Aidiachtaí uamacha

beo bíogúil
bréan bailithe
briste brúite
brúite basctha
buíoch beannachtach.

clipthe cráite
cráite céasta

docht daingean
duairc dólasach
dubh dóite
dubh dorcha

fial flaithiúil
fite fuaite
fuar feannaideach
fuar feanntach

gafa gléasta

ligthe lúfar

maorga mórga
modhúil maorga

ar do sháimhín só
ar do sháimhín suilt
slán sábháilte
slim sleamhain
slítheanta sleamhain
sona sásta

tugtha traochta tnáite
tuirseach traochta

Ainmfhocail uamacha

Beir bua agus beannacht.
caint agus comhrá
cur agus cúiteamh
Níl luibh ná leigheas in aghaidh an bháis.
Thit an lug ar an lag air.
íde na muc is na madraí

agus frásaí eile

slán folláin
aosta pósta


2005-06-16 CPD
Ó Dennis King agus ó mhuintir an ríomhliosta Foram a tháinig an chuid is mó de na focail seo