Old Holborn

Bhí fear ina chonaí i ngar dhomsa agus bhí an ghráin dearg aige ar Bhéarla a bheidh meascaí tré Ghaeilge i gcaint na ndaoine. Dhá mbeadh focal ann nach raibh Gaeilge air chumadh sé fhéin focal Gaeilge le núsáid.

Mar shampla

Calóg ÓirGold Flake
Pinta ClairseachPint of Harp

Lá amháin bhí sé ag iarraidh tobac a cheannacht sa siopa. "Old Holborn" a bhí uaidh. "Tabhair dom sean pholl dóite", a deir sé le bean an t-siopa. "Níl a leithid agam", a d'feagair sí, "ach tá cuid ag teacht isteach faoi thrathnóna. Tar ar áis ar ball agus beidh sé agam."

Lá breá gréiniúl a bhí ann agus nuair a bhí brise lón ag bean an t-siopa chuaigh sé síos go dtí an trá dí fhéin le luí ar an ngainimh. Thit sí ina coladh agus nuair a dhuisigh sí bhí sé scálta chomh dearg le gliomach i bpota. A droim ba mheasa mar ba air a bolg a bhí sí ina luí.

An trathnóna céanna tháinig fear an tobac ar ais go dtí an siopa. Bhí bean an t-siopa ag cimilt bainne ghéar ar a lámha agus a cósa mar gheall ar an méid pian a bhí uirthe ó theas na gréine.

"An bhfuir tú do shean pholl dóite?", a d'iarrfrigh mo dhuine.

Páraic Ó Cualáin

 
1996-04-15 CPD