(Scéal grinn ón Astráil)
Téann fear isteach sa seomra leapa agus caora faoina ascaill leis.
"A chroí," a deir sé, "seo an mhuc a mbuailim craiceann léi nuair a bhíonn tinneas cinn ort."
Tá a bhean ina luí ar an leaba agus deir sí "Bíodh a fhios agat gur caora í sin, a phleota."
"Bíodh a fhios agat nach leatsa a bhí mé ag caint," a deir seisean.
Denis King
Aguisín (scéal fíor an turas seo!)
Chuir sé sin i gcuimhne dom an t-am a bhí obair shamhraidh agam i Londain nuair a bhí mé i mo mhac léinn. Bhí mé ag stopadh le deirfiúir m'athar, a raibh léas aici ar arásán in aice le Marble Arch, ceantar saibhir ard-nósach sa West End. Ar an oíche seo, chuaidh mé go dtí ceolchoirm ceoil clasaicigh san Albert Hall, agus shiúil mé ar ais ina diaidh fríd Hyde Park - astar thart fá míle go leith, mar tá an pháirc sin ollmhór. Bhí deise bhreá orm, ach bhí mé ag féachaint leis an orgán béil a fhoghlaim ag an am sin agus rinne mé mo dhícheall ar port Albanach le linn dom a bheith ag siúil. Rith madadh beag geal chugam as na craobhacha sa leathdhorchadas, é ag tafann go fíochmhar timpeall ar mo chosa. Tháinig guth ard-nósach ó sheanbhean ghalánta, "Just ignore him. He's quite harmless", agus gach cosúlacht ann gur leis an mhadadh a bhí sí ag labhairt.
Caoimhín Ó Donnaíle