arís

Meán-Ghaeilge: aridisi, arísse

Sean-Ghaeilge: afhrithissi, afhrithisi

Is ionann "afhrithissi" agus "a fhrithissi", nó "a shlí ar ais". Tá an t-ainmfhocal "frithis" déanta as "frith" (ar ais, i gcoinne) agus "éis" (rian, lorg), dhá fhocal atá beo fós sa teanga. Mar shampla: frithbhualadh, frithchléireach; d'éis, tar éis.

Tá an leagan Gàidhlig den fhocal seo níos coimeádaí ina litriú agus ina fhuaimniú araon: "a-rithist" /@r'i-is't'/.

Bhíodh foirm ar leith ag gach pearsa agus uimhir sa tSean-Ghaeilge:

Ní-tánac mo fhrithissi. Níor tháinig mé ar ais.
Do-ánac do fhrithissi. Thánaig tú ar ais.
Do-ánaic a fhrithissi. Tháinig sé ar ais.
Do-ánaic a frithissi. Tháinig sí ar ais.
Ní-táncamar ar frithissi. Níor tháinig muid ar ais.

Is féidir "friss/frith" na Sean-Ghaeilge a leanúint siar go *wriss/writ(i) na Ceiltise Insí, agus níos sia siar go dtí an fhréamh Ind-Eorpaise *wert- (cas).

Nóta ó léitheoir:

Níl de locht agam air ach amháin go mba chóir duit b'fhéidir a phointeáil amach gurb ann don fhocal udaí "frithing": is ionann "dul i bhfrithing" agus pilleadh an bealach a tháinig tú. Déarfainn go bhfuil cuid mhór de bhunbhrí an fhocail seanGhaeilge le mothú ar "frithing" i gcónaí. - Panu Höglund (26 Samhain '99)

Siar go dtí STAIR AN FHOCAIL