Gàidhlig

Oidis bhidh

Date: Thu, 30 Nov 1995
Sender: Gaelic Language Bulletin Board <GAELIC-L@IRLEARN.UCD.IE>
From: Dennis King
Subject: Oideas Gael? [GE, BE]

Fuair mé an t-oideas seo leanas ar phaicéad duilisc a cheannaigh mé sa gco-op an tseachtain seo caite. Tá an seabhdar seo ar fheabhas! Tá sé simplí agus blasta, agus oiriúnach d'fheoilséantóirí (cé nach bhfuilim féin sa gcampa sin faoi láthair).

Seabhdar Cóilise le Duileasc Cauliflower Chowder with Dulse
dos amháin cóilise
oinniún
1/3 cupán min choirce
3 chupán uisce
lán taespúnóige salann
leathchupán duileasc tirim
cúpla scailliún
1 head of cauliflower
onion
1/3 cup oatmeal (rolled oats)
3 cups water
1 teaspoon salt
1/2 cup dry dulse
2-3 scallions
Gearr an chóilis ina plúiríní. Gearr an oinniún ina sliseanna tanaí. Cuir an chóilis, an t-oinniún, an mhin choirce, an salann agus an t-uisce i bpota mór agus fiuch go séimh go ceann 15 nóiméad. Nigh an duileasc agus na scailliúin agus gearr ina bpíosaí iad. Chomh luath is atá an chóilis bog, déan purée den anraith sa gcumascóir. Cuir isteach an duileasc is an scailliún agus piobar dubh nó dearg, mar is mian leat. Cut the cauliflower into flowerets. Cut the onion into thin slices. Put the cauliflower, the onion, the oatmeal, the salt and the water into a big pot and boil gently for fifteen minutes. Wash the dulse and the scallions and cut them up into pieces. As soon as the cauliflower is soft, make a puree of the soup in the blender. Add the dulse and the scallion and black pepper or cayenne, as you like.

Más maith leat bia "te", cuir sliseoga de phiobar uaine jalapeño air. ... y un poco de queso blanco - ay caramba, que sabroso!

Donncha

1995-11-30 CPD