séan

Sean-Ghaeilge: sén

"Sonas agus séan ort!" Tháinig an focal Sean-Ghaeilge "sén" (= tuar, comhartha; ortha, briocht; ádh, rath) agus an focal Breatnaise "swyn" (= ortha; draíocht) ón bhfocal Laidine "signum" (= comhartha; bratach a théann ar cheann an trúpa). Tháinig an focal seo ó *sekw-no-, ón bhfréamh Ind-Eorpaise *sekw- (lean). Tháinig "sequel" agus "sequence" ón bhfréamh chéanna.

Siar go dtí STAIR AN FHOCAIL