Loinneag don Iontróid (Sm 67:6-7,36)
Tá Dia ina dhún naofa; tabharfaidh sé áit chónaithe don uaigneach agus
neart agus cumhacht dá mhuintir.
| S | In ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh. |
| P | Amen. |
| S | Go raibh an Tiarna libh. |
| nó | Grásta ár dTiarna Íosa Críost agus grá Dé agus cumann an Spioraid Naoimh libh go léir. |
| P | Agus leat féin. |
Gníomh Aithrí:
Na focail seo a leanas nó mar is rogha leis an sagart.
| S | A bhráithre tugaimis ár bpeacaí chun cuimhne chun go mb'fhiú sinn an tAifreann a cheiliúradh. |
| S&P |
Admhaím do Dhia uilechumhachtach agus daoibhse, a bhráithre, gur pheacaigh mé go trom le smaoineamh agus le briathar, le gníomh agus le faillí, trí mo choir féin, trí mo choir féin, trí mo mhórchoir féin. Ar an ábhar sin, impím ar NaomhMhuire síorÓgh, ar na haingil agus ar na naoimh, agus oraibhse, a bhráithre, guí ar mo shon chun an Tiarna Dia. |
| S | Go ndéana Dia uilechumhachtach trócaire orainn, go maithe sé ár bpeacaí dúinn, agus go dtreoraí sé chun na beatha síorí sinn. |
| S | Amen |
| S | A Thiarna, déan trocaire |
| P | A Thiarna, déan trocaire |
| S | A Chríost, déan trocaire |
| P | A Chríost, déan trocaire |
| S | A Thiarna, déan trocaire |
| P | A Thiarna, déan trocaire |
An Ghlóir:
| S | Glóir do Dhia sna harda |
| S&P |
Agus ar talamh síocháin do lucht a pháirte. Molaimid thú. Móraimid thú. Adhraimid thú. Tugaimid glóir duit. Gabhaimid buíochas leat as ucht do mhórghlóire. A Thiarna Dia, a Rí na bhflaitheas, A Dhia, a Athair uilechumhachtaigh, A Thiarna, a Aon-Mhic, a Íosa Críost. A Thiarna Dia, a Uain Dé, Mac an Athar. Tusa, a thógann peacaí an domhain, déan trócaire orainn. Tusa a thógann peacaí an domhain, glac lenár nguí. Tusa atá i do shuí ar dheis an Athar, déan trócaire orainn. Oir is tú amháin is naofa. Is tú amháin is Tiarna. Is tú amháin is ró-ard, a Íosa Críost, mar aon leis an Spiorad Naomh i nglóir Dé an tAthair. Amen. |
Urnaí:
A Dhia, is tú dídean na ndaoine a bhfuil a muinín asat, agus
níl neart ná naofacht in aon ní i d'éagmais; bronn go fial
orainn do thrócaire, agus múin dúinn feidhm a bhaint as
maitheasaí an tsaoil seo i slí is go bhféadfaimid ár gcroí a
bheith sna maitheasaí buana. Sin é ár nguí chugat trínár
dTiarna...
An Chéad Léacht
Sliocht as dara leabhar na Ríthe (4:42-44)
Íosfaidh siad agus beidh fuíoll fágtha acu.
Tháinig fear ó Bál-sealiseá agus thug sé leis chun giolla Dé arán a rinneadh de na céadtorthaí, fiche builín eorna agus arbhar úr i ndias. `Tabhair don phobal é le hithe', arsa Elisea. D'fhreagair sheirbhíseach: `Conas is féidir liom seo a roinnt ar chéad duine?' `Tabhair don phobal é le hithe', ar seisean go righin, `oir seo mar a deir an Tiarna: "Íosfaidh siad agus beidh fuíoll fágtha acu."' Roinn sé orthu é. D'ith siad agus bhí fuíoll fágtha acu, mar a dúirt an Tiarna.
| L | Sin é Briathar Dé |
| P | Buíochas le Dia |
Salm le Freagra (Sm 144)
Le leantainn