nós

Meán-Ghaeilge: nós

Fuarthas "nós" ar iasacht ó na Briotanaigh de réir dealraimh, am éigin sa mheánaois luath, ó fhocal cosúil leis an bhfocal Breatnaise "naws" (= nádúr, aigne, meon). Tá "naws" (nó "gnaws") gaolmhar don fhocal Gaeilge "gnas" (= nós, béas, rud atá gnách), agus is dócha gur tháinig siad ón bhfréamh Ind-Eorpaise *gnô- (fios a bheith ag duine). Is ón bhfréamh seo a tháinig "know" agus "gnosis".

Siar go dtí STAIR AN FHOCAIL