An saorbhriathar - achoimre

Tá a fhios go seoigh agam go bhfuil mé tar éis sibh uilig a fhágáilt bréan tuirsithe leis an tseanphort chéadna go deo deo, ach ar ais nó ar éigin cuirfidh mé ar imeall na halltachta sibh iarracht eile, mura miste, nó fiú más miste féin.

Mar a d'úirt mé libh ar Ghaelic-L céad míle uair is fiche cheana féin, chan faí chéasta nó "passive voice" atá i saorbhriathar na Gaeilge. Leis an ghníomhaí a cheilt a bhainimid úsáid as an tsaorbhriathar, - is ionann "tógfar teach ansin" agus "they will build a house there" agus an "they" neamhphearsanta éiginnte atá i gceist agus a bhí ag an té a chum an t-amhrán "they're coming to take me away ha-ha". Chan abórfainn as Gaeilge "*thigtear ag Rúnseirbhís na Rúise le mé a ghabháil", agus chan abórfainn as Béarla "*they are coming by the Russian Secret Service to take me away" - tá sé comh seafóideach as Béarla agus atá sé as Gaeilge.

Ar ndóighe tuigim go maith cás an té atá ag streachailt le habairt Béarla ar nós "the soldier who was killed by the officer". Thig na cathuithe láidre ort an fhaí chéasta Béarla a aistriú leis an fhaí chéasta Gaeilge: an saighdiúir a bhí á mharú ag an oifigeach. Chan ionann an dá rud seo áfach, ós rud é go bhfuil an t-aistriú trialach seo ag tabhairt le tuigbheáil go dteachaidh den oifigeach chruálach an saighdiúir bocht a mharú dá dhúthrachtaí a bhí sé ag iarraidh.

Sa bhunleagan Béarla d'éirigh leis an bhithiúnach udaí a dhrochghníomh a chur i gcrích gan dabht gan amhras. Anois b'éasca go leor é an gnáthbhotún a athdhéanamh agus an saorbhriathar "maraíodh" a nascadh leis an "ag-"ghníomhaí, mar a ghníthear go rómhinic ar na hirisí inniu. Chan fhuil neart air áfach nach bhfuil an úsáid seo le fáil ag aon údar Gaeltachta dár léigh mé - ó Pheig go dtí Séamus "Máire", ó Sheán Bán go dtí an t-iarGharda Páid Ó Súilleabháin. Deir Seán Ó Súilleabháin ar "Stair na Gaeilge" gur "tearc" a chluintear a leithéid taobh amuigh de chomhthéacsanna foirmiúla na véarsaíochta nó na scéalaíochta, agus is éadócha dar leis theacht trasna ar a leithéid i sean-ghnáthchaint mhaith na Gaeltachta Muimhní féin. Más eadh, sílim go mba chóir an úsáid seo a sheachnadh.

Cad é mar a aistreochas muid ár sampla áfach? "An saighdiúir a mharaigh an t-oifigeach"? Ceart go leor, ach cé hé an té a mharaigh an duine eile agus cé hé a maraíodh?

Tá aon bhealach amach ann a chuireanns ar ár gcumas an fhaí ghníomhach a chur in ionad na faí céasta gan an t-aistriúchán a fhágáilt doiléir débhríoch: is féidir cuspóir an chlásail choibhneasta a scríobh amach agus clásal coibhneasta indíreach a chur in áit an chlásail dírigh:

...an saighdiúir ar (AR!! seachas "a"!!!) mharaigh an t-oifigeach é (É!).

Tá sé comh simplí sin, a chairde!

An té a bhfuil eolas aige ar an Ghaeilge Chlasaicigh, tá a fhios aige áfach gur féidir gníomhaí an tsaorbhriathair a chur in umhail le réamhfhocal simplí de réir chaighdeán na Gaeilge Clasaicí - de réir an Chirt, mar a gheibhthear air - ach amháin gurb é "LE" an réamhfhocal seo.

Is fíor é go bhfuil blas doleigheasta seanársaíochta ar leithéidí "an saighdiúir a maraíodh leis an oifigeach" ach caithfear a aidmheáil nach bhfuil úsáid seo an "le" comh marbh sin go fóill agus a d'fhéadfadh a bheith. Más toisc measartha neamhnithiúil teibí atá sa ghníomhaí, agus sinn eadar dhá chomhairle cé acu gníomhaí nó ionstraim an ghnímh atá i gceist, thigtear ar "le" go fóill i nGaeilge scríofa na bhfíorGhael: "buaileadh le galar marfach é", "scoilteadh an spéir le soilse". (An dara sampla a chonaic mé ag Séamus "Máire" más buan mo chuimhne.)

Panu Höglund

1996-05-29 CPD