Dhá Mhíorúilt

Fainic!
Tá an dá scéal grinn thíos i mBAD TASTE (bíodh nach bhfuil aon ghnéas iontu, ar a laghad).

Tá fógra faighte agat...

Tugadh an cláiríneach seo chuig Lourdes in aghaidh a thola. Dheonaigh sé a dhul isteach san uisce faoi dheireadh, ar chuntar go bhfanfadh sé ina chathaoir rothaí. Bhí chuile dhuine ag fanacht le míorúilt. Ar theacht amach dó, bhí loinnir ina aghaidh. Scairt sé le lúcháir, agus é ag gluaiseacht faoi lánluas, "Tá rothaí nua agam! Tá rothaí nua agam!"
1996: Tagann Íosa ar ais inár measc. Tá a fhios aige gur amhrasach an ghlúin í seo. Beartaíonn sé ar míorúilt bheag a dhéanamh lena stádas mar Mhac Dé a chruthú. Tá loch in aice láimhe. Siúlann sé amach ar an uisce. Teipeann air! Téann sé síos! "Damnú!" a deir sé. "Dhearmad mé gur tholl siad mo chosa."
 
1996-04-13 CPD