Bhí uachtaráin na ngrúdlanna is mó sa domhan ag freastal ar comhdháil i Londain. Cinneann siad ar dhul amach i gcomhair beoir.
Deir uachtarán Chorona: "Corona led thoil. 'Sí an bheoir is fearr sa domhan í!"
... agus thug an freastalaí beáir Corona dó (an buidéal fuar ach smúrach).
Deir uachtarán Bhudweiser: "Budweiser led thoil. 'Sí an beoir is fearr sa domhan í! Rí na mbeoracha!"
... agus thug an freastalaí beáir Budweiser dó.
Deir uachtarán Choors: "Coors, led thoil. 'Sí an beoir is fearr sa domhan í! Déantar as 'Pure Rocky Mountain Spring Water í!"
... agus thug an freastalaí beáir Coors dó.
Deir uachtarán Ghuinness: "Cóc, led thoil."
Chuir sé seo mearbhall ar na huachtaráin eile.
Deir siad: "Cén fáth nach n-ólann tú Guinness?"
Deir uachtarán Ghuinness: "Ó nach bhfuil sibhse ag ól beorach, ní bheidh mise ach oiread."