Bhí fear ann a raibh mac sé bliana déag d'aois aige, agus ba mhian leis an mac seo an carr a thiomáint.
Deir an mac: "A Athair. Tá mé sé bliana déag d'aois anois. An ligfidh tú dom tiomáint?
Deir an t-athair: "B'fhéidir dá mbeifeá sásta do sheomra a choinneáil glan.
"Ach a Athair" arsa an buachaill. " Féach mo sheomra. Tá sé gan smál."
... agus bhí.
Deir an t-athair: "Bhuel... b'fhéidir, dá mbeadh do chuid marcanna ar scoil níos fearr.
"Cad é seo!!" arsa an mac. "Féach ar mo thuairisc scoile dheireanach."
...agus bhí 'A' aige i ngach ábhar.
Deir an t-athair: "Hmmph! Bhuel, b'fhéidir dá mbearrfá do chuid gruaige.
"Bearr mo chuid gruaige!" arsa an mac. "Cad faoi Íosa! agus Maois! agus Naomh Pádraig! Bhí a gcuid gruaige fada!!!"
Deir an t-athair: "Sea.. agus shiúlaidís chuile áit!!"