saoi

Sean-Ghaeilge: suí

Tháinig "suí" (fear léannta) ó *su-wid-s, ó na fréamhacha Ind-Eorpaise *su- (maith, so-) agus *weid- (feic; aithin). Tá comhdhéanamh an fhocail seo ar aon dul le "duí" (daoi, duine dúr aineolach) ó *du-wid-s, agus le "druí" (draoi), ó *dru-wid-s. Is cosúil go bhfuil an focal Breatnaise "syw" (= álainn, ar fheabhas; críonna) gaolmhar do "saoi".

Siar go dtí STAIR AN FHOCAIL