Áigh!

Chuaigh Sasanach chuig dochtúir Éireannach.

Deir sé: " A Dhochtúir, caithfidh tú cuidiú liom! Tá pian orm i ngach áit!"

Deir an dochtúir: "Taispeáin dom. Cá bhfuil sé nimhneach?"

Deir an fear: "Chuile áit! Féach!"

... agus thosaigh sé a mhéar a bhrú:

... ar a rúitín, "Áigh!"

... ar a ghlúin, "Áigh!"

... ar a chromán, " Áí, tá sé frithir!"

... ar a mhuineál, " Áigh... a Dhia!!"

Deir an dochtuir: "Gabh mo leithscéal; an Sasanach thú?"

Deir an fear: "'Sea. Cén fáth a bhfuil tú ag fiafraí?"

Deir an dochtúir: "Mar níl ort ach gearradh beag ar do mhéar."

 
1997-10-06 CPD