An Frog

Bhí seanduine ceannliath crom ag siúlóid ar thaobh an bhóthair lá amháin. Léim frog mór glas os a chomhair amach de phreab agus dúirt:

"Ma phógann tú mé, claochlofar go spéirbhean álainn mé, agus m'fhocal duit go lúifidh mé leat chuile lá gan teip go ceann do shaoil."

Chrom an seanfhear anuas, thóg sé an frog, chuir ina phoca e, agus lean se air síos an bóthar.

"Nach bpógfaidh tú mé?" a dúirt an frog. "Sasóidh mé do mhianta go léir! Ní bheidh aiféala ort!"

"San aois a bhfuil mé," a dúirt an seanfhear, "b'fhearr liom frog cainteach a bheith agam."

Denis King
 
1997-11-19 CPD