Tá sé ag maidneachan sa chlochar. Tá beirt bhan rialta ag dul don phroinnteach faoi choinne a mbricfeasta. Buaileann siad leis an máthairab ar an mbealach, agus is léir go bhfuil drochaoibh uirthi. Beannaíonn na siúracha di, ach ní fhaigheann siad ach gnúsacht mar fhreagra.
Deir bean rialta amháin lena compánach:
- Bhuel, caithfidh gur ar an taobh contráilte den leaba a d'éirigh ár máthairab inniu.
Freagraíonn an bhean rialta eile:
- Nach mbeadh sé níos fearr agus níos Gaelaí a rá gur "ar a cois chlé" a d'éirigh sí?
Freagraíonn an chéad bhean rialta:
- B'féidir gur ar a cois chlé a d'éirigh sí... ach rinne sí botún faoi thaobh na leapa freisin, mar is iad bróga an Athar Shéamais atá uirthi!