gus

Sean-Ghaeilge: gus

Tá "gus" (= brí, fuinneamh: "níl aon ghus sa scraiste sin") le fáil sna h-ainmneacha Sean-Gaeilge "Fergus" (= fear-ghus, gus fir) agus Oengus (= aon ghus). Is leathbhreac de "Fergus" é an t-ainm Breatnaise "Gwrgwst", agus dealraíonn sé gur tháinig "gus" agus "gwst" ón bhfocal Comh-Cheiltise *gustus, atá gaolmhar leis an bhfocal Laidine "gustus" (= blas). Tháinig na focail seo ó *gus-tu- na hInd-Eorpaise, ón bhfréamh *geus- (blais, roghnaigh). Shíolraigh "choice" agus "gusto" ón bhfréamh chéanna.

Siar go dtí STAIR AN FHOCAIL