Leabhair eolais faoi na láimhscríbhinní i nGaeilge
Tá bailiúchán tábhachtach LSS Gaeilge i gColáiste na Tríonóide.
Leis an chuid is mó de sheantéacsanna na Gaeilge a léamh níor ghá na
LSS a scrúdú áfach. Tá siad i gcló in áit éigin.
De ghnáth is féidir leat fháil amach:
cé h-iad na téacsanna atá i gcló, agus
ar cén ceann díobh a bhfuil aistriúchán ar fáil (más go Béarla, Fraincis nó
Gearmánais) agus altanna a scríobhadh futhu,
sna leabhair seo leanas:
- Robert Irvine Best, Bibliography of Irish philology and printed Irish
literature (Baile Átha Cliath: Leabharlann Náisiúnta na h-Éireann / HMSO / Brún
agus Ó Nualláin, 1913; athchló Baile Átha Cliath: Instiúid Ard-Léinn, 1992)
- Robert Irvine Best, Bibliography of Irish philology and manuscript
literature: publications 1913-1941 (Baile Átha Cliath 1942; athchló
Baile Átha Cliath: Instiúid Ard-Léinn, 1969)
- Rolf Baumgarten, Bibliography of Irish linguistics and literature 1942-71
(Baile Átha Cliath: Instiúid Ard-Léinn, 1986). ISBN 0 901282 81 2.