Dennis King

Gallán

Seo mé i mo shuí in aice le gallán nach bhfuil seanda in aon chor. Fuair mé ón gcairéal é roinnt blianta ó shin agus chuir mise agus scata cairde ina sheasamh é ar fhearann atá agam ar oileán i bPuget Sound, siar ó dheas ó Seattle. Crainn ghiúise (Pseudotsuga menziesii le bheith cruinn, an crann is coitianta sa taobh seo tíre), atá le feiceáil sa chúlra.