tada, dada

Sean-Ghaeilge: int atam

Nua-Ghaeilge Mhoch: an t-adamh, a(n) tatamh, a(n) dadamh

Tá a lán leaganacha éagsúla den fhocal beag seo a chiallaíonn "faic, rud ar bith" sna canúintí fós: "dadamh, dadaidh, dadaí" i gCúige Uladh, "tada" i gConnachta, "dad" in Albain, agus "dada" i gCúige Mumhan agus sa Chaighdeán.

Fuair an tSean-Ghaeilge "int atam" (an t-adamh) ón bhfocal Laidine "atomus", iasacht ón téarma Gréigise "atomos" (= rud nach ngearrtar, atá doroinnte), ó "a-" (= gan) + "tomos" (= gearradh), ón bhfréamh Ind-Eorpaise *tem- (gearr).

Siar go dtí STAIR AN FHOCAIL