Ingearan

Bhí ingearan (nó heileacaptar, más fearr leat) ag eitilt thar Seattle inné nuair a tháinig locht ar an chóras leictreach ann a d'fhag gan raidió nó córas stiúrtha é. De thairbhe ceo a bhí fan chathair ag an am, ní thiocfadh leis an píolota an ait ina raibh sé a dhéanamh amach, ná an treo ina raibh an aerphort.

Chonaic sé foirgneamh ard, agus dhruid sé leis. Tharraing sé comhartha ar a raibh scríofa "Cá bhfuil mé?" agus chroch amach ar an fhuinneog é. Chonaic na daoine san fhoirgneamh an chomhartha, agus go gasta, scríobh siad amach comhartha ar a raibh scríofa: "Tá tú in Ingearan" agus chroch siad amach ar an fhuinneog é.

Rinne an píolota mionghaire, chroith sé a lamh leo, d'amharc sé ar a léarscáil, agus dhírigh sé an ingearan ar chúrsa díreach go aerphort SEATAC, ait ar thuirling sé slán.

Ar theacht slán dóibh, d'fhiafraigh an chó-phíolota don phíolta conas a d'éirigh leis an ait ina raibh sé a dhéanamh amach ó chomhartha le "Tá tú in Ingearan" scríofa air.

"Go héascaí," ar seisean, "Bhí a fhios agam gur foirgneamh Microsoft a bhí ann, mar dála na línte gutháin cuidithe atá acu, thug siad freagra dom a bhí beacht go teicniúil, ach go hiomlán gan úsáid"

 
1997-05-20 CPD