préachán

Sean-Ghaeilge: préchán

Má thosaíonn focal Gaeilge leis an litir 'p', is rídhócha gur iasacht atá ann, mar ní raibh an fhuaim /p/ sa Ghaeilge Ársa ar chor ar bith. Tugadh an fhóinéim /p/ isteach sa teanga in éineacht le iasachtaí ón Laidin ar nós "pobal" < "populus", "póg" < "pacem", agus "proinn" < "prandium". An chiall a bhí le "préchán" ar dtús ná "éan creiche", .i. seabhac, badhbh, fiach, etc. Dealraíonn sé go bhfuil baint aige leis an bhfocal Laidine "praesagus" (= fáistineach; a bhfuil baint aige le tuar is tairngreacht; cf. "presage"), focal a fhaightear sa téarma "(avis) praesaga" (= éan míshéanmhar) i Laidin Mheánaoiseach. Níl na céimeanna idir "praesaga" agus "préchán" an-soilléir, áfach. Foirceann an-choitianta is ea "-án", ar ndóigh.

Siar go dtí STAIR AN FHOCAIL