Date: Fri, 22 Mar 1996 22:45:28 +0000 Sender: Gaelic Language Bulletin Board From: Stuart O Seanoir Subject: Scannán Gaeilge ar fístéip ---------------"ÍOSA"----------------------- Chuir duine éigin ceist faoi scannáin i nGaeilge. Tá ceann eile ar fáil le cupla seachtaine anuas. Tá scannán ar fis/téip de "Íosa" ar fáil anois. Beatha Íosa Críost de réir Soiscéal Lúcáis atá ann. Canúint Chonamara a labhartar ann. DÁILEOIRÍ: Cumann Náisiúnta Bhíobla na h-Éireann, 41 Sráid Dáson, Baile Átha Cliath 2; tel 353-1-677 3272; praghas IR£29.99 (+postas). Breis eolais ar Ghaelú an scannáin (a bhí ar fáil i 300 teangacha eile cheana féin) le fáil ó: Roy Rohu, 2 Bóthar na Duimhche, Baile Átha Cliath 4; tel 353-1-668 8273 (tráthnóna agus deireadh seachtaine). Níl sé ar an ngréasán. Bhí mé amhrasach faoi chostais an tionscnamh seo nuair a h-iarradh orm, trí bliana ó sin, cabhrú leis. Tá sé ar an saol anois; tá éacht déanta ag an gcoiste riartha agus moladh mór ag dul do na h-aisteoiri ghaelacha (a bhfuil a nguth le cloisteáil) agus do lucht sionchroiniú('dubbing') agus lucht teicnice eile. An ndéanfar leagan Gàidhlige amach anseo? Stuart ÓSeanóir Leabharlann Choláiste na Tríonóide sosenoir@tcd.ie; nó ag baile: stuartos@iol.ie ========================================================================= Date: Fri, 19 Jul 1996 20:13:03 -0400 Sender: Gaelic Language Bulletin Board From: Ciaran O hAgain <100676.3711@COMPUSERVE.COM> [...] Ta cupla fisteip le fail sa Siopa Leabhar / Gael Linn. Thainig 'Iosa' amach cupla mi o shoin (IR 29.95, 120'), agus nil se ro-dhona ar chor ar bith =========================================================================