Date: Mon, 28 Jul 1997
From: Marion Gunn
To: GAELIC-L
Subject: Ádh & mí-ádh (good luck & bad)

Blaiseadh beag den ábhar foclóireachta a tharla faoi mo láimh inniu, i
measc na lámhscríbhinní. (A  little taste of the lexical materials crossing
my desk today, on the theme of luck, both bad and good, including some
proverbs, blessings and a curse from County Mayo.)
mg
----
ÁDH
Ta an t-ádh ina chaipín. Bhí an t-ádh dearg air. Nach air a bhí an t-ádh
dearg. Bhí ádh na gcéadta air. Bhí sciorta den ádh air, 'he had a run of
good luck'. Ba é la an ádha dhó é, 'it was a turning point in his career'.
Ní fhaca sé lá den ádh ariamh ach é '("é" here refers to the turning
point)'. Bhí ádh fhear a chinte air, 'he went within an ace of falling'.
Níorbh é an t-ádh a thug ann (/a chas an bealach) é, 'it was an
inauspicious visit, journey'. Chuaigh mé ann, agus ní in ainm an ádha dhom
féin é, 'I went there, as ill luck would have it'. Bhí sé d'ádh (/de
mhí-ádh) air bualadh léi, 'it was fated for him to meet her. Chas an t-ádh
(/an mí-ádh) an bealach é. Ádh na gcártaí, 'luck at cards'. Seanfhocal: Is
fearr an t-ádh ná éirí go moch. Seanfhocal: An té a mbíonn an t-ádh ar
maidin air, bíonn sé air maidin agus tráthnóna. Seanfhocal: An té a mbíonn
an t-ádh air, doirtear an bhó agus an bhodóg aige. Seanfhocal: Bíonn ádh ar
amadán. Beannacht: Ádh éisc ort!.'May you have a good day's fishing.'
Beannacht:  Go gcuiridh Dia an t-ádh (agus an séan) ort. Beannacht: Go
gcuiridh Dia an t-ádh agus séan air i rith a shaoil, 'may his future be a
bright one'. Mallacht: Ná raibh an t-ádh ná an t-amhantar ort!
 
2005-10-28 CPD2