deoraí

Nua-Ghaeilge Chlasaiceach: deóra

Sean-Ghaeilge: deorad, deoraid

"Deoraí", "strainséir", nó "eisreachtaí" an chiall a bhí le "deorad" i ré na Sean-Ghaeilge. Baineadh úsáid as mar théarma dlí: mura raibh duine ina "aurrad" (= urra, saorfhear, ball saor den tuath), bhí sé ina "dheorad".

Is féidir "deorad" a anailísiú mar "di-fo-rath", is é sin, "nach bhfuil faoi rath". Is ionann "rath" sa chás seo agus earraí agus airnéis a fuair céile (.i. duine i gcéilsine, "client") óna fhlaith. Tháinig "rath" (= deontas, bronntanas; grásta) agus an focal Breatnaise "rhad" (= grásta, beannacht) ó *ratom (= rud a bhronntar), focal Comh-Cheiltise a tháinig ón Ind-Eorpais *pra-to- (= bronnta), ón bhfréamh *per- (díol, tabhair do, bronn). Díorthaíodh na focail "price", "precious", agus "porn" (ón bhriathar Gréigise "pernanai" = "díol") ón bhfréamh chéanna.

Siar go dtí STAIR AN FHOCAIL