anois

Nua-Ghaeilge Chlasaiceach: a-nois, a-nosa

Sean-Ghaeilge: indosa, indossa

Is ionann "indossa" agus "ind fhoss sa", nó "an stad seo". "Stad, stop, cónaí" an chiall atá leis an ainmfhocal "foss". Tá an focal "fois" (= scíth, sos, suaimhneas) beo fós i nGaeilge na hAlban, agus tá "fos" againn mar fhocal liteartha in abairtí ar nós "fos a dhéanamh" (= stad, stopadh). Tá an focal "fosadh" (= stopadh, sos) againn freisin, de réir na bhfoclóirí.

Creidtear gur tháinig "foss" agus an focal Breatnaise "gwas" (= cónaí) ó fhocal Comh-Cheiltise leis an gcruth *wos-to-, a shíolraigh ón bhfréamh Ind-Eorpaise *wes- (fan, cónaigh). Tá na focail seo gaolmhar le "was" i mBéarla.

Siar go dtí STAIR AN FHOCAIL