An Bhean Singil

Baile Átha Cliath. Lár na Cathrach sa bhliain 1901. D'éirigh Máire Bean Uí Mhurchú go luath agus díreach léi chuig seomra a hiníne.

"Cad a cheap tú faoin bhfear nua aréir a stóirín?" ar sise.

"Oh a Mhamaí, nílim cinnte. Tá sé deas go leor i slí amháin, ach i slí eile, nílim cinnte" arsa Úna.

"Bhuel tá post aige, tá airgead aige, tá sé mór, óg, singil agus tá cuma an-deas air" arsa a Mamaí.

"Tá an ceart agat is dócha, a Mhamaí, ach ag an am céanna, tá eolas aige ar a lán amhrán driúisiúil. Gach amhrán salach, pornograificeach ar domhain. Tá gach bhéarsa de gach droch-amhrán ar eolas aige."

Chuir sé seo isteach ar Mhamaí. "Agus an raibh sé ag canadh na n-amhrán sin nuair a bhí sé amuigh leatsa ?"

"Ní raibh - ach bhí siad á bhfeadaíl aige!"

 
1999-05-05 CPD