“Up-to-date” as Gaeilge

Is minic a bhaintear úsáid as cruinnaistriúchán "up to date" an Bhéarla sa Ghaeilge. Caithfidh mé a rádh áfach nach bhfuil mé róshásta lena leithéid, ós rud é go bhfuil leaganacha níos Gaelaí ar fáil i saothair scríbhneoirí na Gaeltachta. Tá a leithéid de ghlacadh forleathan le "suas chun dáta" inniu i nGaeilge na bpáipéar is na n-irisí agus nach bhfuil mé cinnte an rachfaidh sé againn ariamh an t-uafás seo a ruaigeadh as an Ghaeilge bheo, ach cibé scéal é is dóichí ná a mhalairt go bhfuil a lán Gael amuigh ansin agus sibh rugtha fonnmhar cromadh ar ais ar na seanleaganacha fíorGhaelacha a chleachtadh má tá teacht orthu.

I dtús báire chan fhuil fonn ar bith orm leas, nó míleas, a bhaint as an athaistriúchán "suas CHUN..." agus a fhios agam go rómhaith go bhfuil "suas LE..." seanbhunaithe i nGaeilge mhaith na seanchainteoirí cheana féin. Nuair a bhí Páid Ó Súilleabháin ina Gharda, bhí sé de dhualgas air dialann na beairice a choinneáil suas LE dáta, mar a léimid ina leabhar "Ag Coimeád na Síochána". Seanchainteoir maith Ghaeilge Chorca Dhuibhne ab eadh é, agus Gaeilge i bhfad níos fearr aige ná ag breacGhaeilgeoirí na n-irisí inniu. Ba chóir daoibh uilig a leabhar a léamh, agus stad de scéilíní drochmhagaidh fá na póilíní a insint go ceann tamaill.

Ar ndóighe, tá leagan níos Gaelaí le fáil fós: "bord ar bhord". Ní féidir an teilgean sin a úsáid áfach, go bhfios domh, gan a chur leis céard leis a bhfuilimid donár gcoinneáil "up to date": mar shampla, thig linn bheith bord ar bhord leis an aimsir, leis na forbairtí úra, agus araile.

Dála an scéil: is é "nuashonraigh - nuashonrú" an leagan Gaelach a bheireanns Íosóld Ní Dheirg dúinn i d-"Téarmaí Leabharlainne" chun "to update" a aistriú. Is maith an focal é, ach ba mhaith liom "leasaigh", "athleasaigh" agus "cuir in atheagar" fosta. "Revised and constantly updated" = "arna athleasú agus á chur in atheagar gan stad gan staonadh".

Panu Höglund, 1996-12-18


I.S.

When I wrote for "Ceartúchán na nGnáthbhotún" the note about better ways to translate "up to date" than the word-for-word translation, Vincent Morley made me aware of the variant "COTHROM LE DÁTA" which he had found somewhere. I checked in the O Donaill, and found it there too. So please note: "up to date" is:

suas LE dáta (not "chun")
bord ar bhord leis an aimsir
or
cothrom le dáta.

Panu, 1997-05-15
1996-12-18 CPD