“Plant”

De ghnáth is ionann iad "plant" an Bhéarla agus "planda" na Gaeilge más eadh go bhfuiltear ag tagairt don rud sin ar gnáthchiall é leis an fhocal Béarla, is é sin, fás nádúrtha a eascraigheanns as síol, agus duilleoga air.

Gabhann ciall eile leis an fhocal Béarla áfach, agus ba mhaith liom gan "planda" na Gaeilge a fheiceáilt á úsáid chun an chiall seo a aistriú. "Industrial plant" atá i gceist anseo. Tá a fhios ag bunús mór na ndaoiní nach as a stuaim féin a fhásanns na h-"industrial plants" as an ithir - bíonn gádh le scaiftí d'oibrithe chun a leithéid a chur ar bun, agus chan as síol a thigeanns sé ach as coincréid is miotal. Ní "planda" atá ann ach...GLÉASRA. Má bhailímid in áit amháin is fá dhíon amháin achan ghléas ar gádh leis chun earra áithrid a tháirgeadh go tionsclaíoch, is é sin, an t-uafás de a dhénamh sna sraitheanna móra comhchosúla - má bhailímid i bhfoirgneamh amháin na gléasanna atá de dhíth orainn sin a dhéanamh, nach rud an-fhollasach é agus intuigthe ag an amadán féin gur GLÉASRA a bheirthear air sin?

Panu Höglund

1996-05-29 CPD