Bhí seanbhean ina suí ar bhinse i bpáirc i Moscó, ag léamh "Teach Yourself Irish". Thug péas a bhí ag dul thar bráid an teideal faoi deara, agus chinn sé ar í a chiapadh.
"Cén fáth a bhfuil tú á léamh sin?" a bhéic sé uirthi.
"Táim sean," a deir sí, "agus gheobhaidh mé bás roimh i bhfad. Ba mhaith liom a bheith réidh, so tá mé ag foghlaim teanga na bhflaitheas."
"Bhuel," a deir an péas, "an bhfuil tú cinnte dearfa gur ar neamh a bheas tú ag dul?"
"Déanta na fírinne, níl mé cinnte ar chor ar bith, ach is cuma. Tá Rúisis agam cheana féin."