Fáinne an Chladaigh

I nGaillimh, deirtear go ndeachaigh duine de mhuintir Diolúin (seodóirí a raibh siopa acu i nGaillimh go dtí ceithre bhliain ó shin) go dtí an Spáinn sa séu nó sa cúigiú haois déag. Ní dochreidte an scéal, ó bhí an-chuid gnó ar siúl ag an am idir Gaillimh agus an Spáinn. Ní mé an raibh sé ag saighdiúracht nó eile, ach pé rud a tharla, glacadh é mar ghiall ag na hAfraicigh agus cuireadh ag obair le seodóirí é. Fad a bhí sé ag sclábhaíocht dóibh, d'fhoghlaim sé a gceird, agus chuaigh sé i gcleacht ar modh agus stíl a seodra.

Blianta ina dhiaidh sin, scaoileadh saor é, agus d'fhill sé ar a bhaile dúchais, áit a chuir sé a scileanna chun feidhm - chuir sé gnó seodóireachta ar bun, gnó a d'éirigh chomh maith sin leis gur lean an ceird (agus na gréasanna éagsúla a thug mo dhuine abhaile leis) ar aghaidh ó ghlúin go glúin go dtí an lá atá inniu ann. Faraor, theip ar an ngnó cupla bliain ó shin, ach tugtar 'Dillons' Corner' fós ar an gcasadh sin idir Williamsgate St. agus Sráid na Siopaí. Níl mé ag rá go bhfuil sé róchruinn, ach ritheann baile mór na Gaillimhe fós ar "Dillons' Time" - an t-am a fógraítear ón chlog sin os cionn siopa Dillon. Gura fada ann é!

Ar ndó bhí muintir na Gaillimhe an tógtha le gréasanna an Uasail Dillon, agus d'éirigh thar cionn leo amach is amach. Glacadh ba chroíúila, ámh, leis an ngréas sin a raibh croí corónaithe idir dhá lámh aige, agus níor ghlacadh ní ba chroíúla leis ná i mbaile an Chladaigh, baile beag iascaireachta taobh amuigh de bhallaí na cathrach. Úsáideadh mar fháinne pósta é, agus dia ar ndiaidh, d'fhás gnásanna áirithe suas timpeall uirthi. Glactar leis go forleathan, mar shampla, go bhfuil tú geallta nó pósta le duine éicínt má tá an coróin ar an taobh amuigh, agus go bhfuil tú ar ligin más sa treo eile atá sé. Mí-ádh amach is amach atá ann, dála an scéil, d'fháinne féin a cheannach. Sílim go bhfuil an-chuid gnásanna eile chomh maith, ach ní eol dom iad. Ar ndó, tar éis tamall, b'iad muintir an Chladaigh don chuid is mó a bhí ag caitheamh an fháinne, agus cuireadh "fáinne an Chladaigh" nó "The Claddagh Ring" uirthi.

Brian Ó Broinn (obroin@students.uiuc.edu) 1995-11-30

 
1995-11-30 CPD