Ag Gabháil go dtí an Astráil

Bhí fear ag iarraidh gabháil ar imirce chun na hAstráile. Chuaigh sé go dtí Oifig Inimirce na hAstráile, agus d'innis sé a rún le hoifigeach a bhí ann.

"Caithfidh mé roinnt ceisteanna a chur ort", arsa an t-oifigeach.

"Maith go leor. Scaoil amach iad", arsa mo dhuine.

"Ar dtús, ar cuireadh an dlighe ort ariamh? An bhfuil teist choireamhal agat?" adeir sé.

"Muise", arsa mo dhuine, "an bhfuil sé sin riachtanach go fóill?"

 
1996-03-26 CPD