feasta

Meán-Ghaeilge: ifechtsa, fechtsa, ifesta, festa

Sean-Ghaeilge: in fecht sa

Is ionann "in fecht sa" agus "an turas seo, an t-am seo, anois". D'athraigh idir chruth agus bhrí na bhfocal de réir a chéile le himeacht aimsire. Tá an focal simplí "feacht" sa teanga fós mar fhocal liteartha.

Tháinig "fecht" agus an focal Breatnaise "gwaith" (= obair) ó * wekto- nó *wektâ- sa Chomh-Cheiltis, a shíolraigh ón bhfréamh Ind-Eorpaise *wegh- (téigh, iompair i bhfeithicil). Tá na focail seo gaolmhar le "way" agus "wag(g)on" i mBéarla, agus le "via" i Laidin.

Siar go dtí STAIR AN FHOCAIL