An Geall

Chuaigh Tadhg Ó Bánasa as Corca Dorcha isteach i dteach tábhairne sa gcathair, agus dúirt sé leis an óstóir,

"Cuirfidh mé deich bpunt leat gur féidir liom greim fiacla a bhreith ar mo shúil dheas."

"Ceart go leor," a deir an t-óstóir.

Leis sin, bhain Tadhg a shúil ghloine amach agus chuir sé idir a chuid fiacla í.

Tamall ina dhiaidh sin, d'iompaigh sé chun an óstóra arís:

"Cuirfidh mé geall leat gur féidir liom greim fiacla a bhreith ar mo shúil eile."

Rinne an t-óstóir smaoineamh agus dúirt se leis féin nárbh fhéidir go raibh an dara súil ghloine ag an bhfear seo, mar ní raibh sé á iompar féin mar dhall ar chor ar bith.

"Ceart go leor," a deir an t-óstóir.

Céard a rinne mo dhuine ansin ach a chuid fiacla bréige a bhaint amach agus greim a bhreith ar a shúil eile.

Níos faide anonn san oíche, chuir Tadhg Ó Bánasa caint ar an óstóir uair amháin eile:

"Tabharfaidh mé seans duit do chuid airgid a fháil ar ais. Cuirfidh mé an ghloine seo ar an mbeár agus múnfaidh mé isteach inti ón taobh eile den líne úd thall."

Chúlaigh Tadhg agus . . . theip air go hiomlán an marc a aimsiú. Bhí an t-óstóir sna trithí gáire. D'fhiafraigh sé de Thadhg bocht cén fáth ar chuir sé geall chomh hamaideach.

"An bhfeiceann tú na fir úd thall? Chuir mise céad punt leo go múnfainn ar do bheár agus go ndéanfá gáire croíúil."

 
1995-07-22 CPD