ná
Nua-Ghaeilge Chlasaiceach: ioná, ionás
Meán-Ghaeilge: andás, indás, indá, inná
Sean-Ghaeilge: indaas, indás
"... ol nípo móo a gress dó indaas do Ultaib olchenae"
(... óir ní ba mhó a mhasla dó ná do na hUltaigh eile)Is éard atá san fhocal Sean-Ghaeilge "indaas" ná cumasc de 'ind' (an t-alt tabharthach uatha neodrach) + 'n' (mír choibhneasta) + 'taas' (foirm choibhneasta an bhriathair "at-tá" (= tá). "Than what it is" an bhrí a bhí leis ar dtús.
Tháinig an briathar "at-tá" ó *ad-(s)tâ- (= seas suas, seas in aice) san Ind-Eorpais, ón bhfréamh *stâ- (seas) móide an réimír *ad- (do, ag). Tháinig "stand" agus "static" ón bhfréamh *stâ- freisin.
Siar go dtí STAIR AN FHOCAIL