níor bhuair sé a chloigeann leis. D'ól sé is d'ól sé...agus...PHLÉASC! phléasc sé agus an t-uisce á roiseadh ina stialltracha beaga! agus iomrá nó trácht ní chuala duine ná deoraí air ó shin i leith.

Bhain an buachaill is an gearrán amach an tír a dtáinig an gearrán aisti, mar a d'úirt sé; ach fuair siad an tír trí chéile rompu, agus eagla is baspairt is oibriú is imní ar achan duine ansin.

"Cogadh a bheas ann! Tá na milliúin saighdiúir ag druidim linn ón tír ollchumhachtaigh ábhalmhóir san Oirthear, agus gan againn ach an sean-Rí agus a chlaíomh amháin!" Mar sin a d'úirt muintir na tíre leis an bhuachaill agus é ag ceistniú cad é a bhí orthu.

"Beir ar do chlaíomh anois", arsan capall. "Gabhaimis a chuidiú leis an Rí."

Rug an buachaill ar a chlaíomh, ach bhí sé in amhras: "Chan fhuil mé ach i m'aonar. Cén gar a bheas ionam fá choinne an Rí?"

"Ná bíodh imní ort", arsan capall.

Tháinig siad fad leis an Rí, agus é ag bagairt a chlaímh féin ar na saighdiúirí coimhthíocha. Ní raibh siad ach ag seitgháirí faoi - ba dócha nach mb'fhiú dóibh a mharbhadh. Ansin áfach chuala an stócach oifigeach dá gcuid ag ordú dóibh saighead a sháitheadh sa Rí agus leanstan go dtí an chathair.

D'ardaigh an stócach a chlaíomh agus é á bhagairt ar na ceithearnaigh choimhthíocha - agus nuair a d'ardaigh, tháinig eagla is baspairt ar na saighdiúirí, thréigeadar a gcuid oifigeach is chaitheadar uathu na claímhte is na boghanna, is nuair a d'ísligh an buachaill a chlaíomh athuair, cha raibh fágtha de na sluaite móra armtha ach saigheada briste is lanna meirgithe.

Ansin chuir an capall ceiliúr ar an bhuachaill:

"Beir ar do chlaíomh is buail an cloigeann díom."

Phléasc a ghol ar an stócach. "Cad fáth a mba chóir domh do dhícheannadh? Is tusa m'aonchara sa domhan. Chan cumhain liom a thuilleadh cé hiad mo lucht gaoil. In éineacht a d'éalaigh muid ón Fhear Dhubh. Ná héiligh a leithéid orm."

"Déan mar a d'ordaigh mé agus tchífidh tú gur chun do leasa a rachfas sin."

Rinn an buachaill mar a bhí ordaithe, agus é ag sileadh na ndeor. Agus nuair a bhuail sé - iontas na n-iontas! Cha rabh aon chapall ann ach cailín ar comhaois leis - agus nuair a chonaic an Rí í, thoisigh seisean a chaoineadh le tréan áthais amháin, agus barróg a fháisceadh uirthi. B'ise nighean an Rí agus geasa curtha ag an Fhear Dhubh uirthi fosta.

Agus thar éis an scéil uilig phós an buachaill an ghirseach a tháinig as an chapall, is nuair a fuair an seanRí bás, rinneadh Rí úr de.


Panu Höglund a d'aistrigh, 1996-10-28

Seo scéal suain de chuid mo mháthar críonna. Agus mé i mo bhrín óg ba mhinic a chluininn an scéal seo ag mo mháthair chríonna Toini Maria Takala de mhuintir Lemminkainen.

© Panu Höglund


SMO 1997-01-04 CPD