coinín

Níl stair fhada sa Ghaeilge ag an bhfocal seo, agus is dócha go bhfuil sinsearacht mheasctha aige, leath-Ghaelach agus leath-Ghallda. Ar láimh amháin, is féidir "cú" a dhíspeagadh mar "coinín" (= cú beag; cf. "con" sna focail "Conán", "na gcon", etc.), agus ar an láimh eile, bhíodh na focail "cunin", "konyne", "coning" agus "coni" in úsáid sa Mheán-Bhéarla (agus "coney" nó "cony" i mBéarla an lae inniu, cé nach gnáthfhocal anois é, ó ghlac "rabbit" a áit).

Maidir leis na focail Mheán-Bhéarla, is ón tSean-Fhraincis "conin, connin, conil" a tháinig siad, ón bhfocal Laidine "cuniculus" (= coinín). Is féidir gur tháinig an focal seo ó fhocal Laidine eile, "cunnus", a chiallaíonn "pit" ("truaill" nó "clúdach" i dtosach), ó *kut-no-, ón bhfréamh Ind-Eorpaise *(s)keu- (clúdaigh, cuir i bhfolach).

Siar go dtí STAIR AN FHOCAIL