muin

Sean-Ghaeilge: muin

Tháinig "muin" (an chuid uachtarach den droim idir an dá shlinneán, ar dtús) agus an focal Breatnaise "mw^n" (= muineál, coiléar) ón bhfocal Ind-Eorpaise *mon- (muineál, cúl an mhuiníl). Shíolraigh roinnt focal eile i nGaeilge an lae inniu ón bhfréamh ársa sin, mar atá "muineál", "muince", agus "moing", chomh maith le "mane" i mBéarla.

Siar go dtí STAIR AN FHOCAIL