Máirtín Ó Cadhain 1905-70
Tá áthas ar Leabharlann Choláiste na Tríonóide go bhfuil clann agus
Iontaobhaithe Mháirtín Uí Chadhain (.i. Máirtín Ó Cadhain, Mícheál
Ó Curraoin, Seán Ó Curraoin, and Seán Ó Cadhain) tar éis páipéir
Mháirtín a bhronnadh ar an Leabharlann. Bhí ócáid oifigiúil bronnta
ann ar 10 Meitheamh 1996.
I measc na bpáipéar tá láimhscríbhinní dá chuid úrscéal agus
gearrscéal, nótaí a rinne sé agus é dhá scríobh, a obair
iriseoireachta agus mar cholúnaí nuachtáin, a shaothar ar ghramadach na
Gaeilge, ar stair na Gaeilge, agus ar mheath na teanga sin, cuid dá obair
ullmhúcháin dona chuid ranganna i gColáiste na Tríonóide, áit a
raibh sé ina léachtóir agus níos déanaí ina ollamh le Gaeilge,
páipéir ar Ghael Linn, Chonradh na Gaeilge agus eagraíochtaí eile
Gaeilge, agus ar pholasaí an rialtais i leith na Gaeilge (ábhair
conspóide go minic), a bhailiúchán téipeanna ar bhéaloideas, ar
chanúintí agus le h-aghaidh cleachtadh foghraíochta, chomh maith le
filíocht dá chuid féin agus nótaí a rinne sé le linn dó bheith i
gcampa géibhinn an Churraigh, a leabharlann chlóbhuailte (ina measc
leabhar inar scríobh sé nótaí), agus nótaí dá chuid léitheoireachta
(cuid de i bhfoirm duillíní leabharlainne dár choimeád sé).
Tá cuid den ábhar curtha ar leataobh lena fhoilsiú, agus ní bheidh sin
ar fáil lena scrúdú go dtí go bhfoilseofar é, ach beidh na páipéir a
bhaineann lena shaothar foilsithe ar fáil nuair a bheidh siad
liostáilte-uimhrithe go h-iomlán. Chuir an chlann catalóg mhaith ar
fáil, agus tá sin a h-athchóiriú ar mhaithe lena h-úsáid sa
leabharlann.
- Príomh-scríbhneoir cruthaitheach Gaeilge na fichiú aoise, ar son a
úrscéil Cré na Cille agus a chuid gearrscéalta ach go h-áirithe
('go háirid' a déarfadh seisean mar fhear Chonamara).
- Thug sé ionsparáid dona lán feachtas ar son na Gaeilge agus shaothraigh ar
son Éire aontaithe agus Gaelach (ar aon líne le dearcadh an IRA / Óglaigh
na hÉireann)
- Critic ar nua-litríocht, litríocht na Gaeilge ach go h-áirithe.
Saothar a foilsíodh lena bheo:
- Cré na cille (molta mar ábhar-le-h-aistriú i liosta de chuid UNESCO,
agus tá leagan Ioruaise ann cheana), 1949, 1965, 1970
- Idir shúgradh agus dáiríre agus scéalta eile (gearrscéalta)
- An braon broghach (gearrscéalta)
- Cois caoláire (gearrscéalta)
- An tsraith ar lár (gearrscéalta)
- An tsraith dhá tógáil (gearrscéalta)
- Páipéir bhána agus páipéir bhreaca (a uacht mar scríbhneoir)
- Paimphléid ar chúrsaí reatha agus pholaitíocht, ar thodhchaí na
Gaeilge, ar mheath na Gaeilge, altanna sa Ghearmáinis ar litríocht na
hÉireann (in Kindlers Literatur Lexicon)
- Altanna eile i leabhair, nuachtáin, irisí, colúin rialta (m.sh.
'Caiscín' srl, san Irish Times), a chuid féin den saothar 'Clár
litríocht na Nua-Ghaeilge'
- Gearrscéalta eile nár bailíodh sna leabhair gearrscéalta thuasluaite
- Litreacha i nuachtáin
- Ceirníní na Gaeltacht[a]: consain na Gaeilge, ceirnín vinyl agus
leabhrán a bhaineann leis
Leabharliosta dá chuid scríbhneoireachta uilig in Alan Titley, 'Máirtín
Ó Cadhain: clár saothair', lgh 49-87 agus in Siúr Bosco Costigan (i
dteannta Seáin Uí Churraoin), 'De ghlaschloich an oileáin', lgh 183-226
(agus liosta d'altanna faoi -go dtí 1986- arna liostáil ar lgh 227-252)
Aistriúcháin go Gaeilge:
- ón mBéarla: Sally Kavanagh (CJ Kickham); 'A short suit' (Lynn Doyle)
- ón mBreathnais: Tynged yr Iaith (Saunders Lewis)
- ón bhFraincis: 'La rempailleuse' (Guy de Maupassant)
- ón mBriotáinis, le cúnamh G Dourgwenu nó G Hernot: scéalta le Jakez Riou
Foilsíodh tar éis a bháis:
- An tsraith tógtha (gearrscéalta)
- As an ngéibheann (litreacha)
- Athnuachan (úrscéal)
- Ó Cadhain i bh'Feasta' (scéalta agus léirmheasanna)
- The road to Brightcity (aistriúcháin go Béarla le hEoghan Ó Tuairisc)
- Altanna agus scéalta i leabhair, nuachtáin agus irisí.
Fós gan foilsiú:
- Barbed wire (i nGaeilge)
- Destined to pass (i nGaeilge don chuid is mó)
- Bailiúchán béaloidis ar théipeanna (i nGaeilge)
- Léachtaí (a lán acu i nGaeilge)
- Nua-litríocht na hÉireann 1850-1900
- Téacsanna gramadaigh, canúna, foghraíochta, cuid acu ar théip, cuid acu
rétithe lena bhfoilsiú (Consonants of Irish, 'The vowels of Irish').
Saol:
- Muínteoir náisiúnta 1926-36 (rúnaí áitiúil INTO 1930)
- Rúnaí an Fháinne 1939
- Phós Máirín Ní Rodaigh 1945
- Aistritheoir cáipéisí dlí srl don Oireachtas 1947-56
- Colúnaí seachtanúil don Irish Times 1953-6.
- Léachtóir sa Ghaeilge i gColáiste na Tríonóide 1956, ollamh le Gaeilge
1969-70, comhalta Choláiste na Tríonóide 1970.
- Ball d'Óglaigh na hÉireann / IRA 1918-; imtheorannaíodh é tamall 1939,
agus bhí sé i gcampa géibheann an Churraigh 1940-4 (mhúin sé Gaeilge
srl dá chomhphríosúnaigh).