TACHTAIMIS AN GRÁDH SIN - EOLAS AR AN SCÉAL

This page in English

An chéad leagan den scéal seo chum mé é agus mé go fóill ag freastal ar an ard-mheánscoil nó "lukio" udaí Päiviönsaari in Varkaus ("meánscoil" a bheirim uirthi sa scéal gidh nach bhfuil sin róchruinn) in Varkaus. Bhí mé féin seacht mbliana déag ar na saolta udaí, agus as Fionlainnis a scríobh mé é, ó nach rabh mo dhúlsáith de Shualainnis ná de Ghearmáinis agam - is iad seo an dá teanga iasachta is fearr atá agam! - le cumraíocht a chleachtadh i gceachtar acu. Ar na laethanta sin bhí an scéal an-éagosúil lena bhfuil ann anois; mar shampla, ní Máire Gráinne a bhí ar Mháire Gráinne ach Martina, agus Sualainniseoir de chuid na Fionlainne a bhí inti, seachas cailín gorm as an Bhraisíl.

Is an-chosúil é stáitse an scéil le mo bhaile mór dúchais in Oirthear na Fionlainne, ach amháin gur scigaithris ar na fíor-logainmneacha atá ann: d'athraigh mé Varkaus - a chiallaíonns "gadaíocht" - go Narkkaus, agus is é is brí leis an fhocal seo ná "drugálaíocht", "saol lucht na ndrugaí". Tá imeartas focal den tseort chéadna le fáil ó áit go chéile sa scéal seo; na hainmneacha atá ar na daoiní áfach is ainmneacha iad a d'fhéadfá a fheiceáilt ar na daoiní san Fhionlainn, nó logainmneacha a bhíodh ina sloinnte roimhe sin.

Is stocach cúthalach é ardphearsa an scéil, agus é seacht mbliana déag d'aois. Ghníthear bulaíocht agus maistíneacht air ar scoil, agus tuiteann sé i ngrádh le girsigh atá á crádh le fadhbanna den chineál chéadna. Tá sé de rún agam an scéal a oibriú amach ina fhíor-úrscéal fá choinne an aos óig agus a fhoilsiú an gnáthbhealach clóbhuailte.

Panu Höglund


SMO 1996-10-10 CPD