bith

Nua-Ghaeilge Chlasaiceach: bioth, bith

Sean-Ghaeilge: biuth, bith

Tá "bith" gaolmhar don fhocal Breatnaise "byd" (= domhan, bith), agus don fhocal Gaillise "bitu-", a fheictear san ainm "Bituriges" (= Ríthe an Domhain), ceann de na treibheanna Gallacha ag am Julius Caesar. Tháinig na focail seo ó *bitu- na Comh-Cheiltise, a shíolraigh ó *gwi-tu-, ón bhfréamh Ind-Eorpaise *gwei- (bheith beo). Tháinig "beo", "bia", agus "beatha" ón bhfréamh seo, chomh maith leis na focail Bhéarla "vital" agus "quick" (= beo, sa chomhfhocal "quicksilver", mar shampla).

Siar go dtí STAIR AN FHOCAIL